An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil III. Forálacha a bhaineann le hIasc Mara róbheag.) Ar Aghaidh (Caibidil V. Forálacha eile maidir le hIascaigh Mhara.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

Caibidil IV.

Forálacha Foghabhálacha a bhaineann le Caibidlí II agus III de Chuid XIII.

Dliteanas máistir báid i leith cionta faoi Chaibidil II de Chuid XIII.

232. —I gcás aon chion faoi aon alt i gCaibidil II den Chuid seo a bheith déanta ag duine ar bith ar bord báid iascaireachta mara, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) measfar máistir an bháid sin, murab é an ciontóir iarbhír é, ach gan dochar do dhliteanas an chiontóra sin, a bheith ciontach sa chion sin agus féadfar an dlí a chur air dá réir;

(b) má chúisítear máistir báid amhlaidh sa chion sin a dhéanamh, is cosaint mhaith dó a chruthú—

(i) go ndearna sé a dhícheall cuí chun cosc a chur le déanamh na ngníomhartha a líomhnaítear is ábhar don chion, agus

(ii) nach é féin go pearsanta a rinne na gníomhartha a líomhnaítear is ábhar don chion sin, agus

(iii) go ndearnadh na gníomhartha sin gan a thoiliú, a chúlcheadú ná a mhainneachtain thoiliúil, agus

(iv) nuair a cúisíodh sa chion sin é gur thug sé don duine a chúisigh é gach faisnéis a bhí ar a chumas maidir leis an duine a rinne na gníomhartha sin.

Cumhachtaí speisialta ag oifigigh chosanta iascaigh mhara chun Caibidlí II agus III de Chuid XIII a chur i bhfeidhm.

233. —(1) Féadfaidh gach oifigeach cosanta iascaigh mhara, chun Caibidil II den Chuid seo nó aon ionstraim arna déanamh fúithi a chur i bhfeidhm, nó chun Caibidil III den Chuid seo nó aon ordú arna dhéanamh fúithi a chur i bhfeidhm, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh maidir le haon bhád iascaireachta mara laistigh de theorainneacha iascaigh eisiatacha an Stáit agus (faoi réir rialacha an Dlí Idirnáisiúnta) lasmuigh de na teorainneacha sin:—

(a) féadfaidh sé a ordú an bád sin a stopadh lena haithint nó le ligean dó dul ar bord;

(b) féadfaidh sé dul ar bord an bháid sin;

(c) féadfaidh sé a cheangal ar úinéir, máistir nó foireann an bháid sin, nó ar aon duine acu, aon deimhnithe cláraitheachta, ceadúnais, leabhair turais, páipéir nó doiciméid eile a bhaineann leis an mbád, nó leis an bhfoireann sin nó le haon chomhalta di, agus a bheidh i seilbh nó faoi urláimh aon duine acu sin faoi seach, eadhon, an t-úinéir, an máistir agus an fhoireann sin, a thabhairt ar aird, agus féadfaidh sé aon deimhnithe, ceadúnais, leabhair turais, páipéir nó doiciméid eile den chineál sin a iniúchadh agus sleachta a bhaint astu nó cóipeanna a dhéanamh díobh;

(d) féadfaidh sé a cheangal ar mháistir an bháid sin míniú a thabhairt maidir leis an mbád sin, agus maidir leis na deimhnithe cláraitheachta, na ceadúnais, na leabhair turais, na páipéir nó na doiciméid eile sin;

(e) féadfaidh sé an bád sin a chuardach;

(f) féadfaidh sé ainm agus seoladh aon duine ar bord an bháid sin a éileamh agus a thógáil;

(g) má bhíonn amhras air go bhfuil sárú ar fhorálacha Chaibidil II nó III den Chuid seo déanta ag aon duine ar bord an bháid sin, féadfaidh sé, gan toghairm, barántas ná próis eile, an bád sin agus gach duine ar bord an bháid sin a thabhairt go dtí an port is cóngaraí nó is caothúla agus, go dtí go ndéanfaidh sé na bearta a cheanglaítear le halt 234, an bád sin agus na daoine sin a choinneáil;

(h) féadfaidh sé, chun aon chumhacht dá dtugtar dó le haon cheann de na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo, cibé neart is gá leis a úsáid agus go háirithe, má dhiúltaítear nó má dhéantar neamhsuim d'ordú a thabharfaidh sé don bhád sin sa tslí a bheidh ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin alt seo, féadfaidh sé, tar éis dó a chur faoi deara gunna a scaoileadh mar chomhartha, lámhach leis an mbád sin nó isteach inti.

