An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Gnóthais Airgeadais agus Daoine faoi Dhíolúine ó Cháin do Cheannach Scaireanna agus Srianta le Faoiseamh i leith Caillteanas trí Cháin a Aisíoc i gcás Díbhinní a íocadh as Brabúis Charnaithe: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.) Ar Aghaidh (CUID X. Dleachtanna Stampa.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID IX.

Cánacha a Ghnóthú agus an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, a Leasú: Cáin Ioncaim, Forcháin, agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Imeachtaí san Ard-Chúirt i leith cánacha.

54. —(1) Gan dochar d'aon tslí eile trína bhféadfar iallach a chur go n-íocfar suimeanna a bheidh dlite i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo, agairt a dhéanamh ina ainm féin san Ard-Chúirt chun aon tsuim a bheidh dlite maidir le haon cheann de na cánacha sin a ghnóthú, mar fhiach a bheidh dlite don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste, ón duine ar a mbeidh an céanna muirearaithe nó óna sheiceadóirí nó a riarthóirí, nó ó aon duine óna mbeidh an tsuim áirithe sin inbhailithe, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a muirearaíodh amhlaidh an duine a bheidh muirearaithe amhlaidh, agus féadfar na himeachtaí a thosú trí thoghairm achomair.

(2) I gcás oifigeach a thosaigh imeachtaí de bhun an ailt seo, nó a lean de na himeachtaí de bhua an fho-ailt seo, d'fháil bháis nó do scor ar aon slí eile ar aon chúis de bheith ina oifigeach údaraithe chun críocha fo-ailt (1) den alt seo—

(a) scoirfidh ceart an oifigigh sin chun leanúint de na himeachtaí agus dílseoidh an ceart chun leanúint díobh i cibé oifigeach eile a bheidh údaraithe amhlaidh agus a ainmneoidh na Coimisinéirí Ioncaim,

(b) i gcás ina n-ainmneofar oifigeach eile den tsórt sin faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh teideal aige dá réir sin chun é a chur in ionad an oifigigh chéadluaite mar pháirtí sna himeachtaí, agus

(c) i gcás ina ndéanfar oifigeach a chur amhlaidh in ionad oifigigh eile tabharfaidh sé fógra i scríbhinn don chosantóir gur cuireadh amhlaidh in ionad an oifigigh eile sin é.

(3) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine agus go bhfuil sé údaraithe acu chun críocha fo-ailt (1) de alt seo ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(4) In imeachtaí de bhun an ailt seo, beidh deimhniú arna shíniú ag Coimisinéir Ioncaim ag deimhniú na bhfioras seo a leanas, eadhon, gur scoir an gearánaí de bheith ina oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim d'údaraigh siad chun críocha fo-ailt (1) den alt seo, gur oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim duine eile, go bhfuil an duine eile sin údaraithe acu chun críocha fo-ailt (1) den alt seo agus go bhfuil sé ainmnithe acu, maidir leis na himeachtaí, chun críocha fo-ailt (2) den alt seo, ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(5) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag cigire cánach ag deimhniú an fhíorais gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach ioncaim chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun bheith críochnaitheach agus dochloíte, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag bailitheoir cánach ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gurb eisean an bailitheoir atá cuí-údaraithe chun an tsuim shonraithe sin a bhailiú, gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc agus go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite ón gcosantóir agus gan íoc aige fós,

ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(6) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag an gCléireach do na Coimisinéirí Speisialta ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith forchánach chun bheith dlite, den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun a bheith críochnaitheach agus dochloíte agus gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Chuntasóir Ioncaim ag deimhniú an fhíorais go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus iníoctha aige,

ina fhianaise nó go gcrúthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(7) In imeachtaí de bhun an ailt seo—

(a) beidh deimhniú arna shíniú ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ag deimhniú na bhfíoras seo a leanas, eadhon, gur tháinig, sular tionscnaíodh na himeachtaí, suim shonraithe i leith cánach brabús corparáide chun bheith dlite den chosantóir agus iníoctha aige faoi mheasúnacht a tháinig chun a bheith críochnaitheach agus dochloíte agus gur éilíodh go cuí ar an gcosantóir, sular tionscnaíodh na himeachtaí, an tsuim shonraithe sin a íoc, agus

(b) beidh deimhniú arna shíniú ag an Ard-Chuntasóir Ioncaim ag deimhniú an fhíorais go bhfuil an tsuim shonraithe sin nó cuid shonraithe di dlite den chosantóir agus iníoctha aige,

ina fhianaise nó go gcruthófar a mhalairt ar na fíorais sin.

