An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus Mál.) Ar Aghaidh (CUID IV. Leasú ar an Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956.)

19 1960

AN tACHT AIRGEADAIS, 1960

CUID III.

Dleachtanna Báis.

Athrú ar rátaí dleachta báis.

1951, Uimh. 15 .

23. —I gcás daoine a éagfaidh tar éis an 27ú lá d'Aibreán, 1960, is é scála rátaí dleachta eastáit a bheidh ann agus ag a mbeidh éifeacht, in ionad an scála atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1951 , an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Forálacha a leanann as an athrú ar rátaí dleachta eastáit.

1931, Uimh. 31 .

1951, Uimh. 15 .

24. —(1) I gcás nach mó ná cúig mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a aistríonn ar bhás an éagaigh, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní dhéanfar, chun críche dleachta eastáit, an mhaoin sin a chomhshuimiú le haon mhaoin eile, ach beidh sí ina heastát inti féin, agus ní bheidh na dleachtanna leagáide agus comharbais iníoctha faoi uacht nó díthiomnacht an éagaigh i leith an eastáit sin.

(2) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgid, 1931 , trí “cúig mhíle punt” a chur in ionad “dhá mhíle punt” (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1951 ).

(3) I gcás inar mó ná cúig mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, ar iníoctha dleacht eastáit ina leith, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine níos mó ná an méid is mó ná cúig mhíle punt luach glan na maoine arna mheas chun críche dleachta eastáit.

(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfaidh tar éis an 27ú lá d'Aibreán, 1960.

Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1956 .

1956, Uimh. 22 .

25. —I gcás ina dtabharfar deimhniú de bhua alt 5 den Acht seo maidir le haon stoic, scaireanna nó urrúis, ní dheonófar faoiseamh ó dhleacht eastáit faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1956 , maidir leis na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin ach amháin maidir le bás duine a éagfaidh tar éis an tAcht seo a rith.