22 1960


Uimhir 22 de 1960.


AN tACHT COSANTA (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DÍORMAÍ DE NA BUAN-ÓGLAIGH A CHUR CHUN BEALAIGH LE hAGHAIDH SEIRBHÍSE LASMUIGH DEN STÁT LE FÓRSAÍ IDIRNÁISIÚNTA ARNA mBUNÚ AG COMHAIRLE SLÁNDÁLA NÓ COMHTHIONÓL GINEARÁLTA NA NÁISIÚN AONTAITHE CHUN DUALGAIS AR MHODH PÓILÍNEACHTA A CHOMHLÍONADH, DO LEATHNÚ LIMISTÉAR SEIRBHÍSE CHOMHALTAÍ ÁIRITHE DE NA BUAN-ÓGLAIGH, AGUS, CHUN AN gCRÍOCHA SIN, DO LEASÚ AN ACHTA COSANTA, 1954 , I SLITE ÁIRITHE AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS SIN. [26 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1954, Uimh. 18 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Cosanta, 1954 ;

ciallaíonn an abairt “Fórsa Eigeandála ó na Náisiúin Aontaithe” fórsa idirnáisiúnta arna bhunú ag Comhairle Slándála nó Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun dualgais ar mhodh poilíneachta a chomhlíonadh.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus an Príomh-Acht mar aon ní amháin.

Diormaí de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát le Fórsaí Eigeandála ó na Náisiúin Aontaithe.

2. —Féadfar díorma de na Buan-Óglaigh a chur chun bealaigh le haghaidh seirbhíse lasmuigh den Stát mar chuid d'Fhórsa Eigeandála ó na Náisiúin Aontaithe.

Dliteanas a bheith ar chomhaltaí áirithe de na Buan-Óglaigh seirbhís a thabhairt le Fórsaí Eigeandála ó na Náisiúin Aontaithe.

3. —(1) (a) Beidh feidhm ag an alt seo gach tráth—

(i) maidir le hoifigeach sna Buan-Óglaigh arna cheapadh ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis,

(ii) maidir le fear sna Buan-Óglaigh a liostáil ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

(b) I gcás ina mbeidh tairiscint déanta i scríbhinn ag comhalta de na Buan-Óglaigh (nach comhalta de na Buan-Óglaigh a shonraítear i mír (a) den fho-alt seo) é féin a chur faoi dhliteanas seirbhís eachtrach a thabhairt i gcaitheamh tréimhse sonraithe agus go mbeidh an tAire, nó oifigeach arna údarú chuige sin ag an Aire, tar éis glacadh leis an tairiscint sin, beidh feidhm ag an alt seo freisin maidir leis an gcomhalta sin i gcaitheamh na tréimhse sin.

(2) D'ainneoin aon ní atá i gCaibidil III de Chuid IV den Phríomh-Acht, dlífidh gach comhalta de na Buan-Óglaigh lena mbainfidh an t-alt seo de thuras na huaire seirbhís a thabhairt lasmuigh den Stát le díorma de na Buan-Óglaigh a bheidh curtha chun bealaigh nó a bheartófar a chur chun bealaigh, de bhun alt 2 den Acht seo, le haghaidh seirbhíse le Fórsa Éigeandála ó na Náisiúin Aontaithe.

An Príomh-Acht a leasú.

4. —Aon chomhalta de na Buan-Óglaigh a bheidh ag tabhairt seirbhíse lasmuigh den Stát le Fórsa Éigeandála ó na Náisiúin Aontaithe, measfar, chun críocha an Phríomh-Achta, é a bheith, le linn dó a bheith ag tabhairt seirbhíse amhlaidh, ar fianas.

Gearrtheideal, comhlua agus ré.

5. —(1) Féadfar an tAcht Cosanta (Leasú), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Cosanta, 1954 agus 1960, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Leanfaidh an tAcht seo i bhfeidhm go ceann sé mhí ó dháta a rite agus rachaidh sé in éag ansin.