|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TOGHCHÁN, 1960) | Ar Aghaidh (CUID II. Forálacha i dTaobh na Vótaíochta sa Toghchán Dála agus sna Toghcháin Áitiúla.) |
AN tACHT TOGHCHÁN, 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Toghchán, 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Léiriú. |
2. —(1) San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “an Toghchán Dála” comhalta de Dháil Éireann a thoghadh chun an folúntas a líonadh a tharla de dheasca Seosamh O hAodha d'fháil bháis; | |
[EN] | ciallaíonn “na húdaráis áitiúla” na comhairlí contae, na bardais chontae-bhuirge nó buirgí eile, na comhairlí ceantar uirbeacha agus na coimisinéirí bailte a bhfuil a limistéir feidhmiúcháin sa limistéar arb éard é contaetha riaracháin Cheatharlach agus Chill Chainnigh agus contae-bhuirg Phortláirge; | |
[EN] | ciallaíonn “na toghcháin áitiúla” na toghcháin chomhaltaí de na húdaráis áitiúla a bheidh ar siúl sa bhliain 1960; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil. | |
[EN] | (2) Déanfar aon tagairt san Acht seo do chomhaltaí d'údarás áitiúil a fhorléiriú, nuair is bardas contae-bhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i gceist, mar thagairt do chomhaltaí na comhairle a bunaíodh le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin. | |
[EN] |
Oibriú Coda II agus laethanta áirithe a shocrú. |
3. —(1) Má thairgtear an rit don toghchán Dála tráth nach déanaí ná an 1ú lá de Mheitheamh, 1960, féadfaidh an tAire, le hordú, a dhearbhú go bhfuil Cuid II den Acht seo i ngníomh. |
[EN] | (2) Socróidh ordú faoin alt seo maidir leis an toghchán Dála— | |
[EN] | (a) lá a measfar gurb é an lá é a fuair an ceann comhairimh an rit, agus | |
[EN] | (b) lá le haghaidh vótaíochta. | |
[EN] | (3) Má dhéantar ordú faoin alt seo, tiocfaidh Cuid II den Acht seo i ngníomh ar an ordú a dhéanamh, ach ní thiocfaidh sí i ngníomh ar aon mhodh eile. |