Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL.)

6 1961


Uimhir 6 de 1961.


AN tACHT ARM-PHINSEAN (MÉADÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT CHUN PINSIN AGUS LIÚNTAIS ÁIRITHE IS INÍOCTHA FAOI NA hACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1960, A MHÉADÚ GO CÚLGHABHÁLACH. [21 Márta, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1923, Uimh. 26 .

1927, Uimh. 12 .

1932, Uimh. 24 .

1937, Uimh. 15 .

1941, Uimh. 2 .

1943, Uimh. 14 .

1946, Uimh. 3 .

1949, Uimh. 19 .

1953, Uimh. 23 .

1957, Uimh. 19 .

1959, Uimh. 15 .

1960, Uimh. 2 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1923” an tAcht Arm-Phinsean, 1923 ;

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 ;

ciallaíonn “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 ;

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Arm-Phinsean, 1941 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1949” an tAcht Arm-Phinsean, 1949 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Arm-Phinsean, 1957 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Arm-Phinsean, 1959 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Arm-Phinsean, 1960 ;

ciallaíonn “an hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1960, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo;

ciallaíonn “an tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924” an tréimhse dár thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1922, agus dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1924.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Na tagairtí atá san Acht seo d'aon achtachán forléireofar iad mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 1 d'Acht 1923.

2. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1949, is é méid a bheidh ann an méid is iníoctha faoi na hAchtanna i leith an phinsin chréachta sin arna mhéadú seacht go leith faoin gcéad.

(3) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 1 d'Acht 1923 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 3 d'Acht 1923.

3. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim oifigigh sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcólún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi alt 3 d'Acht 1923 do dhuine ar measadh céim saighdiúra sna fórsaí a bheith aige agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin bhreise faoi ailt 2 agus 3 d'Acht 1923.

4. —Aon phinsean breise a deonaíodh faoi alt 2 nó alt 3 d'Acht 1923 is é méid a bheidh ann an méid is iníoctha faoi na hAchtanna i leith an phinsin bhreise sin arna mhéadú seacht go leith sé faoin gcéad.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

5. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe oifigeach éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1923 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1, cuirfear “£172” in ionad “£160” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1960),

(b) i mír 2 agus i mír 3, cuirfear “£47 10s.” agus “£78 10s.” in ionad “£44” agus “£73” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1960) faoi seach, agus

(c) i mír 5, cuirfear “£1 19s. 3d.” in ionad “£1 16s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 5 d'Acht 1960).

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1923.

6. —Déantar leis seo an Tríú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe saighdiúirí éagtha áirithe) a ghabhann le hAcht 1923 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1, cuirfear “£1 14s. 6d.” in ionad “£1 12s. 0d.” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1960),

(b) i mír 2, cuirfear “10s. 0d.”, “6s. 9d.” agus “17s. 0d.” in ionad “9s. 3d.”, “6s. 3d.” agus “15s. 9d.” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1960) faoi seach, agus

(c) i mír 4, cuirfear “£1 9s. 6d.” in ionad “£1 7s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 6 d'Acht 1960).

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 9 d'Acht 1927.

7. —(1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 9 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 10 d'Acht 1927.

8. —(1) Déanfar méid pinsin mhíthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Shamhain, 1955, a chinneadh de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith na tréimhse Aibreán, 1922—Meán Fómhair, 1924, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha de réir an ráta a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1960 is infheidhmithe ina chás, iníoctha de réir an ráta mhéadaithe a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe ina chás.

(3) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1927 do shaighdiúir ar a raibh, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, míchumas de dheasca galair ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin chréachta faoi alt 11 d'Acht 1927.

9. —(1) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 d'oifigeach agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 11 d'Acht 1927 do shaighdiúir agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin chréachta áirithe faoi alt 12 d'Acht 1927.

10. —(1) Déanfar méid pinsin chréachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 2ú lá de Shamhain, 1955, a chinneadh de réir na bhforálacha atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(2) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí seachas i rith tréimhse na héigeandála, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha de réir an ráta a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1960 is infheidhmithe ina chás, iníoctha de réir an ráta mhéadaithe a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe ina chás.

(3) Aon phinsean créachta a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 30ú lá d'Iúil, 1949, agus ar a raibh, ar dháta a urscaoilte, míchumas de dheasca créachta ab inchurtha i leith seirbhíse sna fórsaí i rith tréimhse na héigeandála agus is iníoctha faoi na Achtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(4) Leasaítear leis seo an Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1949 (a shonraíonn méid an phinsin chréachta is iníoctha faoi alt 12 d'Acht 1927 le daoine a urscaoileadh as na fórsaí an 30ú lá d'Iúil, 1949, nó dá éis) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad Chuid II (a cuireadh isteach le fo-alt (4) d'alt 10 d'Acht 1960):

“Cuid II.

