Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a Athghairtear.)

30 1959


Uimhir 30 de 1959.


ACHT CHOLÁISTE TALMHAÍOCHTA CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH (LEASÚ), 1959.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ EASTÁT CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH A DHÍLSIÚ SAN FHORAS TALÚNTAIS, DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH COINNÍOLLACHA ÁIRITHE AR A mBEIDH AN tEASTÁT SIN LE TEACHTADH AG AN bhFORAS TALÚNTAIS, DO LEASÚ ACHT CHOLÁISTE TALMHAÍOCHTA CHAISLEÁN BHAILE SHEONACH, 1945, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE ÁIRITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [24 Samhain, 1959.]

DE BHRÍ go ndearnadh, trí dhintiúr a rinneadh an 28ú lá de Shamhain, 1944, idir Dorothy Violet Jefferies den chéad pháirt Maurice Victor Lakin den dara páirt agus an tAire Talmhaíochta den tríú páirt agus a cláraíodh i gClárlann na nGníomhas an 22ú lá de Shamhain, 1945, i Leabhar 43, Uimh. 86, tar éis a réamhaithris gur mhian le Dorothy Violet Jefferies agus Maurice Victor Lakin adúradh an mhaoin a thuairiscítear sa Sceideal a ghabhann leis sin a bhronnadh in aisce ar an Náisiún, agus a réamhaithris gur chuir an Rialtas in iúl go cuí go rabhadar toilteanach glacadh leis an mbronntanas sin thar ceann an Náisiúin agus gur comhaontaíodh go ndéanfadh an Dorothy Violet Jefferies sin agus Maurice Victor Lakin sin an mhaoin sin a thíolacadh don Aire Talmhaíochta le teachtadh faoi réir na bhforálacha agus na gcoinníollacha atá ansin ina dhiaidh sin, a fhianú go ndearnadh an mhaoin sin a thíolacadh agus a shannadh don Aire Talmhaíochta faoi réir na bhforálacha atá ansin, lena n-áirítear foráil gur amháin chun críche coláiste talmhaíochta tuaithe agus nach chun aon chríche ar bith eile a úsáidfí an mhaoin sin agus faoi réir an choinníll freisin go raibh de choinníoll ag gabháil leis an ngníomhas is ábhar don réamhaithris seo go nglacfadh an tOireachtas leis an maoin sin a bhí le bronnadh agus go n-achtófaí reachtaíocht chun éifeacht a thabhairt don chéanna :

AGUS DE BHRÍ go ndearnadh, le halt 2 d'Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945, fial-bhronnadh na maoine sin ar an Náisiún chun críocha coláiste thalmhaíochta tuaithe ag an Dorothy Violet Jefferies sin agus an Maurice Victor Lakin sin a ghlacadh go fíor-bhuíoch, agus gur údaraíodh don Aire Talmhaíochta an dintiúr sin a fhorghníomhú agus an t-eastát a tíolacadh dó leis an dintiúr sin a thógáil agus a theachtadh de réir an Achta sin :

AGUS DE BHRÍ gur bunaíodh an Foras Talúntais leis an Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 , mar institiúid taighde thalmhaíochta :

AGUS DE BHRÍ go gcabhródh sé le heolaíocht talmhaíochta a chur chun cinn agus go méadódh sé tairbhe na maoine sin an mhaoin sin a aistriú chun an Fhorais Thalúntais agus na críocha ar ina gcomhair a úsáidfí í a leathnú ionas go mbeadh taighde talmhaíochta ar áireamh orthu :

AGUS DE BHRÍ go bhfuil an Dorothy Violet Jefferies sin agus an Maurice Victor Lakin sin tar éis toiliú go fial leis an aistriú agus an leathnú sin faoi réir na gcoinníollacha a shonraítear san Acht seo :

ACHTAÍTEAR AR AN ÁBHAR SIN AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Mínithe.

1945, Uimh. 33 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1945” Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach, 1945;

ciallaíonn “Comhaontú 1944” an Comhaontú a rinneadh an 28ú lá de Nollaig, 1944, idir Dorothy Violet Jefferies agus Maurice Victor Lakin de pháirt agus an tAire den pháirt eile, is comhaontú a bhfuil cóip de leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1945;

ciallaíonn “Tíolacas 1944” an dintiúr a rinneadh an 28ú lá de Shamhain, 1944, idir Dorothy Violet Jefferies den chéad pháirt, Maurice Victor Lakin den dara páirt agus an tAire den tríú páirt agus a cláraíodh i gClárlann na nGníomhas, Baile Atha Cliath an 22ú lá de Shamhain, 1945, i Leabhar 43, Uimh. 86, is Dintiúr a bhfuil cóip de (gan dáta) leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1945;

ciallaíonn “an tEastát” an mhaoin ar a dtugtar de ghnáth Caisleán agus Díméad Bhaile Sheonach agus a thuairiscítear sa Sceideal a ghabhann le Tíolacas 1944;

ciallaíonn “an Institiúid” An Foras Talúntais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Talmhaíochta;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an dáta a shocrófar le hordú ón Aire chun an tAcht seo do theacht i ngníomh.

Dílsiú an Eastáit san Fhoras.

