An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1960) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mál.)

19 1960

AN tACHT AIRGEADAIS, 1960

CUID I.

Cáin Ioncaim.

Cáin Ioncaim agus forcháin don bhliain 1960-61.

1959, Uimh. 42 .

1. —(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.

(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná dhá mhíle punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is de réir na rátaí ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, a mhuirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir fhorálacha an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1959 , agus an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1960, maidir le cáin ioncaim agus forcháin, agus ag aon fhorálacha den sórt sin a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, maidir leis an gcéanna, seachas na forálacha sin nach mbaineann de réir a dtéarmaí ach le cáin ioncaim agus le forcháin a bhí le muirearú don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí.

1920, c. 18.

1955, Uimh. 13 .

1944, Uimh. 18 .

1954, Uimh. 22 .

2. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú trí “a deduction of one hundred and twenty pounds” a chur in ionad “a deduction of one hundred pounds” (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Airgeadais, 1955 ).

(2) Déantar leis seo alt 4 den Acht Airgeadais, 1944 , a leasú trí “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1957, nó na hAchtanna sin agus aon Acht ina dhiaidh sin a fhéadfar a lua i dteannta na hAchtanna sin” a chur in ionad “na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952” (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Airgeadais, 1954 ).

Leasú ar alt 14 den Acht Airgid, 1929 , agus ar alt 2 den Acht Airgeadais, 1945 .

1929. Uimh. 32.

1945, Uimh. 20 .

3. —(1) Maidir le caillteanais lena mbaineann an t-alt seo—

(a) leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgid, 1929 , trí “aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin” a chur in ionad “na sé mblian cáinmheasa ina dhiaidh sin” i bhfo-alt (1) agus trí “in aghaidh aon bhliana laistigh de sna sé bliana san ina dhiaidh sin” agus “den tsórt san” a scriosadh as fo-alt (3); agus

(b) leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1945 , trí “aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin” a chur in ionad “na sé bliana measúnachta ina dhiaidh sin” i bhfo-alt (1) agus “in aghaidh aon bhliana de na sé bliana san ina dhiaidh sin” agus “den tsórt san” a scriosadh as fo-alt (3).

(2) Baineann an t-alt seo le caillteanais a tharla ó thosach na bliana 1960-61 agus leis an oiread sin d'aon chaillteanas a tharla roimh thosach na bliana sin a d'fhéadfaí, ar leith ón alt seo, a thabhairt anonn chun na bliana sin.

Caillteanais a thabhairt siar i gcásanna áirithe.

1946, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 47 .

1957, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 18 .

4. —(1) I gcás ina mbeifear tar éis buanscor de cheird nó gairm, agus gur bhain caillteanas lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear caillteanas scoir anseo ina dhiaidh seo san alt seo), d'aon duine a bhí á seoladh, leis féin nó i gcomhpháirtíocht, díreach roimh am an scoir, ansin, faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar, an oiread agus is féidir, méad an chaillteanais scoir a asbhaint as méad, nó a fhritháireamh i gcoinne méid, na mbrabús nó an ghnóchain a mbeidh cáin ioncaim muirearaithe air ina leith faoi Sceideal D maidir leis an trádáil nó an ghairm in aghaidh na dtrí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina dtarlóidh an scor, agus déanfar na leasuithe sin uile ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá chun éifeacht a thabhairt don éileamh:

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh i leith an ábhair chéanna faoin alt seo agus faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) Aon fhaoiseamh a thabharfar faoin alt seo tabharfar é, an oiread agus is féidir, ón measúnacht in aghaidh bliana níos déanaí i dtosaíocht ar bhliain níos luaithe.

(3) Déanfar an cheist cé acu a bhain nó nár bhain aon chaillteanas scoir do dhuine i dtrádáil nó i ngairm agus, má bhain, cé mhéad, a chinneadh, chun críocha an ailt seo, trí shuimeanna, más aon suimeanna é, na nithe seo a leanas a ghlacadh (a mhéid nach mbeidh siad áirithe ar shlí eile chun aon mhuirear i leith cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith), is é sin le rá:

(a) an caillteanas a bhain dó sa trádáil nó sa ghairm an bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis buanscor de;

(b) na liúntais chaipitil iomchuí don bhliain mheasúnachta sin;

(c) an caillteanas a bhain dó sa trádáil nó sa ghairm sa chuid den bhliain mheasúnachta roimhe sin dar tosach dhá mhí dhéag roimh dháta an scoir;

(d) an codán céanna de na liúntais chaipitil iomchuí don bhliain mheasúnachta sin roimhe sin agus is comhionann leis an gcodán de bhliain a bheidh sa chuid a thosaigh mar a dúradh.

