Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Pinsin Sceidealta.)

36 1960


Uimhir 36 de 1960.


ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN PINSIN ÁIRITHE IS INÍOCTHA I LEITH SEIRBHÍSE POIBLÍ A MHÉADÚ. [22 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1950, Uimh. 3 .

1956, Uimh. 44 .

1959, Uimh. 43 .

1946, Uimh. 9 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na bPinsean (Méadú), 1950 ;

ciallaíonn “Acht 1956” Acht na bPinsean (Méadú), 1956 ;

ciallaíonn “Acht 1959” Acht na bPinsean (Méadú), 1959 ;

ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain de réir bhrí an Achta Cuanta, 1946 ;

ciallaíonn “údarás áitiúil” aon chomhlacht acu seo a leanas:

(a) údarás áitiúil chun críocha na nAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960,

(b) coiste gairm-oideachais,

(c) coiste talmhaíochta,

(d) coiste freastail scoile,

(e) Sean-Bhord Ospidéal Fiabhrais Bhaile Átha Cliath,

(f) Sean-Bhord Ospidéal Fiabhrais Chorcaí;

ciallaíonn “pinsean sceidealta” pinsean nó liúntas a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus, aon áit a bhfolaíonn an abairt tagairt do Chuid áirithe den Sceideal sin, ciallaíonn sí pinsean nó liúntas a shonraítear sa Chuid sin;

déanfar aon tagairt eile do phinsean a fhorléiriú, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt do liúntas.

(2) I gcás pinsean sceidealta, pinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d'alt 4 nó in alt 7 den Acht seo nó pinsean a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, a dhámhadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Lúnasa, 1960, agus é a theacht i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, lá dá éis sin, measfar, chun críocha an Achta seo, é a bheith i gcúrsa a íoctha an lú lá de Lúnasa, 1960, ach amháin i gcás dámhachtain i leith dhuine ar é do scor d'fhostaíocht is fostaíocht cheadaithe de réir bhrí alt 4 den Superannuation Act, 1914.

(3) Aon phinsean a dheonaigh údarás áitiúil a bhfuil deireadh leis measfar, chun críocha an Achta seo, gurb é comharba an údaráis áitiúil sin a dheonaigh é.

(4) Chun críocha an Achta seo, ní áireofar i méid aon phinsin a íoctar go páirteach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas agus go páirteach as airgead faoi riaradh rialtais eile aon mhéadú is iníoctha as airgead faoi riaradh an rialtais eile, ach, i gcás den sórt sin, déanfar an méid a bheidh le cur leis an bpinsean de réir an Achta seo a laghdú méid is comhionann le haon mhéadú den sórt sin ach amháin i gcás ina mbeifear tar éis an méadú sin a chur i gcuntas de bhun mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1950 nó mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 2 d'Acht 1956 nó fho-alt (4) d'alt 1 d'Acht 1959.

(5) Déanfar tagairt san Acht seo do mhéid pinsin a fhorléiriú, faoi réir fho-alt (4) den alt seo, mar thagairt do mhéid bliantúil an phinsin iomláin (lúide aon chuid a fhorghéillfear), cibé acu a bheidh an pinsean i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach nó nach mbeidh sé i gcúrsa a íoctha ar aon chor.

Alt 7 d'Acht 1959 a leasú.

2. —Leasaítear leis seo mar leanas alt 7 d'Acht 1959, le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá de Lúnasa, 1959:

(I) cuirfear isteach “(nó, i gcás pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntais a cheadaigh an Cumann sin, an ficheadú cuid)” i mír (i) d'fho-alt (1) i ndiaidh “an dóú cuid déag” agus cuirfear isteach “(nó, i gcás pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin, d'fhicheadú cuid)” i mír (ii) d'fho-alt (1) i ndiaidh “de dhóú cuid déag”;

(II) i bhfo-alt (2) cuirfear isteach an mhír seo a leanas i ndiaidh mhír (a) den mhíniú ar “an lá iomchuí”;

“(aa) i gcás inar pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin an pinsean iomchuí—an lú lá d'Fheabhra, 1949, agus”.

Pinsin sceidealta (Cuid I) agus pinsin áirithe a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959 a mhéadú.

3. —(1) Déanfar aon phinsean—

(a) a bhí i gcúrsa a íoctha go hiomlán nó go páirteach an lú lá de Lúnasa, 1960, agus

(b) is pinsean a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959,

a mhéadú 7½ faoin gcéad de mhéid an phinsin.

(2) Aon phinsean Sceidealta (Cuid I) nach méadófar faoi fho-alt (1) den alt seo méadófar 5 faoin gcéad de mhéid an phinsin é.

Pinsin sceidealta (Cuid II) agus liúntais áirithe a mhéadú.

