|
|||||
|
[EN] | ||
Uimhir 11 de 1961. | ||
[EN] |
ACHT NA nGIÚIRÉITHE, 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO DHÉANAMH AISGHAIRME AGUS ATHACHTAITHE LE LEASUITHE AR FHORÁLACHA ÁIRITHE D'ACHT NA nGIÚIRITHE, 1927 , MAIDIR LE GIÚIRÉITHE DON ARD-CHÚIRT, DON PHRÍOMH-CHÚIRT CHOIRIÚIL AGUS DON CHÚIRT CHUARDA. [23 Bealtaine, 1961.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Priomh-Acht. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nGiúirithe, 1927 , arna leasú agus arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin. |
[EN] |
Giúiréithe don Ard-Chúirt, don Phríomh-Chúirt Choiriúil agus don Chúirt Chuarda ina suí, agus do choimisiún de lunatico inquirendo ina shuí, i gcontaebhuirg. |
2. —(1) Gach saincheist, sibhialta nó coiriúil, is intriailte le giúiré ag an Ard-Chúirt ina suí, nó ag breitheamh di ina shuí, i gcontae-bhuirg, ag coimisinéir faoi choimisiún de lunatico inquirendo ina shuí amhlaidh nó ag breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuí amhlaidh agus gach saincheist is intriailte ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ina suí amhlaidh, beidh siad intriailte le giúiré a ghairfear as rolla giúróirí a tharraingeofar go páirteach ón gcontae-bhuirg agus go páirteach— |
[EN] | (a) más í contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath an chontaebhuirg— | |
[EN] | (i) i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag sonrú ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré i gcontae Bhaile Átha Cliath chun críocha an fho-ailt seo, ón gceantar giúiré nó ó na ceantair ghiúiré a bheidh sonraithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ó chontae Bhaile Átha Cliath, | |
[EN] | (b) más í chontae-bhuirg Chorcaí an chontae-bhuirg— | |
[EN] | (i) i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag sonrú ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré i gcontae Chorcaí chun críocha an fho-ailt seo, ón gceantar giúiré nó ó na ceantair ghiúiré a bheidh sonraithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ó chontae Chorcaí, | |
[EN] | (c) más í chontae-bhuirg Luimnigh an chontae-bhuirg— | |
[EN] | (i) i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag sonrú ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré i gcontae Luimnigh chun críocha an fho-ailt seo, ón gceantar giúiré nó ó na ceantair ghiúiré a bheidh sonraithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ó chontae Luimnigh, agus | |
[EN] | (d) más í chontae-bhuirg Phort Láirge an chontae-bhuirg— | |
[EN] | (i) i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag sonrú ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré i gcontae Phort Láirge chun críocha an fho-ailt seo, ón gceantar giúiré nó ó na ceantair ghiúiré a bheidh sonraithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (ii) in aon chás eile, ó chontae Phort Láirge, | |
[EN] | agus ní dhéanfar aon saincheist den sórt sin a thriail ag an gCúirt sin ina suí amhlaidh, ná ag an mbreitheamh sin ná ag an gcoimisinéir sin ina shuí amhlaidh, le haon ghiúiré eile. | |
[EN] | (2) (a) Is contae lena mbaineann an fo-alt seo gach contae acu seo a leanas: | |
[EN] | (i) contae Bhaile Átha Cliath, | |
[EN] | (ii) contae Chorcaí, | |
[EN] | (iii) contae Luimnigh, agus | |
[EN] | (iv) contae Phort Láirge. | |
[EN] | (b) I gcás ina bhfuil dhá cheantar ghiúiré nó níos mó i gcontae lena mbaineann an fo-alt seo, féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú, de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré sa chontae a shonrú chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus féadfaidh sé aon tráth, de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, an t-ordú sin a chúlghairm nó a athrú le hordú. | |
[EN] |
Giúiréithe don Ard-Chúirt agus don Phríomh-Chuirt Choiriúil ina suí, agus do choimisiún de lunatico inquirendo ina shuí, i gcontae. |
