An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (Caibidil V. Ilghnéitheach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID VII. Dleachtanna Stampaí.)

18 1959

AN tACHT AIRGEADAIS, 1959

CUID VI.

An tAcht Airgedaais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, a Leasú agus Foireann Áitiúil a Thréineáil roimh Thosú ar Thrádáil: Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Léiriú (Cuid VI).

1956, Uimh. 47 .

70. —Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

Cuid III den Acht (deisiú long, cártaí ceiliúrtha) a leasú.

1958, Uimh. 25 .

71. —(1) I gcás cuideachta a sheolann trádáil ag tógáil nó ag deisiú long, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht:

(a) measfar gur monarú earraí sa Stát deisiú a dhéanamh sa Stát ar long agus, a mhéid go ndearnadh aon deisiú den sórt sin sa Stát ar long arb iad a húinéirí iomlána daoine nach bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát, measfar gur earraí a rinneadh sa Stát agus a d'onnmhairigh an duine a mhonaraigh iad an long agus measfar gur méid is infhálta ó earraí a dhíol aon mhéid is infhálta mar íocaíocht as deisiú a rinneadh sa Stát ar long;

(b) igcás ina ndéanfaidh an chuideachta maidir le haon bhliain mheasúnachta nó aon tréimhse chuntasaíochta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire cánach laistigh de dhá bhliain déag tar éis deireadh na bliana nó na tréimhse sin adúradh, sin a roghnú, beidh feidhm ag an Acht i gcás na bliana nó na tréimhse sin—

(i) amhail is dá mbeadh an chuideachta tar éis na longa go léir a onnmhuiriú a rinne an chuideachta sa Stát,

(ii) maidir leis na longa go léir a dheisigh an chuideachta sa Stát, amhail is dá mb'éard iad, a mhéid a deisíodh amhlaidh iad, earraí a d'onnmhairigh an chuideachta, agus

(iii) amhail is dá mba mhéideanna dob infhálta ó dhíol earraí a d'onnmhairigh an chuideachta as an Stát méideanna is infhalta ag an gcuideachta mar íocaíocht as longa a thógáil sa Stát nó a dheisiú sa Stát.

(2) I míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1) den alt seo, i dteannta tagairt do dheisiú nó tógáil a rinneadh an 1ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, a fholú, folóidh aon tagairt do dheisiú nó tógáil tagairt do dheisiú nó tógáil a rinneadh roimh an lá sin.

(3) Déanfar gach tagairt do leabhair i mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 56 den Acht Airgeadais, 1958 , a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chártaí ceiliúrtha.

(4) Beidh éifeacht ag an alt seo—

(a) maidir le cáin ioncaim, in aghaidh aon bhliana measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó lá dá éis sin,

(b) maidir le cáin bhrabús corparáide, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta nó coda de thréimhse chuntasaíochta i ndiaidh an 5ú lá d'Aibreán, 1959,

agus, i gcás cánach brabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo maidir le haon chuid den sórt sin de thréimhse chuntasaíochta, cibé cionroinnt a dhéanamh is iomchuí.

Cuid III den Acht a leasú (méideanna áirithe a choigeartú).

72. —(1) Glacfaidh an t-alt seo éifeacht chun críocha faoisimh ó cháin ioncaim nó cáin bhrabús corparáide faoi Chuid III den Acht, agus san alt seo ciallaíonn “an chuideachta” cuideachta a éilíonn faoiseamh de bhun na Coda sin.

(2) I gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir le hearraí de shaghas áirithe go ndéanann íoc aon dleachta ag an gcuideachta i leith na n-earraí nó na n-ábhar a úsáideadh á monarú difir don choibhneas idir an méid is infhálta ó earraí a onnmhairíodh a dhíol in aon tréimhse áirithe agus an méid is infhálta ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol sa tréimhse sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a ordú go mbeidh feidhm ag fo-alt (3) nó fo-alt (4) den alt seo, cibé acu is dóigh leo is iomchuí, chun méid a fhionnadh is infhálta ó na hearraí sin a dhíol sa tréimhse sin, agus, i gcás ina mbeifear tar éis aon ordú den sórt sin a thabhairt, is dá réir a ríomhfar aon fhaoiseamh don chuideachta faoi threoir earraí a dhíol sa tréimhse sin.

(3) (a) Measfar aon mhéid dob infhálta ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát a bheith arna mhéadú de mhéid aon aistarrainge, lacáiste nó aisíoca dhleachta is dleacht is iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin agus a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith na hearraí sin a allmhairiú isteach sa chríoch sin.

(b) Measfar aon mhéid dob infhálta ó earraí a dhíol nár onnmhairíodh a bheith arna mhéadú de mhéid aon lacáiste nó aisíoca dhleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin.

(4) (a) Measfar méid dob infhálta ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith na hearraí sin a allmhairiú isteach sa chríoch sin.

(b) Measfar méid dob infhálta ó earraí a dhíol nár onnmhairíodh a bheith arna laghdú de mhéid aon dleachta, is dleacht is iníoctha sa Stát, a d'íoc an chuideachta i leith na n-earraí sin.