4. —(1) (a) Déanfar pinsean a shonraítear ag mír (a) nó (b) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo (gan pinsean a shonraítear i mír (b) den fho-alt seo a áireamh) a mhéadú 7½ faoin gcéad de mhéid an phinsin.

(b) An pinsean a eisctear ó mhír (a) den fho-alt seo is aon phinsean é a shonraítear i bhfo-mhír (ii) de mhír (a) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lú lá de Shamhain, 1948, nó dá éis, agus nach pinsean de mhéid is comhionann leis an méid ab iníoctha dá mba faoi Scála (i) a ríomhfaí an pinsean.

(2) Déanfar pinsean sceidealta (Cuid II) nach méadófar faoi fho-alt (I) den alt seo agus a shonraítear i mír (c) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó ar pinsean i leith seirbhíse é a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955, a mhéadú 5 faoin gcéad de mhéid an phinsin.

(3) Aon phinsean sceidealta (Cuid II) a shonraítear i bhfomhír (ii) de Chuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lú lá de Shamhain, 1948, nó dá éis agus is lú, maidir le haon tréimhse dar tosach an lú lá de Lúnasa, 1960, nó lá dá éis sin, ná mar bheadh sé dá mba faoi Scála (i) a áiríodh é agus gur méadaíodh é ansin de réir fho-alt (1) den alt seo, méadófar é, maidir leis an tréimhse sin, de mhéid an easnaimh.

(4) I bhfo-ailt (1) agus (3) den alt seo ciallaíonn “Scála (i)”

(a) maidir le gnáth-phinsean baintrí arna áireamh faoi Scála (ii) de mhír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi riail 7 sa mhír sin—Scála (i) sa mhír sin arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R. Uimh. 154 de 1950), le hAcht 1956 agus le hAcht 1959, agus

(b) maidir le gnáth-phinsean baintrí arna áireamh faoi Scála (ii) i mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), nó pinsean speisialta baintrí arna áireamh faoi fhomhír 2 den mhír sin—Scála (i) sa Chuid sin arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950, le hAcht 1956 agus le hAcht 1959.

(5) I gcás liúntas linbh arna áireamh faoi riail 9 de Chuid II den chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R. Uimh. 154 de 1950), nó faoi fhomhír (i) i mír (c) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950, méadófar é 7½ faoin gcéad de mhéid an liúntais más liúntas é i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1948, agus 5 faoin gcéad den chéanna más liúntas é i leith seirbhíse a chríochnaigh na lá sin nó dá éis agus roimh an lú lá de Shamhain, 1955.

(6) I gcás liúntas linbh dá dtagraítear san fho-alt roimhe seo ar liúntas é i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1952, déanfar, mura mbeidh sé méadaithe cheana féin faoi Acht 1956 nó faoi Acht 1959, é a mhéadú cibé méideanna is iomchuí leis an Aire Airgeadais, agus déanfar na híocaíochtaí i leith an mhéadaithe amhail ón dáta nó ó na dátaí ónarbh iníoctha méaduithe faoi na hAchtanna sin dá mbeadh feidhm acu.

Pinsin sceidealta (Cuid III) a mhéadú.

1947, Uimh. 28 .

1947, Uimh. 1 .

5. —(1) Féadfaidh an t-údarás áitiúil a dheonaigh pinsean a shonraítear i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonú, agus is é méadú a bheidh ann méadú de mhéid a cheadóidh an tAire nó méadú de réir fhormheasa a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar go ndiúltófar nó go mainneofar, i rith na tréimhse dhá mhí déag tar éis an tAcht seo a rith, méadú a dheonú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine sin, i gcás diúltaithe, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an diúltaithe, nó, i gcás mainneachtana, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dá mhí déag sin a bheith caite, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana.

(3) Má bhíonn duine míshásta mar gheall ar mhéadú a dheonófar faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an méadú a dheonú, achomharc a dhéanamh ina choinne chun an Aire.

(4) Nuair a dhéanfar achomharc faoin alt seo, féadfaidh an tAire diúltú don achomharc nó cibé socruithe a dhéanamh ba chóir, dar leis, don údarás áitiúil lena mbainfidh a dhéanamh, agus aon socruithe a dhéanfaidh an tAire amhlaidh beidh éifeacht acu amhail is dá mba é an t-údarás sin a rinne iad.

(5) Sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo agus i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ciallaíonn “an tAire”—

(a) maidir le húdarás áitiúil is údarás sláinte de réir bhrí an Achta Sláinte, 1947 , ina gcáil mar údarás ag feidhmiú feidhmeanna faoi na hAchtanna Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 go 1958, nó comhbhord ag comhlíonadh feidhmeanna faoi na hAchtanna sin—an tAire Sláinte, agus

(b) maidir le haon údarás áitiúil eile—an tAire Rialtais Áitiúil.

