Ar Aghaidh (An Achomaireacht ar Sceidil a agus B dá dTagraítear san Acht seo)

29 1960


Uimhir 29 de 1960.


AN tACHT LEITHREASA, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CHRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA, AGUS NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ IS TRÍOCHA DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD SEASCA A hAON, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONAÍODH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1960 , AGUS A DHEONAÍTEAR LEIS AN ACHT SEO, CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT A FHÁIL. [28 Iúil, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste

£777,940 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1959-60.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim seacht gcéad, seachtó is seacht míle, naoi gcéad agus daichead punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar chríoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca.

£84,353,620 a eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1960-61.

2. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim ochtó is ceithre mhilliún, trí chéad caoga is trí mhíle, sé chéad agus fiche punt a eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá is tríocha de Mhárta, míle naoi gcéad seasca a haon.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £85,131,560 a thógáil ar iasacht.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna nach mó san iomlán ná ochtó is cúig mhilliún, céad tríocha is aon mhíle, cúig chéad is seasca punt a thógáil ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna a airleacan chun an Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógáil ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthú agus a eisiúint agus iad faoi cibé ráta úis, agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrús a eiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

(3) Déanfar aon airgead a chruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Státchiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon slí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

Deontais a Leithreasú

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £130,299,560, a leithreasú.

4. —(1) Na suimeanna uile a dheonaítear as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal A a ghabhann leis an Acht seo, chun slánaithe an tsoláthair a deonaíodh, agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim céad is tríocha milliún, dhá chéad nócha is naoi míle, cúig chéad is seasca punt, déantar iad a leithreasú agus measfar iad a bheith arna leithreasú, amhail ó dháta na nAchtanna a luaitear sa Sceideal sin A a rith, chun na seirbhísí agus na críocha a luaitear i Sceideal B a ghabhann leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhann léi sin, maraon leis an ráta (más ann) a ghabhann leis na sceidil sin, measfar gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a dheonaítear as an bPríomh Chiste agus dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a thaispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal B a ghabhann leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim deich milliún, ceithre chéad seachtó is naoi míle, is seacht bpunt déag a úsáid as aon airgead a n-ordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, é a úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríocha a shonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1960 , a ghairm den Acht seo.