(2) Má choisceann nó má bhacann duine ar bith aon oifigeach cosanta iascaigh mhara agus é ag feidhmiú aon chumhachta dá dtugtar don oifigeach sin leis an alt seo, nó má dhiúltaíonn nó má mhainníonn sé déanamh de réir aon fhoréilimh nó treorach a dhéanfaidh nó a thabharfaidh an t-oifigeach sin go dleathach nó aon cheist a fhreagairt a chuirfidh an t-oifigeach sin chuige go dleathach de bhun an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo, agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó príosúnacht, i dteannta nó d'éagmais daoroibre, ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí.

(3) Ní dhéanfar aon chaingean ná imeachtaí dlí ar bith eile, sibhialta ná coiriúil, a thionscnamh in aon Chúirt maidir le haon ní a dhéanamh a údaraítear d'oifigeach cosanta iascaigh mhara a dhéanamh faoin alt seo, cibé acu oifigeach cosanta iascaigh mhara go pearsanta a dhéanfaidh an ní sin nó duine a bheidh ag gníomhú faoi orduithe oifigigh chosanta iascaigh mhara.

(4) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagraítear san alt seo mar ní a ordaítear le rialacháin ón Aire faoin alt seo.

Bád agus daoine a choinneáil fad atá ionchúiseamh ar feitheamh.

234. —I gcás oifigeach cosanta iascaigh mhara a bheith, i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dó le halt 233, tar éis aon bhád agus na daoine ar bord an bháid sin a thabhairt go port, déanfaidh sé, a luaithe is féidir, máistir an bháid sin agus aon duine eile ar bord an bháid sin a mbeifear tar éis, nó ar tí, imeachtaí a thionscnamh ina choinne mar gheall ar aon chion faoi aon alt i gCaibidil II nó III den Chuid seo, a thabhairt os comhair Breithimh Dúiche nó, mura mbeidh aon Bhreitheamh Dúiche ar fáil láithreach, os comhair Feidhmeannaigh Shíochána, agus air sin, más deimhin leis an mBreitheamh Dúiche sin nó an leis an bhFeidhmeanach Síochána sin (cibé acu é) go bhfuiltear tar éis, nó ar tí, na himeachtaí sin a thionscnamh in aghaidh an mháistir nó an duine eile sin ceanglóidh sé, le hordú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara nó d'oifigigh chosanta iascaigh mhara, ar an oifigeach nó ar na hoifigigh sin an bád sin agus gach duine ar bord an bháid sin a choinneáil ag port sonraithe sa Stát go dtí go mbeidh breith tugtha ag Breitheamh Dúiche ar na himeachtaí sin, agus déanfar an bád sin agus na daoine sin a choinneáil dá réir sin.

Bád a choinneáil fad a bheidh achomharc ar feitheamh i gcoinne ciontú i gcion faoi Chaibidil II nó III de Chuid XIII.

235. —(1) I gcás ina ndéanfaidh Breitheamh Dúiche duine a chiontú i gcion faoi aon alt i gCaibidil II nó III den Chuid seo agus é a dhaoradh chun aon fhíneáíl a íoc, agus an bád lena mbaineann an duine sin a bheith faoi choinneáil faoi alt 234, ceanglóidh an Breitheamh Dúiche sin le hordú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara nó d'oifigigh chosanta iascaigh mhara, ar an oifigeach nó ar na hoifigigh sin, i gcás achomharc a thaisceadh i gcoinne an chiontaithe sin, an bád sin a choinneáil níos faide, go dtí go gcinnfear an t-achomharc sin, ag port sonraithe sa Stát, agus déanfar, faoi réir fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, an bád sin a choinneáil dá réir sin.

