|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TOGHCHÁIN, 1960) | Ar Aghaidh (CUID II. Toghcháin chun Dáil Éireann.) |
AN tACHT TOGHCHÁIN, 1960
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Toghcháin, 1960 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire Rialtais Áitiúil go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla den Acht seo. | |
| [EN] |
Achtacháin áirithe a choimeád i bhfeidhm. 1868. c. 125. 1883, c. 51. 1869, c. 21. |
2. —D'ainneoin aon ní atá in aon Acht eile, leanfaidh— |
| [EN] | (a) an oiread den Parliamentary Elections Act, 1868, agus a choimeádtar i bhfeidhm leis an Corrupt and Illegal Practices Prevention Act, 1883, agus | |
| [EN] | (b) an Corrupt Practices Commission Expenses Act, 1869, | |
| [EN] | i bhfeidhm go dtí cibé tráth a aisghairfear nó a fhoirceannfar iad. | |
| [EN] |
Aisghairm. |
3. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin. |