3. —(1) Gach saincheist, sibhialta nó coiriúil, is intriailte le giúiré ag an Ard-Chúirt ina suí, nó ag breitheamh di ina shuí, i gcontae nó ag coimisinéir faoi choimisiún de lunatico inquirendo ina shuí amhlaidh agus gach saincheist is intriailte ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil ina suí amhlaidh, beidh siad intriailte le giúiré a ghairfear as rolla giúiróirí a tharraingeofar— |
[EN] | (a) i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag sonrú ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré sa chontae chun críocha an fho-ailt seo, ón gceantar giúiré nó ó na ceantair ghiúiré a bheidh sonraithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ón gcontae, | |
[EN] | agus ní dhéanfar aon saincheist a thriail ag an gCúirt sin ina suí amhlaidh, ná ag an mbreitheamh sin ná ag an gcoimisinéir sin ina shuí amhlaidh, le haon ghiúiré eile. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil dhá cheantar ghiúiré nó níos mó i gcontae, féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú, de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré sa chontae a shonrú chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus féadfaidh sé aon tráth, de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, an t-ordú sin a chúlghairm nó a athrú le hordú. | |
[EN] |
Giúiréithe don Chúirt Chuarda ina suí i gcontae. |
4. —(1) Gach saincheist choiriúil is intriailte le giúiré ag breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuí i gcontae beidh siad intriailte le giúiré a ghairfear ó rolla giúróirí a tharraingeofar— |
[EN] | (a) i gcás ordú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire ag sonrú ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré sa chontae chun críocha an fho-ailt seo, ón gceantar giúiré nó ó na ceantair ghiúiré a bheidh sonraithe amhlaidh, agus | |
[EN] | (b) in aon chás eile, ón gcontae, | |
[EN] | agus ní dhéanfar aon saincheist den sórt sin a thriail ag na mbreitheamh sin ina shuí amhlaidh le haon ghiúiré eile. | |
[EN] | (2) I gcás ina bhfuil dhá cheantar ghiúiré nó níos mó i gcontae, féadfaidh an tAire ó am go ham le hordú de réir mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, ceantar giúiré nó ceantair ghiúiré sa chontae a shonrú chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus féadfaidh sé aon uair is cuí leis agus nuair is cuí leis, an t-ordú sin a chúlghairm nó a athrú le hordú. | |
[EN] | (3) Gach saincheist shibhialta is intriailte le giúiré ag breitheamh den Chúirt Chuarda ina shuí i gcontae beidh sí intriailte le giúiré a ghairfear as rolla giúróirí a tharraingeofar ó cheantar giúiré ina mbeidh an breitheamh sin ina shuí tráth na trialach, agus ní dhéanfar aon saincheist den sórt sin a thriail ag an mbreitheamh sin ina shuí amhlaidh le haon ghiúiré eile. | |
[EN] |
Feidhm Chuid V den Phriomh-Acht. |
5. —Aon uair a bheidh rolla giúróirí i láthair go dleathach os comhair coimisinéir faoi choimisiún de lunatico inquirendo, ansin, chun críche feidhme Chuid V den Phríomh-Acht, measfar gur cúirt an coimisinéir agus gurb é breitheamh na cúirte sin é freisin. |
[EN] |
Orduithe faoi alt 33 den Phríomh-Acht do leanúint i bhfeidhm. |
6. —Má bhíonn aon orduithe faoi alt 33 den Phríomh-Acht i bhfeidhm le linn tosach feidhme an Achta seo, leanfaidh gach ordú den sórt sin i bhfeidhm, d'ainneoin an t-alt sin a aisghairm le halt 8 den Acht seo, go dtí tosach feidhm ordú faoi alt 4 den Acht seo maidir leis an gcontae ina bhfuil an chathair nó an baile lena mbaineann an t-ordú faoin alt sin 33. |
[EN] |
Alt 36 den Phríomh-Acht a leathnú. |
7. —Bainfidh alt 36 den Phríomh-Acht le gach suí ag coimisinéir faoi choimisiún de lunatico inquirendo chun saincheist a thriail le giúiré. |
[EN] |
Aisghairm. |
8. —Aisghairtear leis seo ailt 31, 32, 33, fo-alt (5) d'alt 36 agus alt 65 den Phríomh-Acht. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú, comhlua agus tosach feidhme. |
9. —(1) Féadfar Acht na nGiúiréithe, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Déanfar Achtanna na nGiúirithe, 1927 agus 1945, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar Achtanna na nGiúiréithe, 1927 go 1961, a ghairm díobh le chéile. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hOrdú. |