(2) Má dhéantar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo á cheangal bád ar bith a choinneáil go dtí go gcinnfear achomharc in aghaidh ciontú, féadfaidh Breitheamh Dúiche, má thugtar urús, is dóigh leis an mBreitheamh Dúiche sin a bheith sásúil, go n-íocfar, i gcás an ciontú sin a dhaingniú ar an achomharc sin, suim a shocróidh an Breitheamh Dúiche sin agus is leor faoi chomhair méid na fíneála agus na gcostas a dhámhfar (má dhámhtar) ar an gciontú sin, agus faoi chomhair luach measta an n-earraí (más ann) a forghéilleadh agus costais an inchúisitheora ar an achomharc sin, a ordú an bád sin a scaoileadh agus scaoilfear an bád sin dá réir sin.

Fíneáil a ghnóthú i gcás ciona faoi Chaibidil II nó III de Chuid XIII agus seilbh a aisghabháil ar earraí a forghéilleadh faoin gCaibidil sin II nó III.

236. —(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le fíneáil i gcás ciona faoi aon alt i gCaibidil II nó III den Chuid seo, agus maidir leis na costais (más ann) a ordófar a bheidh le híoc ag an duine a chiontófar sa chion sin, a ghnóthú:—

(a) socróidh an Chúirt tréimhse chun na costais agus an fhíneáil sin (más ann) a íoc;

(b) i gcás an bád lena mbaineann an duine sin a bheith, tráth éisteachta na n-imeachtaí i leith an chiona sin, faoi choinneáil faoi gCaibidil seo, ceanglóidh an Chúirt, le hordú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara nó d'oifigigh chosanta iascaigh mhara, ar an oifigeach nó na hoifigigh sin an bád sin a choinneáil níos faide go dtí go n-íocfar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann), ag port sonraithe sa Stát, agus coinneofar an bád sin dá réir sin;

(c) mura n-íoctar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann) laistigh den tréimhse sin, féadfar an fhíneáil sin agus na costais sin (más ann) a ghnóthú trí thochsal agus tríd an mbád sin a dhíol;

(d) ní chuirfidh aon ní sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo cosc leis an bhfíneáil sin agus na costais sin (más ann) a ghnóthú ón duine sin trí ghnáth-oibriú an dlí.

(2) Más rud é—

(a) go n-ordóidh cúirt, faoi Chaibidil II den Chuid seo, aon earra ar bord báid a fhorghéilleadh, nó go mbeidh sé, faoi Chaibidil II nó III den Chuid seo, ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim ciontú ag cúirt, agus

(b) go gcoinneofar an bád faoin gCaibidil seo,

féadfaidh an Chúirt, ar iarratas an ionchúísitheora, a údarú d'oifigeach cosanta iascaigh mhara, le hordú chun an oifigigh sin, an bád sin a choinneáil go dtí go ngabhfar seilbh ar an earra forghéillte, agus féadfar an bád sin a choinneáil dá réir sin.

(3) (a) I gcás earra ar bord báid a fhorghéilleadh faoi Chaibidil II nó III den Chuid seo, féadfaidh oifigeach cosanta iascaigh mhara a iarraidh ar mháistir an bháid sin cibé saoráidí a chur ar fáil (lena n-áirítear an bád a aistriú ó áit go háit agus nithe a dhéanamh ar nó leis an mbád sin, a trealamh nó a hinnealra) a iarrfaidh an t-oifigeach cosanta iascaigh mhara sin go réasúnach chun go bhféadfaidh sé seilbh a ghabháil ar an earra.

(b) Má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn máistir báid déanamh de réir iarratas faoi mhír (a) den fho-alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air.

(4) Aon duine a choiscfidh nó a bhacfaidh go toiliúil oifigeach cosanta iascaigh mhara le linn dó bheith ag gabháil seilbhe ar aon earra a forghéilleadh faoi Chaibidil II nó III den Chuid seo, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo agus, ar a chiontú ann go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí.