|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 33 de 1960. | ||
[EN] |
ACHT MHIC SHUIBHNE (PINSEAN) (MÉADÚ) (Uimh. 2), 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT CHUN AN PINSEAN IS INÍOCTHA FAOI ACHTANNA MHIC SHUIBHNE (PINSEAN), 1950 AGUS 1960, A MHÉADÚ, LE hÉIFEACHT ÓN 1ú LÁ DE LÚNASA, 1960. [15 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Pinsean a mhéadú. |
1. —Déanfar an pinsean bliantúil is iníoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1960, faoi Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, a mhéadú, le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1960 (agus an lá sin a áireamh), ó chúig chéad seasca agus aon phunt amháin agus sé scillinge déag go dtí sé chéad agus ceithre phunt. |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
2. —(1) Féadfar Acht Mhic Shuibhne (Pinsean) (Méadú) (Uimh. 2), 1960 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Folóidh an comhlua Achtanna Mhic Shuibhne (Pinsean), 1950 agus 1960, an tAcht seo. |