30 1958


Uimhir 30 de 1958.


AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE (BUANÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT CHUN AN tACHT UM RIALÚ IOMLAOIDE, 1954 , A CHOIMEÁD I nGNÍOMH. [25 Samhain, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

An tAcht um Rialú Iomlaoide, 1954 , a choimeád i ngníomh.

1954, Uimh. 30 .

1. —Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2) d'alt 2 den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 :

“(2) Fanfaidh an tAcht seo i ngníomh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1962, agus éagfaidh sé ansin.”

Gearrtheideal agus comhlua.

1954, Uimh. 30 .

2. —(1) Féadfar an tAcht um Rialú Iomlaoide (Buanú), 1958 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Rialú Iomlaoide, 1954 agus 1958, a ghairm den Acht um Rialú Iomlaoide, 1954 , agus den Acht seo le chéile.