Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Fo-alt a chuirtear isteach in Alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.)

38 1960


Uimhir 38 de 1960.


AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEATHNÚ NA TRÉIMHSE A bhFUIL FEIDHM INA LEITH AG CUID II DEN ACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH), 1954 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE CHUN LUACHÁIL A LAGHDÚ GO SEALADACH I gCÁSANNA ÁIRITHE.

[22 Samhain, 1960.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Síneadh ar an tréimhse a bhfuil feidhm ina leith ag Cuid II den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 .

1954, Uimh. 8 .

1. —Déantar leis seo “an 31ú lá de Mhárta, 1963” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1960” sa mhíniú atá ar “an tréimhse ordaithe” i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 .

Leasú ar alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852.

1852, c. 63.

2. —I gcás—

(a) ina mbeidh alt 14 den Valuation (Ireland) Act, 1852, le cur i bhfeidhm de dhroim aon tógáil fhoirgnimh feirme, cró, nó oifige dá dtagraítear san alt sin, agus

(b) gur tosaíodh agus gur críochnaíodh an obair thógála sa tréimhse trí bliana dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1963,

beidh éifeacht ag an alt sin faoi réir tagairt d'fhiche bliain a chur ann in ionad na tagartha do sheacht mbliana.

Leasú ar alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

1946, Uimh. 24 .

3. —(1) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946

(a) trí “an 31ú lá de Mhárta, 1960” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1964” i bhfo-alt (6), agus

(b) tríd an bhfo-alt atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6).

(2) Aisghairtear leis seo an chuid den Sceideal a ghabhann leis an Acht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 , a bhaineann leis na blianta airgeadais áitiúla dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, 1962, 1963, agus 1964.

Leasú ar alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 .

1946, Uimh. 24 .

4. —Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946 , tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

“(3A) Chun críocha an ráta chontae a mheasúnú agus a thobhach, sa tréimhse deich mbliana dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1960, ar oidhreachtán atá ar áireamh san aicme dheiridh a luaitear sa dara colún de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, measfar luacháil an oidhreachtáin a bheith laghdaithe go dtí an chionúireacht a shonraítear sa chéad cholún den Chuid sin den Sceideal sin i leith na haicme sin.”

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

5. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1960 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 go 1960, a ghairm den na hAchtanna Rialtais Áitiúil (Luacháil a Laghdú go Sealadach), 1954 agus 1956, agus den Acht seo le chéile.

(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.