An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID XIII. Iascaigh Mhara.) Ar Aghaidh (Caibidil III. Forálacha a bhaineann le hIasc Mara róbheag.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil II.

Forálacha a bhaineann le teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

Srianta le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

221. —(1) Ní dleathach d'aon bhád iascaireachta mara coigríche teacht laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit ach amháin—

(a) chun críche a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta, nó

(b) chun críche a cheadaíonn aon choinbhinsiún, conradh, nó comhshocraíocht atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus an tír ar léi an bád sin, nó

(c) chun aon chríche eile atá dleathach.

(2) Má thagann aon bhád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás an chéad chiona faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt agus (cibé acu arb é an chéad chion é nó nach ea) ordóidh an Chúirt, i gcás aon duine ar bord an bháid sin a bheith tar éis iascaireacht, nó iarracht ar iascaireacht, a dhéanamh fad a bhí an bád sin laistigh de na teorainneacha iascaigh eisiatacha sin, agus in aon chás eile féadfaidh sí a ordú, go ndéanfar aon iasc agus aon ghléas iascaireachta a gheofar ar an mbád sin a fhorghéilleadh.

Forálacha maidir le báid iascaireachta mara choigríche a theacht isteach go dleathach i dteorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

222. —(1) Má thagann aon bhád iascaireachta mara coigríche laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit—

(a) chun críche a cheadaíonn an dlí idirnáisiúnta, nó

(b) chun críche a cheadaíonn aon choinbhinsiún, conradh nó comhshocraíocht atá i bhfeidhm de thuras na huaire idir an Stát agus an tír ar léi an bád sin, nó

(c) chun aon chríche eile atá dleathach—

ansin—

(i) imeoidh an bád sin as teorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit a luaithe a bheidh friotháil déanta ar an gcuspóir a thug an bád sin isteach amhlaidh,

(ii) ní dhéanfaidh aon duine ar bord an bháid sin iascaireacht ná iarracht ar iascaireacht fad a bheidh an bád sin laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit,

(iii) comhlíonfar go cuí aon rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le dea-ordú a choinneáil idir báid iascaireachta mara choigríche a bheidh de thuras na huaire laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit agus idir na daoine a bheidh ar bord na mbád sin.

(3) Más rud é, maidir le haon bhád iascaireachta mara coigríche a bheidh tar éis teacht go dleatach laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit nó maidir leis na daoine a bheidh ar bord uirthi, go ndéanfar sarú (cibé acu trí ghníomh nó trí neamhghníomh é) ar fho-alt (1) den alt seo, ansin, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo, fíneáil nach mó ná céad punt agus (cibé acu arb é an chéad chion é nó nach ea), ordóidh an Chúirt, i gcás aon duine ar bord an bháid sin a bheith tar éis iascaireacht, nó iarracht ar iascaireacht, a dhéanamh fad a bhí an bád sin laistigh de na teorainneacha iascaigh eisiatacha sin, agus in aon chás eile féadfaidh sí a ordú, go ndéanfar aon iasc agus aon ghléas iascaireachta a gheofar ar an mbád sin a fhorghéilleadh.

Toirmeasc ar mhodhanna áirithe trálaeireachta laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

223. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le fodhlí, toirmeasc a chur (go hiomlán nó, mura rud é go gcomhlíonfar cibé coinniollacha is cuí leis an Aire a chur san fhodhlí sin, de réir mar is rogha leis an Aire agus mar a shonrófar san fhodhlí sin) ar úsáid a bhaint laistigh d'uiscí aon limistéir shonraithe (is limistéar atá laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit), i mbád ar bith nó ó bhád ar bith, nó i mbád nó ó bhád de chineál sonraithe, de réir mar a shonrófar san fhodhlí sin, as aon mhod trálaeireachta nó saighneoireachta (lena n-áirítear iascaireacht le haon chineál lín a tharraingítear feadh grinneall na farraige, cibé acu le bád ar gluaiseacht nó le haon fhearas meicniúil i mbád ar ancaire é), agus féadfar fodhlíthe éagsúla a dhéanamh maidir le cineálacha éagsúla bád agus modhanna éagsúla iascaireachta.

(2) Gach duine a ghníomhóidh nó a thabharfaidh faoi ghníomhú contrártha d'aon fhodhlí arna dhéanamh faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear, i gcás an chéad chion faoin alt seo, fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air, agus i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo fíneáil nach mó ná cúig chéad punt.

(3) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo, beidh aon ghléas iascaireachta lena ndearnadh an cion ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(4) Más rud é—

(a) go ndearnadh an tríú cion nó aon chion ina dhiaidh sin faoin alt seo ar bord an bháid chéanna, cibé acu arb é an duine céanna a chiontófar ar gach ócáid díobh nó nach é, agus

(b) go raibh an bád sin, tráth an chiona sin a dhéanamh, ar úinéireacht nó ar páirt-úinéireacht ag duine arbh é úinéir nó páirt-úinéir an bháid sin é an tráth a rinneadh na cionta roimhe sin,

féadfaidh an Chúirt, i dteannta aon phionós nó pionóis eile faoin alt seo, a ordú an bád sin a fhorghéilleadh.

(5) Aon fhodhlí a rinneadh faoin Steam Trawling (Ireland) Act, 1889, agus a bheidh, de bhua alt 46 den Acht Iascaigh (Athscrúdú an Dlí Reachtúil), 1949 ( Uimh. 27 de 1949 ), i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm, d'ainneoin athghairm an Achta dheiridh sin a luaitear agus measfar gur fodhlí arna dhéanamh faoin alt seo é.

Cionta eile maidir le báid iascaireachta mara laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit.

224. —(1) Más rud é—

(a) go bhfaighfear aon bhád iascaireachta mara lena mbaineann Chuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gan na páipéir oifigiúla a eisíodh de bhun an Achta sin i leith an bháid sin a bheith ar bord, nó

(b) go bhfaighfear aon bhád iascaireachta mara eile laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gan páipéir oifigiúla a bheith ar bord chun náisiúntacht an bháid sin a léiriú,

beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus beidh sé inphionósaithe dá réir sin.

(2) Má thagann aon bhád iascaireachta mara lena mbaineann Cuid IV den Merchant Shipping Act, 1894, laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit gan litir nó litreacha agus uimhir a bheith uirthi de réir na rialachán i dtaobh litreacha agus uimhreacha a chur ar bháid iascaireachta mara, a rinneadh faoin Acht sin agus a bhaineann leis an mbád sin, beidh máistir an bháid iascaireachta mara sin ciontach i gcion faoin alt seo agus beidh sé inphionósaithe dá réir sin.

(3) Má mhainníonn aon bhád iascaireachta mara laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit déanamh de réir na bhforálacha, i leith na soilse atá le hiompar agus le taispeáint, atá sna rialacháin chun iombualadh ar muir a chosc a rinneadh faoi alt 418 den Merchant Shipping Act, 1894, agus a bhaineann leis an mbád sin, beidh máistir an bháid sin ciontach i gcion faoin alt seo agus beidh sé imphionósaithe dá réir sin.

(4) I gcás gníomh nó neamhghníomh a bheith ina chion faoin alt seo agus fós faoin Merchant Shipping Act, 1894, féadfar an ciontóir a ionchúiseamh agus a phionósú faoin alt seo nó faoin Merchant Shipping Act, 1894.

(5) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo dlífear, ar a chiontú ann go hachomair fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.