Pinsin Chréachta—Saighdiúirí.

An Grád Míchumais

Ráta an Phinsin sa tseachtain

faoin gcéad

£

s.

d.

100

3

17

6

90

3

12

3

80

3

4

6

70

2

16

9

60

2

9

6

50

2

1

6

40

1

13

0

30

1

4

9

20

16

6

Méadú ar phinsin mhíthreora faoi alt 13 d'Acht 1927.

11. —(1) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do dhuine ar cinneadh go mb'oifigeach é agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 d'oifigeach a urscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, agus roimh an 2ú lá de Shamhain, 1955, is é an méid a bheidh ann an méid is iníoctha faoi na hAchtanna i leith an phinsin mhíthreora sin arna mhéadú—

(a) má urscaoileadh an t-oifigeach sin as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1949—seacht go leith faoin gcéad, nó

(b) má urscaoileadh an t-oifigeach sin as na fórsaí an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1949, nó dá éis sin—cúig faoin gcéad.

(3) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó do duine ar cinneadh go mba shaighdiúir é agus is iníoctha faoi na hAchtanna de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(4) Aon phinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) d'alt 13 d'Acht 1927 do shaighdiúir a urscaoileadh as na fórsaí an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1924, nó dá éis, beidh sé, in ionad a bheith iníoctha de réir an ráta a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1960 is infheidhmithe ina chás, iníoctha de réir an ráta mhéadaithe a shonraítear chuige sin sna forálacha sin den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is infheidhmithe ina chás.

Méadú ar phinsin phósta faoi ailt 9 go 13 d'Acht 1927 agus faoi alt 5 d'Acht 1946.

12. —Aon phinsean pósta a deonaíodh faoi alt 9, 10, 11, 12 nó 13 d'Acht 1927 nó faoi alt 5 d'Acht 1946, is é an méid a bheidh ann an méid is iníoctha faoi na hAchtanna i leith an phinsin phósta sin arna mhéadú seacht go leith faoin gcéad.

Leasú ar an Séú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

13. —Déantar leis seo an Séú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí) a ghabhann le hAcht 1927 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£172” in ionad “£160” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1960),

(b) i mír 2 agus i mír 3 de Chuid I, cuirfear “£47 10s.” agus “£78 10s.” in ionad “£44” agus “£73” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1960) faoi seach,

(c) i mír 1 de Chuid II, cuirfear “£1 14s. 6d.” in ionad “£1 12s.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1960), agus

(d) i mír 2 de Chuid II, cuirfear “10s. 0d.”, “6s. 9d.” agus “17s. 0d.” in ionad “9s. 3d.”, “6s. 3d.” agus “15s. 9d.” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1960) faoi seach.

Leasú ar an seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

14. —(1) Déantar leis seo an Seachtú Sceideal (a shonraíonn liúntais do chleithiúnaithe chomhaltaí éagtha áirithe de na fórsaí) d'Acht 1927 a leasú mar leanas—

(a) i gCuid I (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1960) cuirfear “£117 10s.” “£172”, “£214 10s.”, “£35 10s.” agus “£65 10s.” in ionad “£109 10s.”, “£160”, “£199 10s.”, “£33” agus “£61”, faoi seach,

(b) i gCuid II (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 14 d'Acht 1960) cuirfear “£1 4s. 6d.”, “9s. 3d.” agus “18s. 3d.” in ionad “22s. 9d.”, “8s. 6d.” agus “17s. 0d.”, faoi seach.

(2) Measfar gur tagairt do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid I agus do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 arna leasú le fo-alt (1) den alt seo an tagairt in alt 25 d'Acht 1953 do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid I agus do mhír 1 agus do mhír 3 de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927.

(3) Déanfar Cuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943), arna leasú le fo-alt (3) d'alt 14 d'Acht 1960, a fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£102 10s.” i mír 6 in ionad “£95 10s.”

(4) Déanfar Cuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1927 (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 5 d'Acht 1943), arna leasú le fo-alt (4) d'alt 14 d'Acht 1960, a fhorléiriú amhail is dá gcuirtí “£51” i mír 6 in ionad “£47 10s.”

Méadú ar phinsin chréachta, mhíthreora agus phósta faoi alt 10 d'Acht 1932.

15. —(1) Aon phinsean créachta nó pinsean míthreora a deonaíodh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (2) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (2) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (4) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

(2) Aon phinsean pósta a deonaíodh faoi fho-alt (3) d'alt 10 d'Acht 1932 agus is iníoctha de réir an ráta a luaitear i gcolún (3) den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe, is de réir an ráta mhéadaithe a luaitear i gcolún (5) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar an Dara Sceideal a ghabhann le hAcht 1932.

