An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Airgeadas.)

20 1958

ACHT MHÓR-IARNRÓD AN TUAISCIRT, 1958

AN SCEIDEAL.

Dréacht-Théarmaí Comhaontaithe atá le déanamh idir an tAire agus an Aireacht.

Alt 3.

1. Beidh deireadh an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1958 (dá ngairmtear “an dáta aistrithe” anseo feasta) leis an gComhaontú (dá ngairmtear “Comhaontú 1953” anseo feasta) a rinneadh idir na páirtithe sa Chomhaontú seo an 10ú lá de Lúnasa, 1953, gan dochar dá fheidhmiú i gcás tréimhsí roimh an dáta sin.

2.—Déanfar, ar an dáta aistrithe, faoi réir cibé coigeartuithe is gá de bhun Comhaontaithe 1953, sócmhainní agus dliteanais Bhord Mhór-Iarnród an Tuaiscirt (dá ngairmtear “an Bord” anseo ina dhiaidh seo), a chionroinnt idir na páirtithe de réir na míreanna ina dhiaidh seo den Chomhaontú seo.

3. Roinnfear sócmhainní an Bhoird mar leanas:

(a) aistreofar tailte, áitribh agus airnéisí (seachas airnéis dá dtagartar sna fo-mhíreanna ina dhiaidh sin den mhír seo) chun páirtí an límistéir ina bhfuil an mhaoin;

(b) roinnfear roth-dhíle iarnróid go cothrom de réir luacha idir na páirtithe, ach amháin sa mhéid go gcomhaontóidh siad ar shlí eile d'fhonn roinnt chothromasach ar an ngnóthas a áirithiú;

(c) aistreofar roth-dhíle bóthair agus tram-riain chun an Aire Tionscail agus Tráchtála;

(d) roinnfear stórais agus ábhair go cothrom de réir luacha idir na páirtithe;

(e) airnéisí nach mbeidh, díreach roimh an dáta aistrithe, sa límistéar ina mbíonn siad de ghnáth, aistreofar iad chun páirtí an límistéir ina mbíonn siad de ghnáth;

(f) airnéisí a bhíonn de ghnáth in aon roth-dhíle iarnróid rachaidh siad leis an roth-dhíle sin;

(g) déanfar aon sócmhainní eile (ach amháin iad sin lena ndéileáltar i mír 5) a roinnt go cothrom de réir luacha idir an dá pháirtí.

4.  (a) Déanfar dliteanais an Bhoird a chionroinnt go cothromasach idir na páirtithe.

(b) Folaítear sna dliteanais sin dliteanais faoi chonarthaí leanúnacha i gcás tréimhsí suas go dtí an dáta aistrithe agus i gcás tréimhsí ina dhiaidh sin ach ní folaítear iontu dliteanais lena ndéileáltar i mír 5, 6 nó 7.

(c) Déanfaidh na páirtithe cibé comhshocraíochtaí maidir le haon chonradh den sórt sin is gá chun an mhír seo a chur i bhfeidhm agus chun cearta an pháirtí eile sa chonradh a chosaint.

5. Déanfar sócmhainní agus dliteanais an Bhoird i leith Chomhchoiste Iarnród Chontae Dhún na nGall agus Chuideachta Iarnród an tSratha Bháin agus Leitir Ceanainn a aistriú chun na bpáirtithe agus cuirfidh na páirtithe de láimh iad i cibé slí ar a gcomhaontóidh siad.

6. Déanfar cearta agus oblagáidí an Bhoird i leith aon duine i bhfostaíocht an Bhoird díreach roimh an dáta aistrithe a aistriú chun páirtí an límistéir ina mbeidh cónaí ar an duine sin an tráth sin.

7. (a) Aistreofar de réir na míre seo na hoblagáidí, cibé acu dlí nó gnás is foras dóibh, atá ar an mBord maidir le haon duine lena mbaineann an mhír seo agus maidir le daoine a éilíonn de dhroim cirt aon duine den sórt sin faoi aon chiste pinsin nó foirne dá dtagartar sa Sceideal a ghabhann leis an gComhaontú seo.

(b) Déanfar oblagáidí maidir le haon duine ag a mbeidh, díreach roimh an dáta aistrithe, teideal chun sochair faoi aon chiste den sórt sin a aistriú chun páirtí an límistéir ina raibh cónaí ar an duine sin nuair tháinig sé i dteideal amhlaidh i gcéaduair.

(c) Déanfar oblagáidí maidir le haon duine a bheidh ar fostú ag an mBord díreach roimh an dáta aistrithe a aistriú chun páirtí an límistéir ina mbeidh cónaí ar an duine sin an tráth sin.

(d) Déanfar oblagáidí maidir le haon duine a bhí fostaithe cheana ag an mBord agus a aistríodh, roimh an dáta aistrithe, chun seirbhíse Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta, a aistriú chun an Aire Tionscail agus Tráchtála.

(e) Aistreofar chun an pháirtí iomchuí sa Chomhaontú seo, i gcás gach duine dá dtagartar i bhfo-mhír (b), (c) nó (d), urrúis agus airgead arb é a bheidh iontu cionúireacht chuí den méid a bheidh chun creidmheasa aon chiste den sórt sin ar an dáta aistrithe, agus a a bhainfidh leis ó cheart, arna dheimhniú ag achtúire a cheapfaidh na páirtithe i gcomhar le chéile.

8. Comhaontaítear go bhféadfaidh Córas Iompair Éireann nó, a mhéid a ordóidh an tAire é, Oibreacha Innealtóireachta Dhún Dealgan Teoranta cearta agus oblagáidí an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi na míreanna roimhe seo den Chomhaontú seo a fheidhmiú agus a chomhlíonadh agus go bhféadfaidh an Ulster Transport Authority cearta agus oblagáidí na hAireachta a fheidhmiú agus a chomhlíonadh.

An Sceideal.

1. Ciste Pinsin don Fhoirinn Pháighe.

2. Cúlchistí Chiste Phinsin na Foirne Páighe (forlíontach do Uimh. 1).

3. Ciste Coigiltis na mBan-Chléireach.

4. Ciste Blianachtaí Shaoistí Dhún Dealgan.

5. Ciste pinsin nó ciste coigiltis le haghaidh sochair fhorlíontaigh do chomhalta nó sean-chomhalta ar bith d'fhoirinn an Bhoird nó dá chleithiúnaithe.

6. Ciste Saorálach.