(8) (a) Is foráil iomchuí den alt seo, chun críocha an fho-ailt seo, gach foráil acu seo a leanas den alt seo:

(i) fo-alt (3),

(ii) fo-alt (4),

(iii) mír (a) d'fho-alt (5),

(iv) mír (b) d'fho-alt (5),

(v) mír (a) d'fho-alt (6),

(vi) mír (b) d'fho-alt (6),

(vii) mír (a) d'fho-alt (7),

(viii) mír (b) d'fho-alt (7),

(b) In imeachtaí de bhun an ailt seo, féadfar deimhniú ag deimhniú an fhíorais nó na bhfíoras dá dtagartar i bhforáil iomchuí agus a airbheartaíonn a bheith sínithe mar shonraítear sa bhforáil sin a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag duine a shealbhaigh, tráth an tsínithe, an oifig nó an post a luafar sa deimhniú gurb í nó é oifig nó post an duine a shínigh é.

(9) Féadfar gach suim nó aon tsuim a bheidh dlite ó aon duine áirithe amháin i leith aon cheann nó níos mó de na cánacha a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a chur san aon-toghairm amháin.

(10) Beidh feidhm ag forálacha fo-ailt (2) d'alt 27 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ), maidir le himeachtaí de bhun an ailt seo fé is dá ndéarfaí i dtéarmaí na bhforálacha sin go raibh an fheidhm sin acu.

(11) Na rialacha den Ard-Chúirt a bhaineann, de thuras a huaire, le himeachtaí sibhialta a thosaítear trí thoghairm achomair, bainfidh siad, faoi réir an ailt seo, le himeachtaí de bhun an ailt seo.

Alt 7 den Acht Airgid, 1923 , a leathnú.

55. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an príomh-alt” alt 7 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ).

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) den phríomh-alt maidir le forcháin agus cáin bhrabús corparáide a ghnóthú, arna measúnú roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin, fé mar atá feidhm acu maidir le cáin ioncaim a ghnóthú.

(3) In aon chás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den phríomhalt maidir le forcháin nó cáin bhrabús corparáide a ghnóthú, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin ach “oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe acu chun críocha an fho-ailt seo” a chur in ionad “an Bailitheoir gur cóir do an tsuim nár íocadh do bhailiú.”

(4) I gcás ina bhfuil tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin bpríomh-alt in ordú a rinneadh roimh an Acht seo a rith faoi alt 12 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 ( Uimh. 25 de 1945 ), forléireofar an tagairt sin mar thagairt a fholaíonn tagairt do thobhach faoi dheimhniú arna eisiúint faoin bpríomh-alt arna leathnú leis an alt seo.

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha) 1956, a leasú.

56. —(1) San alt seo, ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956 (Uimh. 47 de 1956) .

(2) Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, déantar leis seo alt 10 den Acht a leasú mar leanas:

(a) sa mhíniú ar “bliain éilimh”, cuirfear “dheich mbliana” in ionad “chúig bliana” ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht,

(b) aon bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain sin sa mhír seo) a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus lá nach déanaí ná an 6ú lá d'Aibreán, 1969, féadfaidh sí, ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht, a bheith ina bliain éilimh tosaigh, i gcás nach í, agus nach féidir gurb í, aon bhliain mheasúnachta de na trí bliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh an bhliain a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1957, an bhliain éilimh tosaigh chun éileamh a dhéanamh agus a chruthú don bhliain sin faoi alt 12 den Acht,

(c) sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta”, cuirfear “1966” in ionad “1961” ach amháin maidir le fo-alt (10) d'alt 13 den Acht,

(d) folóidh an míniú ar “earraí”—

(i) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc, agus

(ii) muisiriúin saothraithe, a saothraíodh sa Stát, agus i gcás ina gclóifear leabhair sa Stát ag daoine seachas a bhfoilsitheoir agus go n-onnmhuireoidh a bhfoilsitheoir iad nó cuid díobh (nach cás lena mbaineann an coinníoll sa mhíniú sin), measfar chun críocha an mhínithe sin, gur sa Stát, ag a bhfoilsitheoir, a monaraíodh na leabhair.

(3) Ní thabharfar faoiseamh ó cháin ioncaim de bhua fo-ailt (2) den alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta i ndiaidh na bliana measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969.

(4) Beidh éifeacht, amhail ó dháta an Achta a rith, ag an leasú a shonraítear i mír (d) d'fho-alt (2) den alt seo, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir dáta an rite sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt dá réir sin trí aisíoc nó ar shlí eile de réir mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Acht, le héifeacht amhail ó dháta an Achta a rith, trí “comhlacht corpraithe” a chur in ionad “cuideachta”.

(6) Leasaítear leis seo alt 16 den Acht, le héifeacht amhail ón 6ú lá d'Aibreán, 1958, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (5):

“(5a) Beidh feidhm ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 ( Uimh. 18 de 1937 ), maidir le liúntas foirgníochta tionscail fé mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”