An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM ÚDARÁIS SLÁINTE, 1960) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Ailt atá á gcur in ionad Ailt 9 agus 10 den Acht um Bainistí Chathrach agus Contae (Leasú), 1955.)

9 1960

AN tACHT UM ÚDARÁIS SLÁINTE, 1960

AN CHÉAD SCEIDEAL.

Rialacha maidir le Comhaltas agus Cruinnithe Údarás Sláinte a bhunaítear leis an Acht seo.

Alt 6.

Ceapacháin.

1. (1) Déanfar na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag comhairle contae a cheapadh, i gcás an chéad cheapacháin, ag an gcéad chruinniú den chomhairle a thionólfar tar éis an t-údarás a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú bliantúil den chomhairle a thionólfar tar éis gach toghcháin chúigbhlianaigh de chomhaltaí na comhairle.

(2) Déanfar na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag bardas contae-bhuirge a cheapadh, i gcás an chéad cheapacháin, ag an gcéad chruinniú de chomhairle cathrach na contae-bhuirge a thionólfar tar éis an t-údarás a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú ráithiúil den chomhairle cathrach a thionólfar tar éis gach toghcháin chúighbhlianaigh de chomhaltaí na comhairle cathrach.

(3) I gcás ina mbeidh comhaltaí den údarás le ceapadh ag bardas buirge, déanfar na comhaltaí sin a cheapadh, i gcás an chéad cheapacháin, ag an gcéad chruinniú de chomhairle buirge na buirge a thionólfar tar éis an t-údarás a bhunú, agus dá éis sin ag an gcéad chruinniú ráithiúil den chomhairle buirge a thionólfar tar éis gach toghcháin chúigbhlianaigh de chomhaltaí na comhairle buirge.

2. (1) Déanfar na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag comhairle chontae a cheapadh mar a leanas:

(a) (i) i gcás contae Bhaile Átha Cliath, do gach togh-limistéar contae sa chontae (gan buirg Dhún Laoghaire a áireamh), ceapfar comhalta amháin den údarás as líon na gcomhairleoirí contae a thoghfar don limistéar sin,

(ii) i gcás contae Chorcaí, do gach togh-limistéar contae sa chontae, ceapfar triúr comhaltaí den údarás i ndiaidh a chéile as líon na gcomhairleoirí contae a thoghfar don limistéar sin,

(iii) i gcás contae Luimnigh agus contae Phort Láirge do gach togh-limistéar contae sa chontae, ceapfar dhá chomhalta den údarás i ndiaidh a chéile as líon na gcomhairleoirí contae a thoghfar don limistéar sin;

(b) maidir leis na comhaltaí eile (dá ngairtear comhaltaí breise sa riail seo) féadfaidh aon ghrúpa comhairleoirí ar a mbeidh an líon comhairleoirí is gá comhairleoir a ainmniú chun bheith ina chomhalta den údarás agus ceapfar é ar é a ainmniú amhlaidh gan aon vótáil:

(c) ceapfar an chuid eile de na comhaltaí breise i ndiaidh a chéile le tromlach vótaí na gcomhairleoirí nach comhaltaí d'aon ghrúpa comhairleoirí den sórt a dúradh;

(d) is é an líon comhairleoirí is gá chun grúpa a dhéanamh chun críocha na rialach seo an líon a gheofar trí líon iomlán na gcomhairleoirí a bheidh i láthair ag an gceapadh a roinnt ar an líon comhairleoirí breise a bheidh le ceapadh, nó, muran slán-uimhir an líon a gheofar amhlaidh, an chéad slán-uimhir eile os cionn an líon a gheofar amhlaidh;

(e) ní bheidh aon chomhairleoir ina chomhalta de bhreis agus grúpa amháin.

(2) I bhfo-mhíreanna (b) go (e) den mhír sin roimhe seo, ní fholaíonn “comhairleoirí” agus “comhairleoir”, maidir le comhairle chontae Bhaile Átha Cliath, aon chomhairleoir a toghadh don togh-limistéar contae atá comhtheorainneach le buirg Dhún Laoghaire.