(4) San fho-alt deiridh roimhe seo ciallaíonn “na liúntais chaipitil iomchuí”, maidir le haon bhliain mheasúnachta, na liúntais chaipitil a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain na trádála nó na gairme in aghaidh na bliana sin gan méideanna a tugadh ar aghaidh ó bhliain roimhe sin a áireamh, agus, chun críocha míreanna (a) agus (c) den fho-alt sin, ríomhfar méid caillteanais ar an modh céanna a ríomhtar brabúis nó gnóchan faoi na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.

(5) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, maidir le méid na mbrabús nó an ghnóchain ar muirearaíodh cáin ioncaim ar dhuine ina leith in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith brabús nó gnóchain trádála nó gairme measfar, chun críocha faoisimh faoin alt seo ón measúnacht don bhliain sin, gurb é méid é méid iomlán na mbrabús nó an ghnóchain ar inmheasúnaithe ina leith é in aghaidh na bliana sin lúide—

(a) suim is comhionann le méid iomlán na n-asbhaintí i leith liúntas caipitil a tugadh, má tugadh, agus brabúis nó gnóchan á mhuirearú, agus

(b) suim is comhionann le méid iomlán na n-asbhaintí a bhí le baint, má bhí, as na brabúis nó an gnóchan, i leith íocaíochtaí a rinneadh nó caillteanais a tharla, agus ioncam iomlán an duine in aghaidh na bliana á ríomh chun críocha cánach ioncaim, nó a bheadh le baint amhlaidh dá mba phearsa an duine, agus

(c) i gcás comhlacht daoine, suim is comhionann leis an oiread sin de na brabúis nó den ghnóchan agus a caitheadh ag íoc díbhinní:

Ar choinníoll, i gcás inar féidir déileáil, i bpáirt nó go hiomlán, le haon asbhaint den sórt a luaitear i mír (b) mar asbhaint a baineadh as na brabúis nó an gnóchan nó mar asbhaint a baineadh as ioncam eile, go bhféadfar, an oiread agus is féidir é, déileáil, chun críocha an fho-ailt seo, leis an asbhaint mar asbhaint a baineadh as an ioncam eile.

(6) Má dhéantar, faoi mhír (b) d'fho-alt (5) den alt seo, méid na mbrabús nó an ghnóchain arbh inmheasúnaithe duine ina leith in aghaidh aon bhliana áirithe a laghdú faoi threoir íocaíochta a rinne sé, déanfar laghdú comhréire ar mhéid an chaillteanais dheiridh a bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt seo in aghaidh blianta roimhe sin muran go hiomlán eisiatach chun críocha na trádála nó an gairme a rinneadh an íocaíocht.

(7) I gcás duine a éileoidh faoiseamh faoin alt seo ar scor a bheith ag seoladh na trádála nó na gairme i gcomhpháirtíocht ó thosach an tríú bliain mheasúnachta roimh bhliain an scoir—

(a) measfar, chun críocha fho-alt (5) den alt seo, gurb é méid iomlán na mbrabús nó an ghnóchain arbh inmheasúnaithe é ina leith in aghaidh aon bhliana, nó coda de bhliain, ar measúnaíodh ina haghaidh an chomhpháirtíocht i leith na trádála nó na gairme suim a scaire sin, arna ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, de na brabúis nó den ghnóchan ar muirearaíodh cáin ar an gcomhpháirtíocht ina leith agus déanfar, chun na críche sin, suim na mbrabús nó an ghnóchain ar muirearaíodh amhlaidh an chomhpháirtíocht ina leith a ríomh mar ríomhfaí í faoin bhfo-alt sin (5) dá mbaineadh an fo-alt sin le comhpháirtíocht mar a bhaineann sé le pearsa, agus

(b) má bhí an trádáil nó an ghairm sin á seoladh aige i gcomhpháirtíocht díreach roimh an scor, is iad na méideanna sin amháin a áireofar, de bhua mhír (b) nó (d) d'fho-alt (3) den alt seo, ina chaillteanas scoir an chuid sin amháin de na méideanna a luaitear ansin (a mhéid nach mbeidh siad áirithe ar shlí eile chun aon mhuirear i leith cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith) arbh iad a chuid iad tar éis roinnt a dhéanamh de réir na scaireanna a raibh teideal ag na comhpháirtithe chucu an tráth sin a fháil as brabúis na trádála nó na gairme.

