An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960)

32 1960

AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960

AN SCEIDEAL.

Forálacha ag a mbeidh éifeacht an fad a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais nó aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus ar ráthaigh an tAire go naisíocfaí é go cuí nó aon airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht gan aísioc ag an gCuideachta leis nó gan gnóthú aige ón gCuideachta.

Srian le meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais a athrú.

1. D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Cuideachta, ní bheidh aon athrú ar an meabhrán nó na hairteagail sin bailí ná éifeachtúil gan ceadú a bheith faighte chuige roimh ré ón Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

Srian le scaireanna a eisiúint.

2. Ní eiseofar scaireanna sa Chuideachta mura mbeidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, tar éis an eisiúint a údarú.

Scair stiúrthóra do dhílsiú san Aire Airgeadais ar an stiúrthóir sin d'fháil bháis, etc.

3. Ar stiúrthóir de chuid na Cuideachta d'éirí as oifig nó má fhaigheann stiúrthóir bás, nó ar oifig stiúrthóra a theacht chun bheith folamh de réir airteagail chomhlachais na Cuideachta, dílseoidh an scair a bheidh i seilbh an stiúrthóra sin san Aire Airgeadais, gan aistriú a bheith riachtanach, ar an Aire sin d'íoc par-luach na scaire sin leis an ath-stiúrthóir sin nó lena ionadaí pearsanta dlíthiúil.

Oibleagáid ann cláir chomhardaithe, etc., a thabhairt don Aire.

4. (1) Tabharfaidh an Chuideachta, a luaithe is féidir é tar éis deireadh gach bliana cuntasaíochta, don Aire—

(a) clár comhardaithe amhail mar bhí ag deireadh na bliana cuntasaíochta sin agus é cuí-iniúchta ag iniúchóir na Cuideachta;

(b) cuntas sochair agus dochair in aghaidh na bliana cuntasaíochta céanna agus é iniúchta mar an gcéanna; agus

(c) cóip de thuarascáil na stiúrthóirí chun na scairshealbhóirí in aghaidh na bliana cuntasaíochta sin.

(2) Beidh an clár comhardaithe agus an cuntas sochair agus dochair a bheidh le tabhairt de bhun fho-mhír (1) den mhír seo dréachtaithe i cibé slí a ordóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais.

(3) Déanfaidh an tAire cóip de gach clár comhardaithe, de gach cuntas sochair agus dochair agus de gach tuarascáil a thabharfar dó de bhun fho-mhír (1) den mhír seo a leagan faoi bhráid gach Tí don Oireachtas a luaithe is féidir tar éis an clár comhardaithe, an cuntas sochair agus dochair agus an tuarascáil sin a thabhairt amhlaidh dó.

(4) Tabharfaidh an Chuideachta don Aire, má iarrann an tAire uirthi é, cibé eolas a iarrfaidh sé maidir le haon chlár comhardaithe, cuntas sochair agus dochair nó tuarascáil, nó i dtaobh beartas agus gníomhachtaí na Cuideachta.

Stiúrthóirí, oifigigh nó seirbhísigh na Cuideachta a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.

5. (1) Má ainmnítear duine is stiúrthóir ar an gCuideachta mar iarrthóir le toghadh chun ceachtar Teach an Oireachtais nó mar chomhalta de Sheanad Éireann, scoirfidh sé air sin de bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta.

(2) I gcás duine is oifigeach nó seirbhíseach i bhfostaíocht na Cuideachta a theacht chun bheith ina chomhalta de cheachtar Teach den Oireachtas—

(a) beidh sé, i gcaitheamh na tréimhse dar tosach an dáta a thiocfaidh sé i dteideal, faoi Bhuan-Orduithe an Tí sin, suí sa Teach sin agus dar críoch an dáta a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó, más túisce a tharlóidh, an dáta a éireoidh sé as an bhfostaíocht sin nó a scoirfidh sé den fhostaíocht sin nó a fhoirceannfaidh an Chuideachta an fhostaíocht sin, ar iasacht ón bhfostaíocht sin,

(b) ní íocfaidh an Chuideachta leis, ná ní bheidh teideal aige go bhfaigheadh sé ón gCuideachta, aon tuarastal ná pá, cibé acu é, in aghaidh na tréimhse sin.

(3) Má thagann duine atá nó a bhí ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta chun bheith i dteideal pinsin faoi na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, ní bheidh sé i dteideal an t-iomlán ná aon chuid dá thréimhse sheirbhíse inphinsin, de réir bhrí na nAchtanna sin, a áireamh le haghaidh aon sochair aoisliúntais is iníoctha faoi scéim, arna déanamh roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, ag an gCuideachta chun sochair aoisliúntais a íoc le, nó maidir le, hoifigigh nó seirbhísigh na cuideachta.

(4) Aon duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé, an fad bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina stiúrthóir ar an gCuideachta nó ina oifigeach nó ina sheirbhíseach don Chuideachta.