An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Leasú ar an bPríomh-Acht.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Mír Bhreise atá le cur i Nóta nó Meabhrán Comhaontaithe Fhruilcheannaigh a bhaineann le Mótar Fheithicil.)

15 1960

AN tACHT FRUILCHEANNAIGH (LEASÚ), 1960

CUID IV.

Ilghnéitheach.

Caingne a tharchur nó a aistriú.

1924, Uimh. 10 .

1936 Uimh. 48.

26. —(1) An dlínse atá ag an Ard-Chúirt chun caingne a tharchur nó a aistriú faoi alt 25 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , féadfar, maidir le caingean a bheidh ar feitheamh san Ard-Chúirt ag úinéir earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh—

(a) chun ceart chun seilbh a aisghabháil ar na hearraí ón bhfruilitheoir a chur i bhfeidhm, nó

(b) chun iallach a chur suim a íoc a bheidh dlite faoin gcomhaontú fruilcheannaigh nó faoi aon chomhaontú ráthaíochta a bhainfidh leis sin,

féadfaidh an Ard-Chúirt féin, aon tráth sula dtabharfar breithiúnas sa chaingean, í a fheidhmiú uaithi féin agus gan iarratas chuige sin a bheith déanta chuici ag aon pháirtí sa chaingean.

(2) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 11 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , maidir le caingean a bheartóidh an Ard-Chúirt a tharchur nó a aistriú de bhua an ailt seo.

Is Breitheamh den Ard-Chúirt nó Máistir na hArd-Chúirte a thabharfaidh breithiúnais i gcaingne chun earraí a aisghabháil a ligeadh faoi chomhaontuithe fruilcheannaigh.

27. —D'ainneoin aon ní i rialacha cúirte, i gcaingean san Ard-Chúirt nó sa Chúirt Chuarda a thionscnófar tar éis tosach feidhme an Achta seo ag úinéir earraí a ligeadh faoi chomhaontú fruilcheannaigh ag éileamh, go haonarach nó i dteannta aon éilimh eile, ceart chun seilbh na n-earraí a aisghabháil ón bhfruilitheoir a chur i bhfeidhm, is ó Bhreitheamh den Ard-Chúirt, nó, i gcás inar iomchuí é, is ó Mháistir na hArd-Chúirte, agus uaidh sin amháin a gheofar breithiúnas.

Déileálaí do dhíol earraí a ligeadh chuigí faoi chomhaontú fruilcheannaigh.

28. —Más éard é fruilitheoir earraí d'aon saghas nó cineál déileálaí in earraí den saghas nó den chineál sin agus go ndéanfaidh sé na hearraí ar fruilitheoir orthu é a dhíol agus é ag gníomhú go sofheicse i ngnáth-chúrsa a ghnó mar dhéileálaí den sórt sin, beidh an díol chomh bailí agus dá mbeadh údarás sainráite aige ón úinéir an díol a dhéanamh, ar choinníoll gur de mheon mhacánta a ghníomhóidh an ceannaitheoir agus nach mbeidh fógra aige tráth an díola nach bhfuil údarás ag an bhfruilitheoir an díol a dhéanamh.

Aisghairm.

29. —Déantar leis seo fo-alt (5) d'alt 13 agus alt 20 den Phríomh-Acht a aisghairm maidir le caingne a thionscnófar tar éis tosach feidhme an Achta seo.