An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Polláin.) Ar Aghaidh (CUID X. Srianta le Bradáin agus Bric a Dhíol agus a Onnmhairiú lena nDíol.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil III.

Eascanna.

An séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna.

151. —(1) San Acht seo, ciallaíonn an abairt “an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna”, maidir le háit ar bith,

(a) i gcás aon fhodhlí faoin Acht seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag socrú na tréimhse ar neamhdhleathach eascanna a iascaireacht lena linn san áit sin ar shlí seachas le slat agus ruaim, an tréimhse a bheidh socraithe amhlaidh,

(b) in aon chás eile, an tréimhse dar tosach an 11ú lá d'Eanáir in aon bhliain agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh dá éis sin.

(2) Beidh feidhm maidir le fohdlíthe a athróidh an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna ag na forálacha atá leagtha amach sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Srianta le hiascaireacht eascann le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna.

152. —(1) Gach duine a dhéanfaidh, go toiliúil le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna, eascanna a thógáil nó a iascaireacht nó cabhair nó cuidiú a thabhairt chun eascanna a thógáil nó a iascaireacht ar shlí seachas le slat agus ruaim, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh aon eascann a thóg sé amhlaidh ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Pionós mar gheall ar innill iascaireachta chun eascanna a thógáil a shuíomh, etc., i súile, etc., cora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna nó i dtrátha an lae.

153. —Má chuireann nó má chrochann duine ar bith aon inneall iascaireachta chun eascanna a thógáil i súil nó i mbearna nó i sliús-gheata aon chora iascaireachta nó damba muilinn iascaireachta—

(a) le linn an tséasúir choiscthe bhliantúil d'eascanna, nó

(b) i trátha an lae laistigh d'aon tréimhse nach é an séasúr coiscthe bliantúil d'eascanna é,

ansin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná deich scilling agus nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach innill den sórt sin a shuífear nó a chrochfar amhlaidh.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall iascaireachta a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) I gcás—

(a) ina gciontófar duine i gcion faoin alt seo, agus

(b) go gcruthófar go raibh inneall iascaireachta chun eascanna a thógáil suite nó crochta i súil nó i mbearna nó i sliús-gheata chora iascaireachta nó dhamba mhuilinn iascaireachta am áirithe, agus

(c) go gcruthófar gurbh é an duine sin áititheoir na cora iascaireachta nó an damba mhuilinn iascaireachta an t-am sin.

toimhdeofar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go raibh an t-inneall iascaireachta suite nó crochta aige amhlaidh.