An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) Ar Aghaidh (CUID IV. Liúntais Chaiteachais agus Sochair in Earraí: Cáin Ioncaim agus Forcháin.)

25 1958

AN tACHT AIRGEADAIS, 1958

CUID III.

Dleachtanna Báis.

Srian le halt 7 (4) den Finance Act, 1894.

22. —(1) Maidir le bás a tharlóidh tar éis an tAcht seo a rith aon dleacht a thiocfaidh chun bheith incheadaithe, nó a cheadófar, i gcoinne na dleachta eastáit is iníoctha faoi dhlithe an Stáit, mar fhaoiseamh ó chánachas dúbailte de dhroim gur tháinig sí chun bheith iníoctha nó gur íocadh í faoi dhlithe aon chríche lasmuigh den Stát, ní bheidh sí incheadaithe faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894.

(2) Maidir le bás a tharla roimh an Acht seo a rith—

(a) aon dleacht a tháinig, roimh an rith sin, chun bheith incheadaithe, nó a ceadaíodh, i gcoinne na dleachta eastáit, dob iníoctha faoi dhlithe an Stáit, mar fhaoiseamh ó chánachas dúbailte, de dhroim í a bheith iníoctha nó íoctha faoi dhlithe aon chríche lasmuigh den Stát, ní bheidh sí, agus measfar nach raibh sí riamh, incheadaithe faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894, agus

(b) aon dleacht a thiocfaidh chun bheith incheadaithe, nó a cheadófar, tar éis an rith sin, i gcoinne na dleachta eastáit, is iníoctha faoi dhlithe an Stáit, mar fhaoiseamh ó chánachas dúbailte, de dhroim í a bheith iníoctha nó íoctha faoi dhlithe aon chríche lasmuigh den Stát, ní bheidh sí incheadaithe faoi fho-alt (4) d'alt 7 den Finance Act, 1894.