16. —Déantar leis seo an Dara Sceideal (a shonraíonn liúntais agus aiscí d'aicmí áirithe daoine) a ghabhann le hAcht 1932 a leasú mar leanas—

(a) i mír 1 de Chuid I, cuirfear “£132” in ionad “£123” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1960),

(b) i mír 2 agus i mír 3 de Chuid I, cuirfear “£35 10s.” agus “£59” in ionad “£33” agus “£55” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1960) faoi seach, agus

(c) i mír 5 de Chuid II, cuirfear “£1 9s. 6d.” in ionad “27s. 6d.” (a cuireadh isteach le halt 16 d'Acht 1960).

Méadú ar liúntais do ghaolta áirithe le Sínitheoirí leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

17. —(1) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1937 trí “shé chéad agus ceithre phunt” a chur in ionad “chúig chéad seasca agus aon phunt agus sé scilling déag” (a cuireadh isteach le halt 17 d'Acht 1960) i mír (a) (a bhaineann leis an liúntas is iníoctha le baintreach (más ann di) dhuine ba Shínitheoir leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916).

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 3 d'Acht 1937 a leasú tuilleadh trí “dhá chéad seasca agus dhá phunt agus deich scilling” a chur in ionad “dhá chéad agus caoga punt” (a cuireadh isteach le halt 13 d'Acht 1953) i mír (c) (a bhaineann leis an liúntas is iníoctha le gach deirfiúr le Sínitheoir den sórt sin).

Méadú ar phinsin faoi alt 26 d'Acht 1937.

18. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha de réir punt seacht scilling agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt naoi scilling agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 26 d'Acht 1937 is iníoctha de réir punt sé scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt naoi scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi ailt 28 agus 29 d'Acht 1937.

19. —Beidh éifeacht ag alt 28 agus ag alt 29 d'Acht 1937 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean do shean-chomhaltaí de na fórsaí agus do chomhaltaí d'eagrais áirithe i leith créachtaí nó galar a forthromaíodh de bharr seirbhíse) amhail is dá gcuirtí an Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad an Sceidil a ghabhann leis an Acht sin.

Méadú ar liúntais chleithiúnaithe faoi alt 37 d'Acht 1937.

20. —I bhfo-alt (2) agus i mír (d) d'fho-alt (3) d'alt 37 d'Acht 1937 (a dhéanann foráil le haghaidh liúntas do ghaolta áirithe chomhaltaí éagtha d'eagrais áirithe) cuirfear na focail “seachtó agus ocht bpunt agus deich scilling” in ionad na bhfocal “seachtó agus trí phunt” (a cuireadh isteach le halt 20 d'Acht 1960).

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1941.

21. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha de réir punt seacht scilling agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt naoi scilling agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1941 is iníoctha de réir punt sé scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt naoi scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Méadú ar phinsin faoi alt 4 d'Acht 1943.

22. —Cuirfear an Sceideal seo a leanas in ionad an Sceidil (a cuireadh isteach le halt 22 d'Acht 1960) a ghabhann le halt 4 d'Acht 1943 (a leathnaíonn forálacha áirithe d'Acht 1927 ionas go mbaineann siad le comhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm)—

“AN SCEIDEAL

Scála Pinsean Míthreora agus Pinsean Créachta do Chomhaltaí Sheirbhís Altranais an Airm.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin

£

s.

d.

100

faoin gcéad

202

10

0

sa bhliain

90

    ,,    ,,

189

10

0

,,    ,,

80

    ,,    ,,

169

0

0

,,    ,,

70

    ,,    ,,

149

0

0

,,    ,,

60

    ,,    ,,

130

0

0

,,    ,,

50

    ,,    ,,

108

0

0

,,    ,,

40

    ,,    ,,

86

10

0

,,    ,,

30

    ,,    ,,

65

0

0

,,    ,,

20

    ,,    ,,

43

10

0

,,    ,,

Méadú ar phinsin faoi alt 6 d'Acht 1943.

23. —(1) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha de réir punt seacht scilling agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt naoi scilling agus sé phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

(2) Gach pinsean deiridh faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha de réir punt sé scilling déag agus sé phingin sa tseachtain, is de réir punt naoi scilling déag agus trí phingin sa tseachtain a bheidh sé iníoctha.

Leasú ar alt 7 d'Acht 1943.