(8) Chun críocha uile an ailt seo, déileálfar le trádáil nó gairm amhail is dá mbeadh sí buanscortha agus trádáil nó gairm nua bunaithe nó tosaithe nuair a dhéileálfar amhlaidh, chun críocha Rialach 11 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, ach

(a) duine a leanfaidh de bheith á seoladh díreach tar éis scor den sórt sin ní bheidh teideal aige chun faoisimh i leith aon chaillteanais scoir ar an scor sin, agus

(b) ar aon scor, féadfar faoiseamh a thabhairt do dhuine nach leanfaidh de bheith ag seoladh amhlaidh i leith caillteanais scoir i gcoinne brabús nó gnóchain ar muirearaíodh é ina leith i ndáil leis an trádáil nó an ghairm chéanna in aghaidh tréimhse roimh scor roimhe sin, má bhí sé gan sos á seoladh idir an dá scor, agus, ina chás sin, má tharla an scor roimhe sin laistigh de dhá mhí dhéag roimh an scor eile, déanfar neamhshuim di chun críocha fho-alt (3) den alt seo.

(9) San alt seo ciallaíonn “liúntais chaipitil” liúntais seachas liúntais a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain, faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II den Sceideal D, alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 , nó Cuid V nó alt 74 den Acht Airgeadais, 1959 .

(10) Is chun an chigire chánach a dhéanfar, agus is é an cigire cánach a chinnfidh, aon éileamh faoi fho-alt (1) den alt seo, ach féadfaidh duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ón gcigire cánach ar aon éileamh den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl dó.

(11) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (10) den alt seo ionann is dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha sin na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte ar phointe dlí a fháil air, faoi réir na modhnuithe is gá.

(12) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina ndéanfar trádáil nó gairm a bhuanscor sa bhliain 1960-61 nó in aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932 .

1957, Uimh. 20 .

1932, Uimh. 20 .

5. —(1) Déantar leis seo an fo-alt atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1957 , a leasú, le héifeacht amhail ó thosach feidhme alt 7 den Acht Airgid, 1932 , trí “roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis” a chur in ionad “tar éis dáta an Achta seo a rith”.

(2) I gcás ina dtabharfar deimhniú de bhua an ailt seo i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní dhéanfar, mar sin féin, faoiseamh ná aisíocaíocht faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932 , a dheonú i leith aon díbhinne nó ús ar na stoic, ar na scaireanna nó ar na hurrúis ab iníoctha roimh dháta an deimhnithe.

Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1956 .

1956, Uimh. 22 .

1958, Uimh. 25 .

6. —Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1956 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):

“(2) Chun críocha fho-ailt (1) den alt seo, maidir leis an gceist ar mó na suimeanna sin ná cúig phunt is fiche agus más mó, cé mhéad is mó, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 8 den Acht Airgeadais, 1958 , gur lena fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an gcuid dá ioncam is leis an bhfearchéile de bhua an ailt sin agus an chuid is leis ar leith ón alt sin.”

Díolúine— údarás a rialaíonn cuan laistigh den Stát.

7. —Deonófar díolúine ó cháin faoi Sceideal D maidir le hoiread de bhrabúis nó de ghnóchan údaráis a rialaíonn cuan laistigh den Stát a éiríonn as cibé saoráidí agus cóiríocht a chur ar fáil sa chuan sin d'árthaigh, d'earraí agus do phaisnéirí a chuireann údaráis a rialaíonn cuanta, atá laistigh den Stát, ar fáil de ghnáth sna cuanta sin.

Díbhinn ó áit lasmuigh den Stát do phearsa a chónaigh ansin tráth.

8. —(1) I gcás pearsa ag a raibh leas tairbhiúil in ioncam ó bhunadh lasmuigh den Stát a bheith inchurtha faoi cháin i leith an ioncaim sin don bhliain 1959-60 faoi Chás III de Sceideal D; gur díbhinn d'íoc cuideachta a ndearnadh a gnó a bhainistí agus a rialú lasmuigh den Stát an t-ioncam; gurbh é an phearsa, nó an phearsa agus a bhanchéile, nó an phearsa agus a fearchéile, cibé acu é, an t-úinéir tairbhiúil nó go raibh cumas rialaithe aige, aici nó acu, go díreach nó trí mheán aon chuideachtaí eile nó trí aon mheáin neamhdhíreacha eile, ar níos mó ná 20 faoin gcéad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta; agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, maidir leis an ioncam nó le cuid de, go ndéileálfaí leis an ioncam nó leis an gcuid, dá mba ó chuideachta a bhí faoi bhainistí agus rialú sa Stát an t-ioncam nó an chuid, ionann agus nárbh ioncam, mar bhaineann le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), an t-ioncam nó an chuid, ansin déanfar neamhshuim chun gach críche a bhaineann leis na hAchtanna Cánach Ioncaim den ioncam nó den chuid, cibé acu é.