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dóibh is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 12 agus ag fo-alt (1) d'alt 13 den Acht amhail is dá mbeadh ar na nithe ar gá cruthúnas orthu de réir na bhfo-alt sin an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

(6) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ó dháta an Achta a rith, agus féadfar faoiseamh ó cháin maidir leis an tréimhse idir an dáta sin agus dáta an Achta seo a rith a thabhairt trí aisíoc nó ar shlí eile mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cuid IV den Acht a leasú.

73. —(1) Leasaítear leis seo alt 17 den Acht—

(i) trí “nó” agus an mhír seo a leanas a chur isteach ag deireadh fo-ailt (1):

“(c) le haghaidh gnóthais duga.”

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fo-ailt (3):

“(3A) San alt seo folaíonn ‘duga’ aon chuan, caladh, piara nó lamairne nó oibreacha eile inar nó ar ar féidir le hárthaí marsantas nó paisnéirí a loingsiú nó a dhí-loingsiú, nach piara ná lamairne a úsáidtear go príomha le haghaidh caitheamh aimsire, agus forléireofar ‘gnóthas duga’ dá réir sin.”

(2) Beidh éifeacht ag alt 19 den Acht amhail is dá ndéanfaí mír (b) agus an coinníoll a ghabhann leis an mír sin a scriosadh agus na míreanna seo a leanas a chur in n-ionad:

“  (b) aon chaiteachas ag soláthar innealra nó gléasra nó ar aon sócmhainn a measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta gur innealra nó gléasra í, nó

(c) aon chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha nó ar féidir liúntas a thabhairt ina leith, in aghaidh na bliana céanna measúnachta nó in aghaidh aon bhliana measúnachta roimhe sin faoi fho-alt (3) d'alt 5 nó faoi alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 ( Uimh. 15 de 1946 ).”

(3) I gcás ina rachfar faoi chaiteachas ag ullmhú, ag gearradh, ag tunalaíocht nó ag cothromú na talún chun an talamh a ullmhú mar láthair chun innealra nó gléasra a chur isteach, measfar, chun críocha Coda IV den Acht, gur foirgneamh nó déanmhas an t-innealra nó an gléasra maidir leis an gcaiteachas sin.

(4) Maidir le liúntais foirgníochta tionscail in aghaidh blianta measúnachta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó lá dá éis sin, seachas méideanna a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta a chríocnaigh roimh an dáta sin, beidh éifeacht ag an alt seo amhail ó dháta tosach feidhme an Achta.

Foireann áitiúil a thréineáil roimh thosú ar thrádáil.

1937, Uimh. 18 .

74. —(1) Má tharlaíonn, roimh lá (arb é an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó ar lá dá éis sin é) bunaithe nó tosaithe thrádála arb éard í earraí monaraithe a tháirgeadh le díol, go rachaidh duine, nó go mbeidh duine tar éis dul, agus é ar tí a dhul ag seoladh na trádála, faoi chaiteachas ag tiomsú agus ag tréineáil daoine ar saoránaigh Éireannacha iad uile nó a bhformhór, de rún a bhfostaithe sa trádáil—

(a) in aghaidh na bliana measúnachta ar lá di an lá sin agus in aghaidh gach bliana den dá bhliain mheasúnachta dá éis sin, tabharfar dó liúntas is comhionann le trian an chaiteachais sin, agus tabharfar an liúntas sin mar asbhaint nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain na trádála,

(b) i gcás cuideachta, déileálfar leis an gcaiteachas sin chun críocha cánach brabús corparáide amhail is go ndeachthas faoin tríocha séú cuid de gach mí den tríocha is sé mhí comhleanúnach arb í an chéad mhí acu an mhí dar tosach an lá sin,

(c) beidh feidhm ag mír (3) de Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D agus ag alt 4 den Acht Airgid, 1937 , maidir le liúntas faoi mhír (a) den fho-alt seo mar atá feidhm acu maidir le hasbaint is inlamháilte i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní fholóidh caiteachas aon chaiteachas faoina ndeachaigh duine agus nach mbeadh aon liúntas inlamháilte dó ina leith nuair a bheifí ag ríomh brabús nó gnóchain na trádála faoi na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, dá mb'é lá bunaithe nó tosaithe na trádála nó lá dá éis sin a chuathas faoi,

(b) ní mheasfar duine do dhul faoi chaiteachas sa mhéid gur íocadh é nó go bhfuil sé le n-íoc, go díreach nó go neamhdhíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó údarás áitiúil.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é dáta a rachfar faoi aon chaiteachas áirithe an dáta a thiocfaidh an tsuim iomchuí chun bheith iníoctha.

(4) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim agus beidh ag gabháil leis deimhniú faoi lámh an éilitheora, a measfar gur cuid den éileamh é, á rá go ndeachthas faoin gcaiteachas ag tiomsú agus ag tréineáil daoine, ar saoránaigh Éireannacha iad uile nó a bhformór, de rún a bhfostaithe sa trádáil agus a thabharfaidh sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.