Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear.)

13 1961


Uimhir 13 de 1961.


AN tACHT CAIRDE THALMHAÍOCHTA, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CAIRDE THALMHAÍOCHTA, 1927 GO 1947. [30 Bealtaine, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1947, Uimh. 14 .

1927, Uimh. 24 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1947” an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1947 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1947;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cairde Talmhaíochta, 1927 .

Méadú ar chaipiteal na Corparáide.

2. —D'ainneoin aon ní contrártha dó sin atá sna hAchtanna nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Corparáide, is dleathach don Chorparáid, faoi réir thoiliú an Aire, a caipiteal a mhéadú go dtí iomlán nach mó ná dhá mhilliún punt arna roinnt ina stoc-aonaid nó ina scaireanna deich scilling an ceann nó cibé ainmluach nó ainmluachanna eile a bheidh de réir mheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide agus, más oiriúnach léi sin, na stoc-aonaid nó na scaireanna a roinnt ina n-aicmí éagsúla agus cearta éagsúla a chur ag gabháil leis na haonaid nó leis na scaireanna d'aicmí éagsúla agus chun na gcríocha sin cibé athraithe is gá a dhéanamh ar an meabhrán comhlachais agus na hairteagal chomhlachais.

Cumhacht na Corparáide chun airgead a fháil ar iasacht.

3. —(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh cumhacht ag an gCorparáid chun críocha na Corparáide airgead a chruinniú nó a thógáil ar iasacht ar cibé modh is oiriúnach léi.

(2) Ní rachaidh an méid airgid a chruinneoidh nó a thógfaidh an Chorparáid ar iasacht faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo agus a bheidh gan íoc aon tráth áirithe thar deich milliún punt.

(3) (a) Aon chumhacht chun airgead a chruinniú nó a thógáil ar iasacht a thugtar don Chorparáid leis na hAchtanna nó leis an Acht seo ní bheidh sí infheidhmithe aon tráth áirithe gan toiliú an Aire má shealbhaíonn an tAire an tráth sin níos mó ná an cúigiú cuid (de réir ainmluacha) de chaipiteal eisithe na Corparáide.

(b) Beidh aon chumhacht den sórt sin infheidhmithe aon tráth áirithe gan toiliú an Aire má shealbhaíonn an tAire an tráth sin an cúigiú cuid (de réir ainmluacha) nó cuid is lú ná sin de chaipiteal eisithe na Corparáide.

(4) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir maidir le heisiúint nó aistriú aon bhannaí nó urrús eile a eiseoidh an Chorparáid i bhfeidhmiú a cumhachtaí faoin alt seo chun airgead a chruinneofar nó a thógfar ar iasacht faoin alt seo a urrú.

An tAire Talmhaíochta do ráthú na Corparáide i gcoinne caillteanas.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta, le toiliú an Aire—

(a) ráthaíocht a thabhairt don Chorparáid, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé le toiliú an Aire, go n-aisíocfar go cuí príomhshuim aon airgid a bheidh íoctha ag an gCorparáid ar scór iasachtaí, airleacan, ráthaíochtaí le daoine i ndáil le híoc airgid ag daoine eile nó i ndáil le saoráidí eile creidmheasa (lena n-áirítear saoráidí fruilcheannaigh) a thabharfaidh, a sholáthróidh nó a shocróidh an Chorparáid nó a rachaidh sí faoi aon cheanglais ina leith nó go n-íocfar ús ar an bpríomhshuim sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, agus

(b) an Chorparáid a chúiteamh, ar scór ráthaíochta faoin alt seo, ar cibé téarmaí agus coinníollacha a shonróidh sé le toiliú an Aire, maidir leis na hiasachtaí, na hairleacain, na ráthaíochtaí nó saoráidí creidmheasa eile den sórt sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire Talmhaíochta na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná cúig mhilliún punt an méid nó an méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire.