2. —De bhua an ailt seo, dílseoidh an tEastát, ar an dáta feidhme, san Fhoras i leith an leasa uile ann a bheidh, díreach roimh an dáta feidhme, dílsithe san Aire.

Usáid an Eastáit.

3. —Is chun críche choláiste thalmhaíochta tuaithe agus chun na críche sin amháin a úsáidfear an tEastát agus leathnaítear leis seo an chríoch sin chun go mbeidh ar áireamh uirthi taighde talmhaíochta a stiúradh, agus ní úsáidfear an tEastát chun críche ar bith eile, agus forléireofar dá réir sin Acht 1945, Comhaontú 1944 agus Tíolacas 1944.

Ainm an Eastáit.

4. —Leanfar de “Coláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach” a thabhairt d'ainm agus de thuairisc ar an Eastát agus ní athrófar an t-ainm sin.

Forálacha maidir leis an Lóiste Geata i Ráth Easpoig.

5. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “an Bhanaltra láithreach” an duine a bheidh, díreach roimh an dáta feidhme, i bpost na Banaltra Iubhaile Ceantair agus a bheidh i dteideal, de bhua ailt 5 d'Acht 1945, cónaí saor ó chíos sa Lóiste Geata;

ciallaíonn “an Lóiste Geata” an Lóiste Geata i Ráth Easpoig ar an Eastát.

(2) Beidh an Bhanaltra láithreach i dteideal cónaí ar feadh a saoil saor ó chíos sa Lóiste Geata.

(3) Beidh an Lóiste Geata, an fhad a bheidh an Bhanaltra láithreach á áitiú, díolmhaithe ó mheasúnacht i leith aon ráta a ghearrfaidh údarás áitiúil.

(4) Coimeádfaidh an Foras an Lóiste Geata i ndeisriocht agus in ordú agus i dtreo mhaith an fhad a bheidh an Bhanaltra láithreach á áitiú.

Srian le Caisleán Bhaile Sheonach a scartáil, etc.

6. —(1) Ní dhéanfar a thuilleadh scartála ar Chaisleán Bhaile Sheonach ná a thuilleadh athruithe déanmhais ar an taobh amuigh de ná aon athrú ar na bealaí cíormhúnlaithe isteach san Eastát, mura rud é, le himeacht aimsire, go bhfionnfar gur gá scartáil nó athruithe den sórt sin a ghabháil de láimh ar an ábhar nárbh fhéidir na déanmhais a chothabháil a thuilleadh, agus sa chás sin, ní dhéanfar aon scartáil ná athruithe den sórt sin go dtí go gcuirfear in iúl do Maurice Victor Lakin go bhfuil sé beartaithe sin a dhéanamh agus go dtí go mbeidh faill tugtha dó uiríolla a dhéanamh.

(2) Ní ghabhfar aon déanmhas de láimh i raon radhairce Chaisleán Bhaile Sheonach ná na bpríomhascal nach mbeidh ceaptha ar comhréir le dealramh an Chaisleáin sin.

Feidhm alt 6, 7 agus 8 d'Acht 1945.

7. —Leanfaidh ailt 6, 7 agus 8 d'Acht 1945 d'fheidhm a bheith acu maidir leis an Eastát an dáta feidhme agus dá éis, faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar an tagairt san alt sin 8 don Aire Talmhaíochta mar thagairt don Fhoras.

Oibleagáidí áirithe atá ar an Aire a aistriú chun an Fhorais.

8. —Na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar an Aire le clásail 2 agus 3 den Fhardal ar a bhfuil “A” marcáilte agus dá dtagraítear i gclásal 10 (c) de Chomhaontú 1944 (ar Fardal é a bhaineann le fostaithe agus pinsinéirí i gCaisleán Bhaile Sheonach) scoirfidh siad de bheith ina n-oibleagáidí ar an Aire agus tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad ina n-oibleagáidí ar an bhForas an dáta feidhme agus dá éis, ach amháin gur ar an Aire a bheidh sé d'oibleagáid, an dáta feidhme agus dá éis, pinsean a íoc le haon fhostaí a scoir roimh an dáta feidhme.

Ní bhainfidh alt 14 (3) den Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 , leis an Eastát.

1958, Uimh. 1 .

9. —Ní bheidh feidhm maidir leis an Eastát ag fo-alt (3) d'alt 14 den Acht Talmhaíochta (An Foras Talúntais), 1958 .

Airnéisí ar an Eastát a aistriú chun an Fhorais.

10. —Cibé airnéisí leis an Stát a bheidh ar an Eastát agus a shonróidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an bhForas, seachadfar iad don Fhoras agus tiocfaidh siad chun bheith ina maoin de chuid an Fhorais, cibé dáta ar a gcomhaontóidh an tAire agus an Foras.

Díolúine ó dhleachta stampa.

11. —Ní oibreoidh alt 12 den Finance Act, 1895, chun a cheangal ar an bhForas cóip den Acht seo a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ná aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin ar chóip den Acht seo.

Athghairm.

12. —Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Caiteachais an Aire.

13. —Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag cur an Achta seo i bhfeidhm.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

14. —(1) Féadfar Acht Choláiste Talmhaíochta Chaisleán Bhaile Sheonach (Leasú), 1959 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfar chuige sin le hordú ón Aire.