|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1959) | Ar Aghaidh (CUID II. Leasuithe ar an bPríomh-Acht.) |
AN tACHT AERLOINGSEOIREACHTA AGUS AERIOMPAIR, 1959
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1936 go 1950, agus den Acht seo le chéile. | |
| [EN] |
Tosach feidhme. |
2. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin Codanna III agus IV agus an Sceideal) i ngníomh díreach ar é a rith. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh na forálacha seo a leanas den Acht seo, eadhon, Codanna III agus IV agus an Sceideal, i ngníomh cibé lá a shocrófar chuige sin le hordú ón Rialtas. | |
| [EN] |
Léiriú. |
3. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936; | |
| [EN] | ciallaíonn “Prótocol 1955 le Coinbhinsiún Warsaw” an Prótocol (a síníodh san Hág an 28 Meán Fómhair, 1955) ag leasú Coinbhinsiúin Warsaw; | |
| [EN] | tá le “Coinbhinsiún Warsaw” an bhrí chéanna atá leis sa Phríomh-Acht. |