31 1958


Uimhir 31 de 1958.


AN tACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (ORDUITHE A DHAINGNIÚ), 1958.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHAINGNIÚ AN ORDUITHE UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (EARRAÍ GRÓSAERA), 1956, AGUS AN ORDUITHE FÁN ORDÚ UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA (EARRAÍ GRÓSAERA), 1956 (LEASÚ), 1958, A RINNE AN tAIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA FAOI ALT 9 DEN ACHT UM CHLEACHTAIS SRIANTA TRÁDÁLA, 1953 . [25 Samhain, 1958.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Orduithe a dhaingniú.

1. —Daingnítear leis seo an tOrdú um Chleachtais Srianta Trádála (Earraí Grósaera), 1956 (I.R., Uimh. 332 de 1956), agus an tOrdú fán Ordú um Chleachtais Srianta Trádála (Earraí Grósaera), 1956 (Leasú), 1958 (I.R. Uimh. 163 de 1958), a rinne an tAire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 9 den Acht um Chleachtais Srianta Trádála, 1953 ( Uimh. 14 de 1953 ).

Gearrtheideal.

2. —Féadfar an tAcht um Chleachtais Srianta Trádála (Orduithe a Dhaingniú), 1958 , a ghairm den Acht seo.