(3) Na comhaltaí den údarás a bheidh le ceapadh ag bardas contae-bhuirge, agus na comhaltaí (más ann) de a bheidh le ceapadh ag bardas buirge seachas contae-bhuirg, ceapfar iad sa tslí chéanna ina gceanglaítear comhaltaí breise a cheapadh ag comhairle contae faoin mír sin roimhe seo.

Seilbh Oifige.

3. Beidh gach comhalta den údarás i seilbh oifige (muran éag, éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht roimhe sin dó nó go mbeidh deireadh lena chomhaltas faoi Riail 6 nó 7 de na Rialacha seo) go dtí an lá tar éis an lae a thoghfar a chomharba.

Dícháilíocht.

4. (1) I gcás inar comhairle contae a cheap comhalta den údarás agus go scoirfidh an comhalta de bheith, nó go mbeidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle, scoirfidh sé freisin de bheith, nó beidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den údarás.

(2) I gcás inar bardas contae-bhuirge nó buirge eile a cheap comhalta den údarás agus go scoirfidh an comhalta de bheith, nó go mbeidh sé dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den chomhairle cathrach nó de chomhairle buirge na buirge, scoirfidh sé freisin de bheith, nó beidh se dícháilithe chun bheith, ina chomhalta den údarás.

Éirí As agus Cur as Oifig.

5. (1) I gcás inar comhairle contae a cheap comhalta den údarás, féadfaidh an comhalta sin éirí as a chomhaltas trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt do rúnaí na comhairle, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí an chéad chruinniú eile den chomhairle a bheidh ann tar éis an fógra a bheidh tugtha don rúnaí a fháil.

(2) I gcás inar bardas contae-bhuirge nó buirge eile a chead comhalta den údarás, féadfaidh an chomhalta sin éirí as a chomhaltas trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt do Bhailechléireach na buirge, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí an chéad chruinniú eile de chomhairle cathrach nó de chomhairle buirge na buirge a bheidh ann tar éis an fógra a bheidh tugtha don Bhailechléireach a fháil.

6. (1) Féadfaidh comhalta den chomhairle contae a cheapfaidh comhaltaí den údarás fógra i scríbhinn a chur, le toiliú an cheathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, chuig rúnaí na comhairle á rá go bhfuil ar intinn aige a thairiscint go gcuirfear deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile den údarás a cheap an chomhairle. Glaofaidh an rúnaí cruinniú den chomhairle air sin le haghaidh lae nach déanaí ná mí tar éis dó an fógra a fháil agus tabharfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad do gach comhalta den chomhairle ina thaobh. Má ritear rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de na comhaltaí den chomhairle a bheidh i láthair i bhfabhar a rite) ag an gcruinniú ag ceadú na tairisceana, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den údarás agus déanfar comhaltaí nua den údarás a cheapadh láithreach.

(2) Féadfaidh comhalta de chomhairle cathrach contaebhuirge a gceapfaidh a bhardas comhaltaí den údarás fógra i scríbhinn a chur, le toiliú an cheathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, chuig Bailechléireach na buirge á rá go bhfuil ar intinn aige a thairiscint go gcuirfear deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile den údarás a cheap an bardas. Glaofaidh an Bailechléireach cruinniú den chomhairle air sin le haghaidh lae nach déanaí ná mí tar éis dó an fógra a fháil agus tabharfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad do gach comhalta den chomhairle ina thaobh. Má ritear rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí na comhairle a bheidh i láthair i bhfabhar a rite) ag an gcruinniú ag ceadú na tairisceana, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den údarás agus déanfar comhaltaí nua den údarás a cheapadh láithreach.