(3) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a íocfar airgead a íocfaidh an tAire Talmhaíochta faoi ráthaíocht faoin alt seo.

(4) I gcás ina ndéanfaidh an Chorparáid iomlán an airgid nó aon chuid den airgead a bheidh íoctha ag an Aire Talmhaíochta ar scór ráthaíochta faoin alt seo a aisghabháil dá éis sin aisíocfaidh an Chorparáid leis an Aire Talmhaíochta an méid a aisghabhfar agus cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire.

An tAire do ráthú airgead a gheobhaidh an Chorparáid ar iasacht.

5. —(1) Féadfaidh an tAire ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí is oiriúnach leis agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Chorpáraid go cuí príomhshuim aon airgid a chruinneoidh an Chorparáid nó a gheobhaidh sí ar iasacht nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go ndéanfar an phríomhshuim a aisíoc agus fós an t-ús a íoc.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú i slí gur mó ná deich milliún punt an méid nó an méid comhiomlán príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a íoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin bhfo-alt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dteannta an méid (más aon mhéid) príomhshuime a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCorparáid.

(3) I gcás ina dtabharfar nó inar tugadh ráthaíocht faoin alt seo, tabharfaidh an Chorparáid, má éilíonn an tAire é, cibé urrús don Aire a shonrófar san éileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a urrú don Aire.

(4) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh tráth ar bith roimh thosách, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más aon mhéid é) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta,

(c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan íoc i ndeireadh na bliana sin.

(5) Déanfaidh an Chorparáid airgead a bheidh íoctha ag an Aire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air, má éilíonn an tAire é, de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh den dhá bhliain ó dháta an airleacain.

(6) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a cheanglaítear le fo-alt (5) den alt seo a aisíoc leis an Aire gan aisíoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(7) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (6) den alt seo chun an tsuim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chorparáid de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chorparáid an tsuim sin (maraon le hús uirthi, má éilíonn an tAire é, de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach gnáth-chonartha in aon chúirt dlínse inniúla.

(8) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Chorparáid leis an Aire, nó ar ghnóthóidh an tAire ón gCorparáid, faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire.

Forálacha maidir le caipiteal na Corparáide a shealbhú.

6. —(1) (a) Féadfaidh an Chorparáid stoc-aonaid nó scaireanna na Corparáide a eisiúint, a dháileadh agus a aistriú chun daoine, agus a dhíol le daoine, seachas an tAire.

(b) Ní bheidh an chumhacht a thugtar le mír (a) den fho-alt seo infheidhmithe aon tráth áirithe gan toiliú an Aire má shealbhaíonn an tAire an tráth sin méid nach lú ná leath chaipiteal eisithe na Corparáide de réir ainmluacha.

(2)  (a) Féadfaidh an tAire stoc-aonaid nó scaireanna de chuid na Corparáide a fháil trí shuibscríobh chun na Corparáide,

(b) I gcás stoc-aonaid nó scaireanna de chuid na Corparáide a bheith i seilbh duine seachas an tAire, féadfaidh an tAire na stoc-aonaid nó na scaireanna a cheannach ón duine sin.

(3) Féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, aon stoc-aonaid nó scaireanna de chuid na Corparáide a bheidh ina sheilbh a dhíol aon tráth, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha maidir leis an gcomaoin don díol) is oiriúnach leis a fhorchur, agus déanfar toradh aon díola den sórt sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire.

(4) (a) Beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 10 d'Acht 1947 maidir leis na stoc-aonaid nó na scaireanna uile de chuid na Corparáide a bheidh i seilbh an Aire de thuras na huaire agus, dá réir sin, déanfar na tagairtí atá san fho-alt seo do scaireanna nua a fhorléiriú mar thagairtí do stoc-aonaid nó do scaireanna de chuid na Corparáide.

