An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM RIARADH EASTÁT, 1959) Ar Aghaidh (CUID II Cineachadh Eastáit Réadaigh ar Bhás Duine)

8 1959

AN tACHT UM RIARADH EASTÁT, 1959

CUID I

Réamhráiteach agus Ginearálta

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Riaradh Eastát, 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) (a) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin Codanna II agus III agus alt 26 i gCuid IV) i ngníomh díreach ar é a rith.

(b) Tiocfaidh Codanna II agus III agus alt 26 i gCuid IV den Acht seo i ngníomh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959.

Léiriú.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1891” an Registration of Title Act, 1891;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt agus, i gcás eastáit dhuine éagtha nuair atá dlínse ag an gCúirt Chuarda agra i leith riaradh an eastáit a éisteacht agus a chinneadh, folaíonn sé an Chúirt Chuarda;

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir bunaidh nó seiceadóir trí ionadaíocht, nó riarthóir de thuras na huaire dhuine éagtha;

ní fholaíonn “eastát réadach” airgead atá le teacht de dhroim iontaobhais i leith díol talún ná airgead atá urraithe nó muirearaithe ar thalamh;

ciallaíonn “talamh cláraithe” talamh a bhfuil an teideal chuige cláraithe faoi Acht 1891;

ciallaíonn “Clárlann na nGníomhas” an clárlann a choimeádtar faoin Registration of Deeds Act, 1707;

ciallaíonn an “Registration of Deeds Act, 1707” an reacht Éireannach réamh-Aontachta (6 Anne c. 2 (Ir.)) a ritheadh sa bhliain 1707 agus dar teideal “an Act for the Publick Registering of all Deeds, Conveyances and Wills that shall be made of any Honors, Lands, Tenements or Hereditaments”;

ciallaíonn “talamh neamhchláraithe” talamh nach bhfuil an teideal chuige cláraithe faoi Acht 1891;

folaíonn “uacht” codaisíl.

(2) San Acht seo déanfar tagairtí d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Feidhm Choda II agus Choda III den Acht.

3. —Ní bhainfidh Codanna II agus III den Acht seo le heastát aon duine a d'éag roimh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959.

Mionleasuithe agus leasuithe iarmartacha.

4. —I gcás eastáit dhaoine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, is faoi réir na mionleasuithe agus na leasuithe iarmartacha a shonraítear i gcolún (3) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a bheidh feidhm ag na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal sin.

Athghairm.

5. —I gcás eastáit dhaoine a éagfaidh an 1ú lá de Mheitheamh, 1959, nó dá éis, tá na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo arna n-athghairm an méid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.