|
|||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1960) | Ar Aghaidh (CUID II. Tráthanna Toirmiscthe.) |
AN tACHT DEOCHA MEISCIÚLA, 1960
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla, 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) A mhéid a leasaíonn sé agus a leathnaíonn sé na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1953, forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1960, a ghairm díobh le chéile, agus a mhéid a leasaíonn sé agus a leathnaíonn sé Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1927, forléireofar é féin agus na hAchtanna sin mar aon ní amháin agus féadfar Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1960, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] |
Léiriú. 1902, c. 18. 1910, c. 8. i1943, Umh. 7. |
2. —(1) San Acht seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt,— |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1902” an Licensing (Ireland) Act, 1902; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1910” an Finance (1909-10) Act, 1910; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927 ; | |
[EN] | ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Deocha Meisciúla, 1943 ; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chúirt”, maidir le himeachtaí i dtaobh ar-cheadúnas a dheonú, an Chúirt Chuarda, agus, maidir le himeachtaí i dtaobh eis-cheadúnais nó i dtaobh ar-cheadúnas a athnuachan nó a aistriú, an Chúirt Dúiche; | |
[EN] | ciallaíonn “ceantar Cúirte” ceantar Cúirte Dúiche arna fhorordú le dlí chun gnó ceadúnúcháin a dhéanamh; | |
[EN] | ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas chun deochanna meisciúla a dhíol ar gá deimhniú ón gCúirt a thabhairt ar aird chun go ndeonófar é, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin. | |
[EN] | (2) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin lena n-áirítear an tAcht seo. | |
[EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo gach achtachán dá dtagraítear sa dara colún den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin os coinne lua an achtacháin sin. |