(3) I gcás ina mbeidh comhaltaí den údarás ann a bheidh ceaptha ag bardas buirge seachas contae-bhuirg, féadfaidh comhalta de chomhairle buirge na buirge fógra i scríbhinn a chur, le toiliú an cheathrú cuid ar a laghad de chomhaltaí na comhairle, chuig Bailechléireach na buirge á rá go bhfuil ar intinn aige a thairiscint go gcuirfear deireadh le comhaltas na gcomhaltaí uile den údarás a cheap an chomhairle. Glaofaidh an Bailechléireach cruinniú den chomhairle air sin le haghaidh lae nach déanaí ná mí tar éis dó an fógra a fháil agus tabharfaidh sé fógra cheithre lá déag ar a laghad do gach comhalta den chomhairle ina thaobh. Má ritear rún (a vótálfaidh dhá dtrian ar a laghad de chomhaltaí na comhairle a bheidh i láthair i bhfabhar a rite) ag an gcruinniú ag ceadú na tairisceana, beidh deireadh láithreach le comhaltas na gcomhaltaí sin uile den údarás agus déanfar comhaltaí nua den údarás a cheapadh láithreach.

(4) Sa Riail seo agus sa chéad Riail eile ní fholaíonn “comhalta” agus “comhaltaí”, maidir le comhairle chontae Bhaile Átha Cliath, aon chomhalta a toghadh don togh-límistéar contae atá comhtheorainneach le buirg Dhún Laoghaire.

7. (1) I gcás ina mbeidh comhalta den údarás a cheap comhairle contae gan cruinniú den údarás a fhreastal le tréimhse leanúnach trí mhí, beidh deireadh air sin lena chomhaltas den údarás agus déanfaidh an chomhairle, ag a gcéad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimhse sin, duine dá gcomhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(2) I gcás ina mbeidh comhalta den údarás a cheap bardas contae-bhuirge nó buirge eile gan cruinniú den údarás a fhreastal le tréimhse leanúnach trí mhí, beidh deireadh air sin lena chomhaltas den údarás agus déanfaidh comhairle cathrach nó comhairle buirge na buirge, ag a gcéad chruinniú eile tar éis deireadh na tréimhse sin, duine dá gcomhaltaí a cheapadh chun an folúntas a líonadh.

(3) I gcás ina n-éireofar as cruinniú den údarás toisc gan córam a bheith ar fháil, déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bhí i láthair an tráth agus san áit a ceapadh do thionól an chruinnithe a thaifeadadh agus measfar go raibh na comhaltaí sin ar chruinniú den údarás chun críche na rialach seo.

Corrfholúntais.

8. Aon chorrfholúntas a tharlóidh i gcomhaltas an údaráis déanfaidh an chomhairle nó an bardas a cheap an comhalta ba chúis leis an bhfolúntas é a líonadh laistigh de mhí tar éis an folúntas do tharlú nó laistigh de cibé tréimhse bhreise a cheadóidh an tAire, ach más comhalta a ceapadh do thoghlimistéar faoi fho-mhír (a) de mhír (1) de Riail 2 de na Rialacha seo ba chúis leis an gcorrfholúntas, líonfar an corrfholúntas ó líon na gcomhairleóirí contae a bheidh ag ionadú don limistéar sin.

Córam.

9. Is é córam an údaráis—

(a) i gcás inar uimhir is inroinnte ar cheathair gan fuílleach iomlán comhaltaí an údaráis—

(i) an ceathrú cuid d'uimhir iomlán comhaltaí an údaráis, nó

(ii) cúigear,

cibé acu is mó, agus

(b) i gcás inar uimhir nach inroinnte ar cheathair gan fuílleach uimhir iomlán comhaltaí an údaráis—

(i) an ceathrú cuid den chéad uimhir eile os a chionn is inroinnte ar cheathair gan fuílleach, nó

(ii) cúigear,

cibé acu is mó.

Cruinnithe.

10. Tionólfaidh an t-údarás cruinnithe chun a ngnó a dhéanamh uair amháin sa mhí ar a laghad agus cibé tráthanna eile is gá chun a bhfeidhmeanna a chomhlíonadh i gceart.