(6) An pinsean is iníoctha faoi alt 4 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 , measfar, chun críocha na bhfo-alt roimhe seo den alt seo agus Chuid III den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, gur pinsean é a dheonaigh an t-údarás íoca dá dtagraítear san alt sin.

Pinsin sceidealta (Cuid IV) a mhéadú.

6. —(1) Féadfaidh an t-údarás cuain a dheonaigh pinsean sceidealta (Cuid IV) aon mhéadú amháin ar an bpinsean a dheonú laistigh de dhá mhí déag tar éis an tAcht seo a rith, agus is é a bheidh sa mhéadú méadú de mhéid a cheadóidh an tAire Iompair agus Cumhachta, nó a bheidh de réir fhormheasa a bhainfidh leis an bpinsean agus a bheidh tugtha ag an Aire sin i leith aicme pinsean den sórt sin.

(2) Nuair a bheidh ceadú nó formheas faoin alt seo á thabhairt aige tabharfaidh an tAire Iompair agus Cumhachta aird ar fhorálacha na n-alt eile den Acht seo maidir le méadú pinsean.

Forálacha speisialta do phinsin áirithe.

7. —(1) I gcás pinsean lena mbaineann an fo-alt seo—

(a) a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh an lá iomchuí nó dá éis,

(b) a ndearnadh é ar fad nó cuid de a ríomh faoi threoir na meánmhéide tuarastail bhliantúil nó meánráta an phá sheachtainiúil thar tréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an lá iomchuí,

(c) a mhéadófaí faoi fho-alt (1) d'alt 3 den Acht seo dá gcríochnódh an tseirbhís roimh an lá iomchuí, agus

(d) is pinsean atá le méadú faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(i) méadófar an pinsean an dóú cuid déag (nó, i gcás pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin, an ficheadú cuid) de 7½ faoin gcéad de mhéid an phinsin in aghaidh gach tréimhse trí mhí roimh an lá iomchuí a bhí sa tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo, agus

(ii) déanfar an méadú 5 faoin gcéad ar mhéid an phinsin faoi fho-alt (2) d'alt 3 den Acht seo a laghdú de dhóú cuid déag (nó, i gcás pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin, d'fhicheadú cuid) in aghaidh gach tréimhse trí mhí den sórt sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo—

ciallaíonn “pinsean lena mbaineann an fo-alt seo”—

(a) pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958,

(b) pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956,

(c) pinsean a deonaíodh faoi Orduithe Pinsean an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Atha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957,

(d) liúntas bliantúil a deonaíodh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956,

(e) liúntas bliantúil speisialta a deonaíodh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, nó

(f) pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin;

ciallaíonn “an lá iomchuí”—

(a) i gcás inar pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, nó faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956, an pinsean iomchuí—an 1ú lá d'Eanáir, 1950,

(b) i gcás inar pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Arachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na chomhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin an pinsean iomchuí—an 1ú lá d'Fheabhra, 1949, agus

(c) in aon chás eile—an 1ú lá de Shamhain, 1948.

(3) I gcás—

(a) inar deonaíodh pinsean i leith seirbhíse a chríochnaigh an 1ú lá de Shamhain, 1955, nó dá éis,

(b) ina ndearnadh pinsean a ríomh ar fad nó go páirteach faoi threoir na meánmhéide tuarastail bhliantúil nó meánráta an phá sheachtainiúil thar tréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an 1ú lá de Shamhain, 1955,

(c) ina méadófaí pinsean faoi alt 3 den Acht seo dá gcríochnódh an tseirbhís roimh an 1ú lá de Shamhain, 1955, agus

(d) nach pinsean é an pinsean atá le méadú faoi aon fhoráil eile den Acht seo,

méadófar an pinsean an dóú cuid déag de 5 faoin gcéad de mhéid an phinsin in aghaidh gach tréimhse trí mhí roimh an 1ú lá de Shamhain, 1955, a bhí sa tréimhse dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

(4) Déanfar aon tagairt san alt seo do thuarastal a fhorléiriú—

(a) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, an pinsean iomchuí, mar thagairt don scála-thuarastal, de réir bhrí na Scéimeanna sin, agus

(b) i gcás inar pinsean faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956, an pinsean iomchuí, mar thagairt don tuarastal caighdeánach lúide aon bhreisiú speisialta, de réir bhrí na Scéimeanna sin.

Tosú méadaithe.

8. —Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh éifeacht ag méadú faoin Acht seo ón lá a thosaigh an pinsean (agus an lá sin a áireamh) nó an 1ú lá de Lúnasa, 1960, cibé lá acu is déanaí.

