An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1961) Ar Aghaidh (AN DARA SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.)

7 1961

AN tACHT CÓIREÁLA MEABHAIR-GHALAR, 1961

AN CHEAD SCEIDEAL.

Leasuithe ar an Acht Rialtais Áitiúil (Aoisliúntas), 1956 .

Alt 41.

1. Sa mhíniú ar “údarás áitiúil” in alt 2, cuirfear “lena n-áirítear údarás ospidéil mheabhair-ghalar” in ionad “seachas bord ospidéil mheabhair-ghalar”.

2. Sa mhíniú ar “oifigeach” in alt 2, scriosfar “oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar ná”.

3. Sa mhíniú ar “seirbhíseach” in alt 2, scriosfar “ach ní fholaíonn sé seirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar”.

4. Cuirfear na focail seo a leanas le fo-alt (1) d'alt 5: “agus tiocfaidh sí i ngníomh maidir le húdarás ospidéil mheabhairghalar ag tosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961”.

5. I bhfo-alt (2) d'alt 5 cuirfear isteach “nó údarás ospidéil mheabhair-ghalar” i ndiaidh “1948”.

6. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 7:

“(5) (a) I gcás ina raibh oifigeach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , nó faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, taifeadfaidh an t-údarás a ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.

(b) Beidh de dhualgas ar údarás ospidéil mheabhairghalar na taifid a dhéanfar sa chlár de dhroim an fho-ailt seo (seachas taifid a dhéanfar de thoradh achomhairc faoi mhír (c) den alt seo) a chríochnú laistigh de shé mhí ó thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 .

(c) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo i gcás arb éagóir le duine údarás ospidéil mheabhairghalar dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár de dhroim an fho-ailt seo, ach, in ionad achomharc a dhéanamh faoin bhfo-alt sin, féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis tosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , achomharc i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú an t-ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ón tosach feidhme sin agus, sa chás deiridh sin, taifeadfaidh an t-údarás an t-ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.

(d) I gcás ina raibh oifigeach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, ag ranníoc faoi alt 85 den Acht Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1945 , nó faoi alt 9 den Asylum Officers' (Superannuation) Act, 1909, féadfaidh an t-oifigeach sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tosach feidhme sin, a chur in iúl i scríbhinn don údarás gurb é a rogha nach mbeidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus air sin—

(i) measfar nach raibh feidhm riamh ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus

(ii) má tharlaíonn, aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, go dtiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar agus ansin go mbeadh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo, cé is moite den fhomhír seo, maidir leis, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin maidir leis más tráth i dtréimhse a sheirbhíse leanúnaí mar oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar, dar tús dáta an tosach feidhme sin, an tráth a thiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach d'ospidéal meabhairghalar.

(e) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , ag ranníoc faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, agus gurbh oifigeach den chéad aicme é chun críocha an Achta sin, beidh feidhm ag forálacha ailt 77, 78 agus 79 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , maidir leis d'ainneoin mhír (a) d fho-alt (2) d'alt 64 den Acht sin agus, chun na críche sin, measfar a ainm a bheith taifeadta sa chlár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht sin.

(f) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , faoi réir an Asylum Officers' (Superannuation) Act, 1909, de bhua alt 64 den Acht Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1945 , scoirfidh sé, amhail ó dháta an tosach feidhme sin, de bheith faoi réir an Achta sin.

(g) I gcás ina dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine, seachas duine lena mbaineann mír (f) den fho-alt seo, sa chlár agus—

(i) gur faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh, nó

(ii) gur ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh agus go ndéanfar é amhail ó dheireadh tréimhse leanúnaí a bhí an duine sin ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar, agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , agus a ndearnadh ainm an duine sin a thaifeadadh, amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(I) ní bheidh feidhm ag aon alt acu seo a leanas maidir leis, is é sin le rá, ailt 66, 67, 68, 69, 70, 71, 72, 76, 85 agus 86 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ,

(II) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 63 ná ag ailt 77, 78 agus 79 den Acht sin maidir leis ach amháin i gcaitheamh na tréimhse leanúnaí ina oifigeach d'ospidéal agus dar tús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm sa chlár.

(h) Más rud é, i gcás seachas cás lena mbainfidh mír (e) nó (g) den fho-alt seo, go dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine sa chlár ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo, ní bheidh feidhm ag Cuid VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , ach amháin alt 65 den Acht sin, maidir leis an duine sin.”

7. I bhfo-alt (2) d'alt 12, cuirfear isteach “nó a mbeidh a ainm taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ,” i ndiaidh “arb oifigeach briogáide tóiteáin é”.

8. I bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 15 cuirfear isteach “nó a ainm a bheith taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ,” i ndiaidh “oifigeach briogáide tóiteáin”.

9. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 23:

“(4) (a) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhairghalar a ainm a thaifeadadh faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo sa chlár, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar oifigeach d'údarás áitiúil dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , an tagairt do chúig faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.

(b) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh ar shlí seachas faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo sa chlár amhail ó dheireadh tréimhse leanúnaí a bhí an duine sin ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalair, 1961, agus a ndearnadh, ainm an duine sin a thaifeadadh, amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar oifigeach d'údarás áitiúil dar tús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás a ainm sa chlár, an tagairt do chúig faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.”

10. I bhfo-alt (1) d'alt 29 cuirfear “nó faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ” isteach i ndiaidh “faoin Acht seo”.

11. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 30:

“(5) (a) I gcás ina raibh seirbhíseach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóiréala Meabhair-Ghalar, 1961 , ag ranníoc faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , nó faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, taifeadfaidh an t-údarás a ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.