11. Tionólfar an chéad chruinniú den údarás, tar éis ceapadh comhaltaí an údaráis a bheith críochnaithe, lá a cheapfaidh an tAire, agus is cruinniú bliantúil a bheidh ann.

12. Déanfaidh an t-údarás ag a gcéad chruinniú lá den bhliain a cheapadh nach luaithe ná an 17ú lá d'Iúil ná nach déanaí ná an lú lá de Lúnasa le haghaidh cruinnithe bliantúla ina dhiaidh sin a thionól agus féadfaidh siad an lá a bheidh ceaptha amhlaidh a athrú ag aon chruinniú bliantúil ina dhiaidh sin.

13. Tionólfaidh an t-údarás cruinniú bliantúil gach bliain agus tionólfar an cruinniú an lá a bheidh ceaptha de thuras na huaire le haghaidh cruinnithe bliantúla a thionól faoi na rialacha seo, muran Domhnach nó lá saoire bainc an lá sin, agus sa chás sin tionólfar an cruinniú an chéad lá eile ina dhiaidh sin nach Domhnach ná lá saoire bainc.

14. Má tharlaíonn ar chúis ar bith (lena n-áirítear gan córam a bheith i láthair) nach dtionólfar an chéad chruinniú bliantúil nó aon chruinniú bliantúil eile den údarás an lá a bheidh ceaptha lena aghaidh faoi na rialacha seo, déanfaidh rúnaí an údaráis, a luaithe is féidir, cruinniú den údarás a ghairm le tionól ar uair chaothúil den lá ar dóigh leis gurb é an dáta caothúil is luaithe é chuige sin, agus chun gach críche is cruinniú bliantúil arna thionól an dáta a bheidh ceaptha faoi na rialacha seo an cruinniú a thionólfar de bhun na gairme sin.

Cathaoirleach agus Leas-Chathaoirleach.

15. (1) Ag gach cruinniú bliantúil den údarás, toghfaidh an t-údarás duine dá gcomhaltaí chun bheith ina chathaoirleach ar an údarás agus féadfaidh siad duine eile dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an údarás.

(2) Aon uair a thiocfaidh oifig chathaoirleach nó leas-chathaoirleach an údaráis chun bheith folamh ar shlí seachas trí dheireadh a theacht le gnáth-théarma oifige, déanfaidh an t-údarás ag a gcéad chruinniú eile tar éis an folúntas do tharlú nó, i gcás éirí as oifig, ag an gcruinniú a dtiocfaidh an t-éirí as in éifeacht, duine dá gcomhaltaí a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an údarás.

(3) Aon duine a thoghfar ina chathaoirleach nó ina leaschathaoirleach ar an údarás beidh sé i seilbh oifige mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach go dtí go gceapfar a chomharba mura dtarlaí roimhe sin go n-éireoidh sé as a oifig mar chathaoirleach nó mar leas-chathaoirleach nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith ina chomhalta den údarás.

(4) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-chathaoirleach an údaráis éirí as a oifig tráth ar bith mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí fhógra i scríbhinn a bheidh sínithe aige a thabhairt don údarás, ach ní bheidh éifeacht ag an éirí as go dtí tús an chéad chruinnithe eile den údarás a thionólfar tar éis dóibh an t-éirí as a fháil.

(5) Aon uair a tharlóidh go scoirfidh cathaoirleach nó leaschathaoirleach an údaráis de bheith, nó go dtiocfaidh sé faoi dhícháilíocht chun bheith, ina chomhalta den údarás, scoirfidh sé láithreach de bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach den údarás.

(6) Aon uair a tharlóidh gur comhionann an uimhir vótaí do bheirt daoine nó níos mó ag toghadh chathaoirleach an údaráis, cinnfear le crannchur cé acu de na daoine sin a bheidh ina chathaoirleach ar an údarás.

Imeachtaí ag Cruinnithe.

16. Ní bheidh imeachtaí an údaráis neamhbhailí de bhíthin aon fholúntais nó folúntas i measc a gcomhaltaí nó trí aon locht ar thoghadh an údaráis nó ar thoghadh nó ar cháilíocht aon chomhalta de údarás.

