An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Ilghnéitheach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. COMHAONTU IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS NA RIOCHTA AONTAITHE MAIDIR LE DIOLUINTI AIRITHE O CHAIN.)

18 1959

AN tACHT AIRGEADAIS, 1959

AN CHEAD SCEIDEAL.

Ceannach agus Díol Urrús: An Méid Iomchuí i Leith an Úis.

Ailt 7 go 9.

1. Chun críocha ailt 7 den Acht seo, is é an méid iomchuí i leith an úis an cothrom iomchuí den ús glan is infhálta ag an gcéad cheannaitheoir.

2. Chun críocha alt 8 agus 9 den Acht seo, is é an méid iomchuí i leith an úis an méid iomlán ar comhréir leis an gcothrom iomchuí den ús glan is infhálta ag an gcéad cheannaitheoir.

3. (1) Chun críocha míreanna 1 agus 2 den Sceideal seo, is é an cothrom iomchuí an cothrom idir—

(a) an tréimhse dar tosach an chéad dáta iomchuí agus dar críoch an lá roimh an lá a cheannaigh an chéad cheannaitheoir na hurrúis,

agus—

(b) an tréimhse dar tosach an chéad dáta iomchuí agus dar críoch an lá roimh an dara dáta iomchuí.

(2) I bhfo-mhír (1) den mhír seo—

ciallaíonn “an chéad dáta iomchuí”—

(a) i gcás na hurrúis a bheith gan lua i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Atha Cliath ar phraghas nár fholaigh luach na híocaíochta úis deiridh dob iníoctha roimh an ús dob infhálta ag an gcéad cheannaitheoir nó, i gcás na hurrúis a lua amhlaidh, nárbh é dáta an lua an dáta is luaithe d'fhéadfaí iad a lua amhlaidh dá mbeifí tar éis déileáil iomchuí sna hurrúis a dhéanamh—an dáta is luaithe sin, agus

(b) in aon chás eile—an dáta a luadh na hurrúis i gcéaduair amhlaidh;

ciallaíonn “an dara dáta iomchuí”—

(a) i gcás na hurrúis a bheith gan lua i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Atha Cliath ar phraghas nár fholaigh luach an leasa dob infhálta ag an gcéad cheannaitheoir nó, i gcás na hurrúis a lua amhlaidh, nárbh é dáta an lua an dáta is luaithe d'fhéadfaí iad a lua amhlaidh dá mbeifí tar éis déileáil iomchuí sna hurrúis a dhéanamh—an dáta is luaithe sin, agus

(b) in aon chás eile—an dáta a luadh na hurrúis i gcéaduair amhlaidh.

(3) I gcás inarbh é an t-ús dob infhálta ag an gcéad cheannaitheoir an chéad íocaíocht úis dob iníoctha i leith na n-urrús, beidh éifeacht ag fo-mhír (1) den mhír seo ach dáta tosaigh na tréimhse ar ina haghaidh dob iníoctha an t-ús a chur in ionad na dtagairtí don chéad dáta iomchuí:

Ar choinníoll, i gcás nach raibh méid caipitiúil na n-urrús lán-íoctha tús na tréimhse sin agus gur íocadh tráthchuid nó tráthchodanna caipitil i rith na tréimhse sin—

(a) áireofar an t-ús a bheith roinnte ina chodanna, arna ríomh faoi threoir méid an úis is inchurtha i leith an chaipitil a bhí íoctha i dtús nó roimh thús na tréimhse sin agus an méid de is inchurtha i leith gach tráthchoda den sórt sin, agus

(b) go ndéanfar, agus gach cuid de na codanna sin á háireamh mar ús dob iníoctha in aghaidh na tréimhse sin nó, i gcás inar ríomhadh an chuid faoi threoir aon tráthchoda den sórt sin, mar ús dob iníoctha in aghaidh na coda den tréimhse sin ag tosú le híoc na tráthchoda, an méid arb é cothrom iomchuí gach coda é a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo, agus

(c) gurb é cothrom iomchuí an úis chun críocha míreanna 1 agus 2 den Sceideal seo an cothrom de arb é suim na méideanna sin é.

(4) Maidir le hurrúis nach luaitear i liosta oifigiúil Stocmhargadh Bhaile Atha Cliath, beidh éifeacht ag fo-mhír (1) den mhír seo ach go gcuirfear in ionad na dtréimhsí a luaitear ansin cibé tréimhsí is dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta a fhreagrann dóibh i gcás na n-urrús a bheidh i gceist.

4. I gcás inar urrúis iad na hurrúis go méadaíonn ar an bpraghas margáin, i gcás ús a bheith infhálta ag an gceannaitheoir, faoi threoir an úis iomláin a fhaibhreoidh roimh an lá margáin, ní bheidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo, ach, chun críocha gach ailt acu sin, is é an méid iomchuí i leith an úis méid an mhéadaithe ar an bpraghas margáin.