An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta.) Ar Aghaidh (CUID III. Leasú ar an bPríomh-Acht.)

15 1960

AN tACHT FRUILCHEANNAIGH (LEASÚ), 1960

CUID II.

Fruilcheannach, Díol Creidmheasa agus Ligean Earraí a Rialú.

Fruilcheannach, díol creidmheasa agus ligean earraí a rialú.

6. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, foráil a dhéanamh le rialáil agus rialú a dhéanamh ar ligean, cibé acu faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó ar shlí eile é, agus ar dhíol, trí chomhaontuithe díola chreidmheasa, earraí nó aon chinéal nó saghas earraí.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo nó d'aon ní sa Phríomh-Acht, féadfaidh foráil a bheith in ordú faoin alt seo lena aghaidh seo a leanas—

(a) foirm na gcomhaontuithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo,

(b) an éarlais íosta a íocfaidh ceannaitheoir nó fruilitheoir,

(c) an tréimhse uasta íoca, agus méid agus minicíocht tráthchodanna nó cíosanna,

(d) an t-eolas a thabharfar in aon dearc-fhógrán nó dearcchraoladh a fhoilseofar nó a dhéanfar ar aon mhodh nó slí ar aon chor i dtaobh earraí a bheidh ar díol trí chomhaontú fruilcheannaigh nó díol creidmheasa maidir leis na téarmaí ar a ndíolfar na hearraí,

(e) ráiteas a bheith in aon fhógrán nó craoladh den sórt sin ag insint an phraghais ar a ndíolfar na hearraí ar réidh-airgead.

(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo a fhoráil freisin nach mbeidh teideal ag duine a dhíolfaidh nó a ligfidh earraí lena mbainfidh an t-ordú aon chomhaontú i leith an díola nó an ligin sin, ná aon cheart chun na hearraí a aisghabháil, a chur i bhfeidhm mura gcomhlíonfar forálacha sonraithe den ordú.

(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

(5) Is amháin tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a dhéanfar ordú faoi aon fhoráil den alt seo (ach amháin maidir le mír (d) nó (e) d'fho-alt (2) den alt seo).

Eolas a thabhairt.

7. —Aon duine a sheolann, nó atá ar fostú i ndáil le, gnó ligin earraí, cibé acu faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó ar shlí eile é, nó gnó díola earraí trí chomhaontuithe díola chreidmheasa, tabharfaidh sé don Aire, aon uair a iarrfaidh an tAire air é, aon leabhair, doiciméid, taifid, sonraí nó eolas a bheidh i gcumhacht nó ar urláimh an duine sin agus a theastóidh ón Aire chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoin gCuid seo den Acht seo a fheidhmiú.

Oifigigh údaraithe.

8. —(1) Féadfaidh an tAire cibé oifigigh, agus cibé líon oifigeach, dá chuid is oiriúnach leis a cheapadh chun bheith ina n-oifigigh údaraithe chun críocha na Coda seo den Acht seo.

(2) Tabharfar do gach oifigeach údaraithe barántas a cheaptha mar oifigeach údaraithe, agus, a luaithe a rachaidh sé isteach in aon áitreabh de bhun alt 9 den Acht seo, tabharfaidh sé an barántas ar aird don duine a bheidh i bhfeighil an áitribh.

Cumhachtaí oifigeach údaraithe.

9. —(1) Féadfaidh oifigeach údaraithe, d'fhonn aon eolas a fháil a theastóidh ón Aire chun a chumasú dó a fheidhmeanna faoin gCuid seo den Acht seo a fheidhmiú, dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh ina seoltar gnó ligin earraí, cibé faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh nó ar shlí eile é, nó gnó díola earraí trí chomhaontuithe díola chreidmheasa agus aon ní amháin nó níos mó acu seo a leanas a dhéanamh—

(a) an t-áitreabh a scrúdú,

(b) a cheangal ar an duine a bheidh ag seoladh an ghnó sin, agus ar aon duine a bheidh ar fostú i ndáil leis sin, aon leabhair, doiciméid nó taifid a bhainfidh leis an ngnó sin agus a bheidh i gcumhacht nó ar urláimh an duine sin a thabhairt ar aird dó agus cibé eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir le haon sonraí sna leabhair, sna doiciméid nó sna taifid sin,

(c) na leabhair, na doiciméid nó na taifid sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu,

(d) a cheangal ar an duine sin aon eolas a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis na daoine a sheolann an gnó sin (lena n-áirítear, go háirithe, i gcás comhlacht neamhchorpraithe daoine, eolas maidir le comhaltas an chomhlachta sin agus a choiste bhainistí nó a údaráis rialaithe eile) nó atá ar fostú i ndáil leis an ngnó sin,

(e) a cheangal ar an duine sin aon eolas eile a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún maidir leis an ngnó sin.

(2) Ní cheanglófar ar aon duine de bhua alt 7 den Acht seo nó fo-alt (1) den alt seo aon cheist a fhreagairt ná aon fhianaise a thabhairt a ionchoireodh é féin.

(3) Faoi réir fhorálacha fho-alt (2) den alt seo, má choisceann nó má bhacann aon duine oifigeach údaraithe ag feidhmiú a chumhachtaí dó faoin alt seo nó mura ndéanfaidh sé de réir cheanglais faoi alt 7 den Acht seo nó faoin alt seo, beidh an duine sin ciontach i gcion.

Toirmeasc le heolas a nochtadh.

10. —(1) Ní nochtfaidh aon duine eolas a bheidh ar fáil aige de bhua na gcumhachtaí chun eolas a fháil a thugtar dó leis an gCuid seo den Acht seo.

(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le—

(a) scéala ó oifigeach údaraithe ag comhlíonadh a dhualgas dó faoin gCuid seo den Acht seo,

(b) nochtadh eolais chun críocha imeachtaí dlíthiúla faoin gCuid seo den Acht seo.

(3) Má sháraíonn aon duine fo-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion.

Ordú a shárú.

11. —(1) Aon duine a sháróidh (trí ghníomh nó neamhghníomh) aon fhoráil d'ordú faoin gCuid seo den Acht seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, beidh sé ciontach i gcion.

(2) Gach duine a chabhróidh, a neartóidh, nó a chomhcheilgfidh le duine eile, aon ní a dhéanamh (trí ghníomh nó neamhghníomh) a ndearbhaítear le fo-alt (1) den alt seo gur cion é a dhéanamh, beidh sé féin ciontach i gcion.

Cionta maidir le comhlachtaí corpraithe agus comhlachtaí neamhchorpraithe.

12. —Má dhéanann comhlacht corpraithe, nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann comhlachta chorpraithe nó comhlachta neamhchorpraithe daoine, cion faoin gCuid seo den Acht seo, agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó aontú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí mhainneachtain, aon duine atá, i gcás comhlachta chorpraithe, ina stiúrthóir air nó, i gcás comhlachta neamhchorpraithe, ina chomhalta de choiste bainistí, nó d'údarás rialaithe eile, an chomhlachta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

Pionóis.

13. —Gach duine a dhéanfaidh cion faoin gCuid seo den Acht seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile.

Cionta a ionchúiseamh.

1851 c. 93.

14. —(1) Féadfaidh an tAire imeachtaí i leith ciona faoin gCuid seo den Acht seo a thionscnamh agus a ionchúiseamh.

(2) D'ainneoin fo-alt (4) d'alt 10 den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin gCuid seo den Acht seo a thionscnamh laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an chiona.