(b) Beidh de dhualgas ar údarás ospidéil mheabhairghalar na taifid a dhéanfar sa chlár de dhroim an fho-ailt seo (seachas taifid a dhéanfar de thoradh achomhairc faoi mhír (c) den fho-alt seo) a chríochnú laistigh de shé mhí ó thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961.

(c) I gcás éagóir le duine údarás ospidéil mheabhair-ghalar dá dhiúltú nó dá mhainniú a ainm a thaifeadadh sa chlár de dhroim an fho-ailt seo, féadfaidh an duine sin, laistigh de dhá mhí dhéag ó thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1941, achomharc i gcoinne an diúltaithe nó na mainneachtana a dhéanamh chun an Aire iomchuí agus féadfaidh an tAire sin diúltú don achomharc nó a ordú a ainm a thaifeadadh sa chlár amhail ón tosach feidhme sin agus, sa chás deiridh sin, taifeadfaidh an t-údarás an t-ainm sa chlár amhail ón tosach feidhme sin.

(d) I gcás ina raibh seirbhíseach d'údarás ospidéil mheabhair-ghalar, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , ag ranníoc leis an údarás faoi alt 85 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , nó faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, féadfaidh an seirbhíseach sin, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an tosach feidhme sin, a chur in iúl don údarás i scríbhinn gurb é a rogha nach mbeidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus air sin—

(i) measfar nach raibh feidhm riamh ag mír (a) den fho-alt seo maidir leis, agus

(ii) má tharlaíonn, aon tráth tar éis an tosach feidhme sin, go mbeadh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo, cé is moite den fhomhír seo, maidir leis, ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt sin más i dtréimhse a sheirbhíse leanúnaí mar sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar dar tús dáta an tosach feidhme sin a tharlóidh críochnú iomchuí bliana airgeadais áitiúla.

(e) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéal mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , ag ranníoc faoi alt 9 den Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, agus gurbh sheirbhíseach den chéad aicme é chun críocha an Achta sin, beidh feidhm ag forálacha ailt 77, 78 agus 79 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , maidir leis d'ainneoin mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 64 den Acht sin agus, chun na críche sin, measfar a ainm a bheith taifeadta sa chlár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht sin.

(f) I gcás ina raibh duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoin bhfo-alt seo sa chlár, díreach roimh thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961, faoi réir an Asylum Officers' Superannuation Act, 1909, de bhua alt 64 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , scoirfidh sé, amhail ó dháta an tosach feidhme sin, de bheith faoi réir an Achta sin.

(g) I gcás ina dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine, seachas duine lena mbaineann mír (f) den fho-alt seo, sa chlár agus—

(i) gur faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh, nó

(ii) gur ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo a dhéanfar an taifeadadh agus go ndéanfar é amhail ó dheireadh tréimhse leanúnaí a bhí an duine sin ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , agus a ndearnadh ainm an duine sin a thaifeadadh, amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:

(I) ní bheidh feidhm ag aon alt acu seo a leanas maidir leis, is é sin le rá, ailt 66, 67, 68, 69, 70, 71, 72, 76, 85 agus 86 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ,

(II) ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 63 ná ag ailt 77, 78 agus 79 den Acht sin maidir leis ach amháin i gcaitheamh na tréimhse leanúnaí ina sheirbhíseach d'ospidéal meabhair-ghalar dó agus dar thús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm sa chlár.

(h) Más rud é, i gcás seachas cás lena mbainfidh mír (e) nó (g) den alt seo, go dtaifeadfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar ainm duine sa chlár ar shlí seachas faoin bhfo-alt seo, ní bheidh feidhm ag Cuid VIII den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 , ach amháin alt 65 den Acht sin, maidir leis an duine sin.”

12. I bhfo-alt (2) d'alt 35, cuirfear “nó a mbeidh a ainm taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ,” isteach i ndiaidh “ar seirbhíseach bríogáide tóiteáin é”.

13. I bhfomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 36 cuirfear “nó a ainm a bheith taifeadta i gclár a bheidh á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ” isteach i ndiaidh “sheirbhíseach bríogáide tóiteáin”.

14. Déantar, leis seo, an fo-alt seo a leanas a chur le halt 43:

“(4) (a) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo sa chlár, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil dar tús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , an tagairt do cheathair agus séú faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.

(b) I gcás duine a ndéanfaidh údarás ospidéil mheabhair-ghalar a ainm a thaifeadadh, ar shlí seachas faoi fho-alt (5) d'alt 30 den Acht seo, sa chlár amhail ó dheireadh tréimhse ieanúnaí a bhí an duine sin ina oifigeach d'ospidéal meabhair-ghalar agus dar thús dáta thosach feidhme alt 41 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1961 , agus a ndearnadh ainm an duine sin a thaifeadadh amhail óna thosach feidhme, faoi fho-alt (5) d'alt 7 den Acht seo, déanfar, go dtí go mbeidh deireadh lena thréimhse leanúnach mar sheirbhíseach d'údarás áitiúil dar tús an tráth ar amhail uaidh a thaifeadfaidh an t-údarás ospidéil mheabhairghalar a ainm sa chlár, an tagairt do cheathair agus séú faoin gcéad i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú mar thagairt do thrí faoin gcéad.”

15. In alt 49, cuirfear “nó faoin Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ” isteach i ndiaidh “faoin Acht seo”.

16. I mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 63 cuirfear “nó do dhuine a bhfuil a ainm taifeadta i gclár atá á choimeád faoi alt 65 den Acht Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945 ” isteach i ndiaidh “d'oifigeach nó seirbhíseach briogáide tóiteáin”.