31 1959


Uimhir 31 de 1959.


AN tACHT IOMPAIR, 1959

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA IOMPAIR, 1950 , MAIDIR LE hAOISLIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ LÁNAIMSEARTHA CHÓRAS IOMPAIR ÉIREANN AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CÚITEAMH A ÍOC LE DUINE BA CHATHAOIRLEACH AR CHÓRAS IOMPAIR ÉIREANN. [24 Samhain, 1959.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an Bord” Córas Iompair Éireann;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

ciallaíonn “comhalta lánaimseartha den Bhord” comhalta den Bhord a gceanglaíonn téarmaí a cheapacháin air a am go léir a chaitheamh lena dhualgais mar chomhalta den sórt sin.

Aoisliúntas do chomhaltaí lánaimseartha an Bhoird.

2. —(1) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, scéim (dá ngairtear scéim aoisliúntas san alt seo) a dhéanamh chun pinsin nó aiscí nó pinsin agus aiscí a sholáthar le haghaidh nó i leith chomhaltaí lánaimseartha an Bhoird.

(2) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le scéim aoisliúntas ina dhiaidh sin (dá ngairtear scéim leasaitheach san alt seo), scéim aoisliúntas nó scéim leasaitheach roimhe sin a leasú.

(b) Féadfaidh scéim leasaitheach a rá go bhfuil feidhm chúlghabhálach aici.

(c) Aon duine a bheidh ina chomhalta lánaimseartha den Bhord ar feadh tréimhse dhá mhí déag ar a laghad dar críoch an dáta a thiocfaidh scéim leasaitheach i ngníomh, féadfaidh sé, trí fhógra a thabharfar don Aire laistigh de shé mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an scéim leasaitheach i ngníomh, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis ná ina leith, agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, ansin ní bheidh feidhm ag an scéim leasaitheach maidir leis ná ina leith.

(3) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le scéim aoisliúntas scéim aoisliúntas roimhe sin a chúlghairm.

(b) I gcás ina gcúlghairfidh scéim aoisliúntas (dá ngairtear an scéim nua san fho-alt seo) scéim aoisliúntas roimhe sin (dá ngairtear an scéim chúlghartha san fho-alt seo), féadfaidh aon duine a bheidh ina chomhalta lánaimseartha den Bhord ar feadh tréimhse nach lú ná dhá mhí déag dar críoch dáta na scéime nua a theacht i ngníomh, trí fhógra a thabharfar don Aire laistigh de shé mhí tar éis an dáta a thiocfaidh an scéim nua i ngníomh, a roghnú nach mbeidh feidhm ag an scéim nua maidir leis ná ina leith, agus, má roghnaíonn sé amhlaidh, ansin—

(i) ní bheidh feidhm ag an scéim nua maidir leis ná ina leith, agus

(ii) leanfaidh an scéim chúlghartha, d'ainneoin í a chúlghairm, d'fheidhm a bheith aici maidir leis nó ina leith.

(4) (a) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, le hordú scéim aoisliúntas a chúlghairm.

(b) I gcás ina gcúlghairfear scéim aoisliúntas faoin bhfo-alt seo, leanfaidh sí, d'ainneoin í a chúlghairm, d'fheidhm a bheith aici maidir le haon duine, nó i leith aon duine, a bheidh ina chomhalta lánaimseartha den Bhord ar feadh tréimhse nach giorra ná dhá mhí déag dar críoch dáta na cúlghairme.

(5) Cuirfidh an Bord scéim aoisliúntas i bhfeidhm de réir a téarmaí.

(6) Déanfar gach scéim aoisliúntas agus gach ordú faoi fho-alt (4) den alt seo a leagan, a luaithe is féidir tar éis an céanna a dhéanamh, faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim aoisliúntas nó an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime aoisliúntas nó an ordaithe, beidh an céanna ar neamhní dá réir sin ach sin gach dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin gcéanna.

Cúiteamh do dhuine ba chathaoirleach ar an mBord.

3. —Íocfaidh an Bord le Tadhg Ó Cúrnáin, a bhí ina chathaoirleach ar an mBord agus a d'éirigh as a bheith ina chathaoirleach, ar scór easláine, sula raibh deireadh lena thréimhse oifige, suim £3,636 cúitimh sa chaillteanas a bhain dó de dheasca é d'éirí as oifig amhlaidh.

An Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1950 , a leasú.

1950, Uimh. 12 .

4. —Déantar leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Iompair, 1950 , a leasú mar leanas—

(a) scriosfar mír 1,

(b) scriosfar fo-mhír (3) de mhír 2,

(c) i bhfo-mhír (2) de mhír 3 scriosfar “1 nó”.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Iompair, 1959 , a ghairm den Acht seo.