(2) Baineann an t-alt seo le duine a bhfuil cónaí air sa Stát agus nach bhfuil cónaí air in aon áit eile ach a bhí, sula dtáinig sé chun cónaithe sa Stát, ina chónaí lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí deich mbliana ar a laghad nó ar feadh uimhir de thréimhsí neamhleanúnacha nach giorra ná deich mbliana san iomlán.

Cumhacht chun eolas a fháil maidir le táillí, coimisiúin, etc.

9. —(1) Gach duine a sheolann trádáil nó gnó déanfaidh sé, agus tabharfaidh sé don chigire cánach, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire cánach, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh agus—

(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa na trádála nó an ghnó nó i gcúrsa cibé coda den trádáil nó den ghnó a shonrófar san fhógra, i leith seirbhísí a tugadh maidir leis an trádáil nó an gnó ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó

(b) arbh íocaíochtaí iad i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, nó aon chuid den trádáil nó den ghnó, a bhunú, a fháil, a fhorbairt nó a dhiúscairt, ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó

(c) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.

(2) Gach comhlacht daoine a sheolann aon ghníomhaíocht nach trádáil nó gnó, déanfaidh sé, agus tabharfaidh sé don chigire cánach, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire cánach, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh, agus—

(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa an ghníomhaíocht, nó cibé cuid den ghníomhaíocht a shonrófar san fhógra, a sheoladh, i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an ngníomhaíocht ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú ag an gcomhlacht daoine sin, nó

(b) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.

(3) Aon tuairisceán a éileofar faoi cheachtar de na fo-ailt roimhe seo, más comhlacht neamhchorpraithe daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht eile, is é an duine a dhéanfaidh agus a thabharfaidh é an duine is rúnaí, nó a chomhlíonann dualgais rúnaí, don chomhlacht, agus leagfar amach an fógra dá réir sin.

(4) Beidh i dtuairisceán faoi na forálacha roimhe seo den alt seo ainm an duine lena ndearnadh gach íocaíocht, méid na híocaíochta agus cibé sonraí eile (lena n-áirítear sonraí maidir leis na seirbhísí nó na cirt ar ina leith a rinneadh an íocaíocht, an tréimhse ar tugadh aon seirbhísí ar a feadh agus aon ghnó-ainm agus aon ghnó-sheoladh nó seoladh baile leis an duine lena ndearnadh an íocaíocht) a shonrófar san fhógra.

(5) Ní éileofar ar dhuine ar bith faoi na forálacha roimhe seo den alt seo na nithe seo a leanas a chur i dtuairisceán—

(a) sonraí aon íocaíochta as ar inasbhainte cáin ioncaim, nó

(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh le haon duine amháin áirithe i gcás nach mó ná cúig phunt déag iomlán na n-íocaíochtaí leis an duine sin a bheadh thairis sin le cur sa tuairisceán, nó

(c) sonraí aon íocaíochta a rinneadh bliain mheasúnachta dar chríoch tráth níos mó ná trí bliana roimh thráth an fhógra a sheirbheáil air á éileamh air an tuairisceán a dhéanamh.

(6) Aon duine ar a n-éileofar in aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo tuairisceán fíor cruinn a thabhairt agus a mhainneoidh é a thabhairt laistigh den tréimhse a bheidh teoranta san fhógra dlífear pionós fiche punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonaidh leanúnaigh, a chomhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.

(7) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an máil a ghnóthú.

(8) I gcás—

(a) ina bhfágfaidh aon duine gan comhlíonadh aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo á éileamh air aon tuairisceán a thabhairt,

(b) go n-éileoidh an fógra comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus

(c) go leanfaidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, gan an tuairisceán a thabhairt,

measfar, chun críocha fho-alt (6) den alt seo, gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin.

(9) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú—

(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas, i rith tréimhse a shonrófar, tuairisceán a shonrófar ón gcosantóir ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár thug an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin,

(b) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear ina leith mír (a) den fho-alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.

(10) San alt seo—

(a) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí i leith seirbhísí tagairtí d'íocaíochtaí ar mhodh coimisiúin d'aon sórt agus tagairtí d'íocaíochtaí i leith costas faoina ndeachthas i ndáil le seirbhísí a thabhairt, agus

(b) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí a dhéanamh tagairtí d'aon chomaoin luachmhar a thabhairt,

agus déanfar an ceanglas a fhorchuirtear le fo-alt (4) den alt seo méid íocaíochta a lua a fhorléiriú, maidir le haon chomaoin a thabharfar ar shlí seachas in airgead, mar cheanglas sonraí a thabhairt i dtaobh na comaoine.

(11) Bainfidh an t-alt seo le híocaíochtaí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis.