28 1959


Uimhir 28 de 1959.


AN tACHT IASCAIGH MHARA (LEASÚ), 1959.

[An tíontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTANNA IASCAIGH MHARA 1952 GO 1956. [11 Lúnasa, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Mínithe.

1952, Uimh. 7 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” an Bord Iascaigh Mhara;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Iascaigh Mhara, 1952 .

Méadú ar an teorainn le hairleacain chun an Bhoird.

1956, Uimh. 30 .

2. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht, arna leasú le halt 1 den Acht Iascaigh Mhara (Leasú), 1956 , a leasú trí “trí mhilliún punt” a chur in ionad “milliún punt”.

Leasú ar thréimhse oifige chomhaltaí den Bhord.

3. —Maidir le ceapadh comhaltaí den Bhord a cheapfar tar éis an tAcht seo a rith, déanfar, maidir le ceapadh comhaltaí den Bhord a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, an tagairt i bhfomhír (3) de mhír 2 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do thréimhse dhá bhliain a fhorléiriú mar thagairt do thrí bhliain, faoi réir an choinníll, i gcás ceapadh na gcomhaltaí a bhfuil a dtréimhsí ceapacháin le tosú an 24ú lá d'Aibreán, 1960,—

(a) gur go ceann dhá bhliain amháin a cheapfar cibé beirt is cuí leis an Aire a cheapadh go ceann dhá bhliain den seisear comhaltaí a bheifear a cheapadh, agus

(b) gur go ceann bliana amháin a cheapfar cibé beirt is cuí leis an Aire a cheapadh go ceann bliana den seisear comhaltaí a bheifear a cheapadh

Leasú ar an tsriantacht le hárthaí a cheadúnú chun iascaigh mhara.

4. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht a leasú trí “an uimhir fhorordaithe (nach lú ná tríocha agus cúig)” a chur in ionad “tríocha agus cúig”.

(2) Déantar leis seo mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 9 den Phríomh-Acht a leasú trí “comhlacht corpraithe atá bunaithe faoi réim agus faoi réir dhlí an Stáit agus ar sa Stát atá a phríomh-áit ghnó” a chur in ionad “cuideachta atá corpraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, agus a bhfuil iomlán a scair-chaipitil ar seilbh ag saoránaigh Éireannacha”.

Athghairm.

5. —Athghairtear leis seo fo-alt (6) d'alt 9 den Phríomh-Acht.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Iascaigh Mhara (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1959, a ghairm de na hAchtanna Iascaigh Mhara, 1952 go 1956, agus den Acht seo le chéile.