24. —(1) Chun críocha alt 7 d'Acht 1943, arna leasú le fo-ailt (1), (2) agus (3) d'alt 41 d'Acht 1953—

(a) ciallaíonn an abairt “an tsuim bliantúil oiriúnach”, i gcás duine atá seachtó bliain nó níos mó d'aois—

(i) maidir le fear singil nó bean singil nó le baintreach fir nó baintreach mná nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £91,

(ii) maidir le baintreach fir nó baintreach mná a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £91 agus £11. 14s. i leith gach linbh,

(iii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile agus nach bhfuil aon leanaí aige nó aici agus atá ag fáil pinsean (ranníocach) seanaoise faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, nó a bhfuil an céile ag fáil pinsean den sórt sin nó pinsean (neamhranníocach) seanaoise nó pinsean daill faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1960, £110 10s.,

(iv) maidir le haon fhear pósta nó bean phósta eile a maireann an céile agus nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £134,

(v) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile agus a bhfuil leanaí aige nó aici agus atá ag fáil pinsean (ranníocach) seanaoise faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, nó a bhfuil an céile ag fáil pinsean den sórt sin nó pinsean (neamhranníocach) seanaoise nó pinsean daill faoi na hAchtanna Pinsean Seanaoise, 1908 go 1960, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £110 10s. agus £11 14s. i leith gach linbh,

(vi) maidir le haon fhear pósta nó bean phósta eile a maireann an céile agus a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £134 agus £11 14s. i leith gach linbh;

(b) ciallaíonn an abairt “an tsuim bliantúil oiriúnach” i gcás duine atá faoi bhun seachtó bliain d'aois—

(i) maidir le fear singil nó bean singil nó baintreach fir nó baintreach mná nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £117,

(ii) maidir le baintreach fir nó baintreach mná a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £117 agus £11 14s. i leith gach linbh,

(iii) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile ach nach bhfuil aon leanaí aige nó aici, £143,

(iv) maidir le fear pósta nó bean phósta a maireann an céile agus a bhfuil leanaí aige nó aici, suim na méideanna seo a leanas, is é sin, £143 agus £11 14s. i leith gach linbh.

(2) Déantar leis seo alt 6 d'Acht 1959 a aisghairm le héifeacht ón 6ú lá d'Eanáir, 1961.

Méadú ar phinsin faoi alt 12 d'Acht 1946.

25. —Beidh éifeacht ag alt 12 d'Acht 1946 (a dhéanann foráil le haghaidh pinsean i leith eitinne a forthromaíodh de bharr seirbhíse i rith tréimhse na héigeandála) amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad an Dara Sceideal (a cuireadh isteach le halt 24 d'Acht 1960) a ghabhann le hAcht 1946—

“AN DARA SCEIDEAL.

Rátaí Pinsean faoi Alt 12 den Acht seo.

An Grád Míchumais

Scála an Phinsin

(1)

(2)

£

s.

d.

100

faoin gcéad

191

10

0

sa bhliain

90

    ,,    ,,

172

0

0

,,    ,,

80

    ,,    ,,

153

10

0

,,    ,,

Méadú ar liúntais faoi alt 4 d'Acht 1953.

26. —Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1953 (a dhéanann foráil le haghaidh liúntas do ghaolta áirithe dhaoine éagtha áirithe ag a raibh seirbhís mhíleata roimh an sos) a leasú mar leanas—

(1) i mír (a), cuirfear “£262 10s.” in ionad “£250”,

(2) i mír (aa) agus i mír (ab) (a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1959), cuirfear “£131 10s.” in ionad “£125”,

(3) i mír (b), cuirfear “£189” in ionad “£180”, agus

(4) i mír (c) agus i mír (d), cuirfear “£131 10s.” in ionad “£125”.

Méadú ar liúntais do leanaí áirithe le Sínitheoirí leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916.

27. —I bhfo-alt (1) d'alt 45 d'Acht 1953 (a bhaineann le liúntais is iníoctha le leanaí áirithe le Sínitheoirí leis an bhForógra a foilsíodh Luan Cásca, 1916) cuirfear “£131 10s.” in ionad “£125”.

Tosach feidhme.

28. —(1) Measfar go dtáinig na forálacha roimhe seo den Acht seo, ach amháin alt 24, i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1960, agus beidh éifeacht ón dáta sin ag an méadú ar phinsin (lena n-áirítear pinsin bhreise agus pinsin phósta) agus ar liúntais a fhoráiltear leis na forálacha sin.

(2) Measfar go dtáinig fo-alt (1) d'alt 24 den Acht seo i ngníomh an 6ú lá d'Eanáir, 1961.

Gearrtheideal agus comhlua.

29. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean (Méadú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1961, a ghairm de na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1960, agus den Acht seo le chéile.