Méaduithe áirithe a dheonú.

9. —Is é a dheonóidh méadú faoin Acht seo ar phinsean, nach pinsean sceidealta (Cuid III) ná pinsean sceidealta (Cuid IV)—

(a) i gcás pinsean a shonraítear i mír (a) nó (b) i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a shonraítear i mír (a) nó (b) d'fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, nó a shonraítear i mír (a), (b) nó (c) de Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, an tAire Oideachais,

(b) i gcás pinsean a shonraítear i mír (c) de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo nó i mír (a) nó (c) de Chuid II den Sceideal sin, shonraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d'alt 4 nó i mír (c) d'fho-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, nó a shonraítear i mír (d) nó (e) de Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, an tAire Dlí agus Cirt,

(c) i gcás pinsean, i leith seirbhíse a chríochnaigh sa Roinn Poist agus Telegrafa, a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 7 den Acht seo, nó a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, an tAire Poist agus Telegrafa, agus

(d) in aon chás eile, an tAire Airgeadais.

Forálacha forlíontacha.

1947, Uimh. 29 .

1947, Uimh. 41 .

1948, Uimh. 4 .

1952, Uimh. 11

10. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, gach foráil, is foráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus ag a raibh feidhm maidir le pinsean a mhéadófar faoin Acht seo sula ndearnadh an méadú sin, beidh feidhm aici maidir leis an bpinsean arna mhéadú amhlaidh, lena n-áirítear, go sonrach, gach foráil den sórt sin a bhaineann leis an gciste, leis an airgead nó leis an bhfoinse eile as a mbeidh an pinsean le híoc nó a bhaineann leis an modh ar a mbeidh costas an phinsin le hiompar nó le híoc nó ar a mbeidh ranníoc le déanamh ina leith.

(2) Aon fhoráil a rinneadh le reacht nó faoi reacht agus a fhionraíonn nó a laghdaíonn pinsean is inmhéadaithe faoin Acht seo faoi threoir an tuarastail nó an luach saothair eile a fuarthas an tráth a scoireadh, beidh feidhm aici, le héifeacht ón 1ú lá de Lúnasa, 1960 (agus an lá sin a áireamh), maidir leis an bpinsean amhail is dá mbeadh an tuarastal sin nó an luach saothair eile sin arna mhéadú d'aon mhéadú nó méaduithe ar an bpinsean is iomchuí de réir an Achta seo, Acht 1959, Acht 1956 agus Acht 1950.

(3) I gcás inar deonaíodh pinsean a shonraítear i mír (f) de Chuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959 do dhuine agus fós pinsean eile is iníoctha as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas, beidh éifeacht ag fo-airteagal (b) d'Airteagal 5 d'Ordú Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924 (R. & O.R., Uimh. 9 de 1924 ), maidir leis fara cibé modhnuithe (más ann) ina fhabhar is cuí leis an Aire Airgeadais.

(4) I gcás ina raibh méadú ar phinsean sceidealta nó ar phinsean a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1959 a deonaíodh de bhun fhorálacha an Pensions (Increase) Act, 1920, an Achta Aoisliúntas, 1947 , Achta an Gharda Shíochána (Pinsin), 1947 , alt 79 den Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1948 , Acht 1950, Acht 1956 nó Acht 1959 i gcúrsa a íoctha an 1ú lá de Lúnasa, 1960, is é méid an phinsin sin a fhéadfar a mhéadú faoin Acht seo an méid pinsin ab iníoctha amhail an 1ú lá de Lúnasa, 1960.

(5) Chun críocha chlásal (e) de mhír (II) de Riail I de na Rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, measfar gur íocaíocht shaorálach nó aisce méadú faoin Acht seo ar phinsean.

(6) Breithneoidh an tAire Airgeadais gach amhras, ceist nó díospóid a bheidh ann faoin Acht seo i dtaobh pinsin sceidealta (Cuid I), pinsin sceidealta (Cuid II), nó pinsin dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d'alt 4 nó in alt 7 den Acht seo nó pinsin a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, agus is breith chríochnaitheach, dhochloíte a bhreith sin ar an gcéanna.

Srian ginearálta.

11. —Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a údaraíonn méadú—

(a) ar aon chúiteamh is iníoctha faoi Airteagal 10 de Chonradh 1921,

(b) ar aon liúntas nó íocaíocht nach pinsean sceidealta, pinsean dá dtagraítear i bhfo-alt (5) nó (6) d'alt 4 nó in alt 7 den Acht seo ná pinsean a shonraítear sa Sceideal a ghabhann le hAcht 1959, nó

(c) ar aon aisce.

Gearrtheideal.

12. —Féadfar Acht na bPinsean (Méadú), 1960 , a ghairm den Acht seo.