|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 10 de 1959. | ||
[EN] |
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1959 | |
[An tiontó oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH ATHGHAIRM PHÁIRTEACH AR FHO-ALT (4) D'ALT 52 DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL, 1946 , AGUS DO LEASÚ AN ORDAITHE UM DHROICHEAD ÁTHA LUAIN, 1956. [16 Meitheamh, 1959.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— | ||
[EN] |
Athghairm pháirteach ar fho-alt (4) d'alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 . |
1. —Athghairtear leis seo na focail “Ach amháin sa chás ina mbaineann an t-ordú droichid le hAbha na Sionainne” atá i bhfo-alt (4) d'alt 52 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 (fo-alt a cuireadh isteach san alt sin le fo-alt (1) d'alt 40 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955 ). |
[EN] |
An tOrdú um Dhroichead Atha Luain, 1956, a leasú. |
2. —Beidh éifeacht ag an Ordú um Dhroichead Atha Luain, 1956, amhail agus dá scriosfaí Airteagail 2 agus 3 den Ordú sin agus go gcuirfí an tAirteagal seo a leanas in ionad Airteagail 2 : |
[EN] | “2. Déanfar athfhoirgniú ar an droichead trí réise chobhsaidh nua a chur in ionad na réise sclóna atá ann.” | |
[EN] |
Ghearrtheideal agus comhlua. |
3. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil, 1959 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1958, agus den Acht seo le chéile. |