An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1960)

36 1960

ACHT NA bPINSEAN (MÉADÚ), 1960

AN SCEIDEAL.

Pinsin Sceidealta.

Alt 1.

Cuid I.

Pinsean nó liúntas a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an lú lá de Lúnasa, 1960, agus ba—

(a) pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Múinteoirí Scoile Náisiúnta, 1934 go 1958, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955,

(b) pinsean a deonaíodh faoi Scéimeanna Aoisliúntais na Meán-Mhúinteoirí, 1929 go 1956, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955,

(c) pinsean a deonaíodh faoi na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, nó faoi Orduithe Pinsean Póilíneachta Chathrach Bhaile Átha Cliath, 1922 agus 1924, nó faoi na horduithe sin arna n-athrú leis na hOrduithe um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 go 1957, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955, agus nach pinsean baintrí ná liúntas linbh,

(d) liúntas bliantúil a deonaíodh faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1956, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955,

(e) liúntas bliantúil a deonaíodh faoi bharantás faoi alt 1 den Superannuation Act, 1887, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955,

(f) liúntas bliantúil speisialta a deonaíodh mar chúiteamh faoi alt 7 den Superannuation Act, 1859, nó faoi alt 6 den Superannuation Act, 1909, i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955,

1924, Uimh. 10 .

1936, Uimh. 48 .

1947, Uimh. 20 .

(g) pinsean a deonaíodh faoin Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 , an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936 , agus an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1947 , i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Aibreán, 1953,

1923, Uimh. 1 .

1944, Uimh. 19 .

(h) pinsean a deonaíodh faoi Acht an Ard-Scrúdóra, 1923 , agus Acht an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú), 1944 , i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá d'Aibreán, 1953,

(i) pinsean a dheonaigh sean-Chumann an Árachais Náisiúnta ar Shláinte do dhuine faoi na comhshocraíochtaí aoisliúntas a cheadaigh an Cumann sin,

1945, Uimh. 25 .

(j) pinsean a deonaíodh faoi alt 4 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945 , i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955.

Cuid II.

(a) (i) Pinsean baintrí a deonaíodh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Scála (i) i mír (a) den Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950 (I.R., Uimh. 154 de 1950), nó faoi Scála (i) i mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925 (R. & O.R., Uimh. 63 de 1925), arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(ii) Gnáth-phinsean baintrí a deonaíodh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Scála (ii) i mír (a) i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, nó faoi Scála (ii) i Mír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, nó pinsean speisialta baintrí arna ríomh faoi riail 7 i mír (a) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Dublin Metropolitan Police Pensions Order, 1922, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950, nó faoi fho-mhír 2 de Mhír A de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1925, arna leasú leis an Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1950.

(b) Pinsean baintrí a deonaíodh, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, faoi Orduithe Pinsean Constáblaíocht Ríoga na hÉireann (Fir d'Eirigh as agus Fir a Briseadh), 1924, 1929, 1936 agus 1949.

(c) Liúntas linbh cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin a deonaíodh é, is iníoctha de réir ráta a shonraítear i mír 7 nó mír 10 den Ordú um Pinsin an Gharda Shíochána, 1955 (I.R. Uimh. 115 de 1955).

Cuid III.

Pinsean nó liúntas a dheonaigh údarás áitiúil agus a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an lú lá de Lúnasa, 1960, agus—

(i) ar pinsean nó liúntas é a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a chríochnaigh roimh lá nár dhéanaí ná an 2ú lá d'Aibreán, 1956, a chinn an t-údarás áitiúil le toiliú an Aire, nó

(ii) ar pinsean nó liúntas é a ríomhadh, go hiomlán nó go páirteach, faoi threoir na meánmhéide luach saothair bhliantiúil inphinsin thar tréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an lú lá de Shamhain, 1955, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás áitiúil agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh lá nár dhéanaí ná an 2ú lá d'Aibreán, 1956, a chinn an t-údarás áitiúil le toiliú an Aire.

Cuid IV.

Pinsean nó liúntas a dheonaigh údarás cuain agus a bhí i gcúrsa a íoctha, go hiomlán nó go páirteach, an lú lá de Lúnasa, 1960, agus—

(i) ar pinsean nó liúntas é a deonaíodh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an lú lá de Shamhain, 1955, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Iompair agus Cumhachta imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a chríochnaigh roimh lá nár dhéanaí ná an 2ú lá d'Aibreán, 1956, a chinn an t-údarás cuain le toiliú an Aire sin, nó

(ii) ar pinsean nó liúntas é a ríomhadh, go hiomlán nó go páirteach, faoi threoir na meánmhéide luach saothair bhliantúil inphinsin thar tréimhse a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh an lú lá de Shamhain, 1955, nó, i gcás ar dóigh leis an Aire Iompair agus Cumhachta imthosca speisialta a bheith ann maidir le haon aicme nó aicmí áirithe oifigeach nó seirbhíseach d'údarás cuain agus gur pinsean nó liúntas é maidir le comhalta den aicme sin nó de cheann de na haicmí sin, a thosaigh trí mhí ar a laghad roimh lá nár dhéanaí ná an 2ú lá d'Aibreán, 1956, a chinn an t-údarás cuain le toiliú an Aire sin.