Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Forálacha ag a mbeidh éifeacht an fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais nó aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus ar ráthaigh an tAire go naisíocfaí é go cuí nó aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht gan aísioc ag an gCuideachta leis nó gan gnóthú aige ón gCuideachta.)

32 1960


Uimhir 32 de 1960.


AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA DE CHUID GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA A THÓGÁIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCAIR-CHAIPITEAL NA CUIDEACHTA A MHÉADÚ AGUS CHUN IASACHTAÍ AG AN gCUIDEACHTA A RÁTHÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchtanna Cuideachtaí” na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1959;

ciallaíonn “an Chuideachta” Gabháltais Chruach na nÉireann Teoranta;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Scair-chaipiteal na Cuideachta.

2. —D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scair-chaipiteal na Cuideachta ceithre mhilliún punt arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach.

An tAire Airgeadais do thógáil scaireanna.

3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £4,000,000, lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas.

(2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham, tar éis dáta an Achta seo a rith, ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith aon scaireanna a thógfaidh sé nó a gheobhaidh sé ar shlí eile.

An tAire Airgeadais do shealbhú scaireanna.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh sé tar éis a thógáil nó a fháil, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, a shealbhú an fad is oiriúnach leis é agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, na scaireanna sin uile nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile.

(2) Déanfar an glan-fháltas ó dhíol scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna.

5. —Féadfaidh an tAire Airgeadais na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú i leith scaireanna a bheidh aige sa Chuideachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae is infheidhmithe ceart nó cumhacht, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae.

Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste.

6. —Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

An meabhrán comhlachais agus na hairteagail chomhlachais a athrú.

7. —Déanfaidh an Chuideachta na beartanna sin is gá faoi na hAchtanna Cuideachtaí chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú chun go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo.

Leasú ar an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 .

1954, Uimh. 9 .

8. —Leasaítear leis seo an tAcht Ráthaíocht Stát, 1954, tríd an ábhar go léir atá ag uimhir thagartha 4 a scriosadh as an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

An tAire do ráthú airgid a gheofar ar iasacht.

9. —(1) Más oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht don Chuideachta a ráthú.

(2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus fós an t-ús sin a íoc.

(3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £500,000.

(4) I gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt, tabharfaidh an Chuideachta, má éilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a shonrófar san éileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú don Aire.

(5) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin,—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin.

(6) Déanfar airgead is gá don Aire a íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.

(7) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá mhí déag ó dháta an airleacain.

(8) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a airleacadh faoi fho-alt (6) den alt seo gan aisíoc leis an Aire de réir fho-alt (7) den alt seo, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(9) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (8) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

(10) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCuideachta faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste.

Airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste.

10. —(1) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus, chun a céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a chruthnú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte, nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais faoin Acht seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin.

Díolúine ó dhleachtanna stampa.

1891, c. 39.

11. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe.

12. —Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an fad—

(a) a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais,

(b) a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe ag an Aire faoin Acht seo, nó

(c) a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht, agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe amhlaidh agus a mbeidh a mhéid íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht (maraon le hús air de réir na rátaí a cheap an tAire Airgeadais), gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire.

Caiteachas an Aire.

13. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

14. —Féadfar an tAcht um Ghabháltas Chruach na hÉireann Teoranta, 1960, a ghairm den Acht seo.