17. Féadfaidh cathaoirleach an údaráis cruinniú den údarás a ghlaoch.

18. Má dhiúltaíonn cathaoirleach an údaráis cruinniú den údarás a ghlaoch tar éis iarratas á iarraidh sin, agus é sínithe ag triúr comhaltaí den údarás, a thabhairt dó, féadfaidh aon triúr comhaltaí den údarás cruinniú a ghlaoch láithreach ar é a dhiúltú amhlaidh, agus mura ndéana an cathaoirleach (gan diúltú amhlaidh), laistigh de sheacht lá ón iarratas a thabhairt, cruinniú den údarás a ghlaoch, féadfaidh aon triúr comhaltaí den údarás, ar bheith caite don seacht lá sin, cruinniú den údarás a ghlaoch.

19. Trí lá glan ar a laghad roimh chruinniú an údaráis, déanfar fógra i dtaobh am agus áit an chruinnithe bheartaithe agus é sínithe ag an gcathaoirleach, nó, más comhaltaí den údarás a ghlaoigh an cruinniú, ag na comhaltaí sin, a dhaingniú ar an halla nó i cibé áit eile inar gnáth leis an údarás cruinniú agus, más comhaltaí den údarás a ghlaoigh an cruinniú, sonrófar san fhógra an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú.

20. Trí lá glan ar a laghad roimh aon chruinniú den údarás, déanfar gairm chun an chruinnithe ina sonrófar an gnó a bheartaítear a dhéanamh ag an gcruinniú agus í sínithe ag rúnaí an údaráis a fhágáil, nó a sheachadadh leis an bpost, ag gnáth-áit chónaithe gach comhalta den údarás, ach mura ndéantar an ghairm sin a fhágáil nó a sheachadadh amhlaidh le haghaidh comhalta nó cuid de chomhaltaí an údaráis ní dhéanfaidh sé sin difir do bhailíocht chruinnithe.

21. Ní dhéanfar aon ghnó ar cruinniú den údarás seachas é sin a shonrófar sa ghairm a bhainfidh leis, ach amháin (i gcás an chruinnithe bhliantúil) gnó is gá a dhéanamh ag an gcruinniú.

22. Ag cruinniú den údarás—

(a) beidh cathaoirleach an údaráis, má bhíonn sé i láthair, ina chathaoirleach ar an gcruinniú,

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an údaráis as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, is é an leas-chathaoirleach (más ann), má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(c) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach an údaráis as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh agus oifig mar leas-chathaoirleach gan bheith ann, nó an leas-chathaoirleach gan bheith i láthair nó oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den údarás a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

23. Leagfar amach miontuairiscí ar imeachtaí chruinnithe den údarás agus taifeadfar go cothrom iad i leabhar a choimeádfar chuige sin agus síneoidh cathaoirleach an chruinnithe nó an chéad chruinnithe eile ina dhiaidh sin iad.

24. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a bheidh ag cruinniú den údarás a thaifeadadh i miontuairiscí imeachtaí an chruinnithe.

25. Déanfar ainmneacha na gcomhaltaí a vótálfaidh ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den údarás a thaifeadadh i miontuairiscí imeachtaí an chruinnithe agus taispeánfar sa taifead cé hiad na comhaltaí a vótáil i bhfabhar na ceiste agus cé hiad a vótáil ina coinne.

26. Féadfar gníomhartha uile an údaráis agus na ceisteanna go léir a thiocfaidh nó a éireoidh os comhair an údaráis a dhéanamh agus a chinneadh ag tromlach na gcomhaltaí sin den údarás a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ag cruinniú den údarás a thionólfar go cuí de réir dlí.

27. I gcás comhionannas vótaí ar aon cheist a éireoidh ag cruinniú den údarás, seachas toghadh cathaoirligh, beidh an dara vóta nó vóta réitigh ag cathaoirleach an chruinnithe.