(b) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (2) ná ag fomhíreanna (3), (4), agus (5) den alt sin 10 maidir le stoc-aonaid nó scaireanna de chuid na Corparáide seachas scaireanna nua (de réir bhrí Acht 1947) arna n-aistriú chun duine faoi mhír (a) d'fho-alt (2) den alt sin 10.

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

1947, Uimh. 14

7. —(1) Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht—

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1), is é sin:

“(1) Luafar cuspóirí na Corparáide ina meabhrán comhlachais ar shlí go mbeidh ar a príomhfheidhmeanna—

(a)  (i) airgead a thabhairt ar iasacht agus ar airleacan, faoi réir fhorálacha an Achta seo, arna leasú le haon Acht ina dhiaidh sin,

(ii) scaireanna, stoic, bintiúirí, stoic bintiúra agus urrúis eile de chuid aon chomhlachta chorpraithe a fháil, a fhrithgheallúint, a shealbhú, a dhíol agus déileáil leo ar shlite eile,

(iii) billí malairte, nótaí gealltanais agus ionstraimí soshannta eile a tharraingt, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a cheannach agus déileáil leo ar shlite eile,

(iv) cibé saoráidí creidmheasa eile is oiriúnach léi a chur ar fáil (lena n-áirítear ráthaíochtaí a thabhairt d'aon duine maidir le híoc airgid, agus úis ar an airgead, nó aisíoc airgid a d'íoc an duine sin ar scór iasachtaí, airleacan nó saoráidí creidmheasa eile a dheonaigh an duine sin agus íoc úis ar an airgead sin),

(v) gabháil do shaoráidí fruilcheannaigh a chur ar fáil agus, chun na críche sin, stoc (de réir bhrí alt 21 den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1947 , arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin) a fháil, a dhiúscairt agus déileáil leis ar shlite eile, agus

(vi) socrú a dhéanamh chun saoráidí creidmheasa a chur ar fáil d'aon duine ag aon duine eile (agus gníomhú mar ghníomhaire d'aon duine maidir le hairgead a íoc, a bhailiú agus a ghlacadh i ndáil leis na saoráidí sin),

chun aon chríche is dóigh leis an gCorparáid a mhéadóidh, nó gur dócha go méadóidh sí, táirgiúlacht talmhaíochta nó gairneoireachta nó go rachaidh sí chun sochair ar shlí eile do thalmhaíocht nó gairneoireacht, ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an gCorparáid, agus

(b) taiscí airgid a ghlacadh ó chomharchumainn ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinn íollacha is cuí leis an gCorparáid agus taiscí urrús a ghlacadh chun iad a shlánchoimeád agus a bhainistí agus, a mhéid is dleathach sin, iontaobhais a fheidhmiú maidir leis na hurrúis.”, agus

(b) “leis na hAchtanna Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1961” a chur in ionad “leis an Acht so” i bhfo-alt (2).

(2) Aon athruithe ar mheabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide is gá a dhéanamh de bhua fho-alt (1) den alt seo déanfar iad a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith agus go dtí go ndéanfar na hathruithe sin is iad cuspóirí na Corparáide na cuspóirí a bhí sonraithe i meabhrán comhlachais na Corparáide díreach roimh an rith sin.

An Chorparáid do ghlacadh páirt i scéimeanna agus tionscadail áirithe a bhaineann le talmhaíocht.

8. —Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 13 den Phríomh-Acht, is é sin le rá:—

“13. (1) Féadfaidh an Chorparáid, más oiriúnach léi agus tar éis di cibé athrú is dóigh léi is ceart a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais, aon ní nó gach ní acu seo a leanas a dhéanamh:

(a) aon scéim nó tionscadal is dóigh leis an gCorparáid a mhéadóidh, nó gur dócha go méadóidh sé, táirgiúlacht talmhaíochta nó gairneoireachta nó a rachaidh chun sochair ar shlí eile do thalmhaíocht nó gairneoireacht, a bhunú, a chur ar aghaidh, a bheith ag gabháil dó, páirt a ghlacadh ann, nó é a bhainistí nó a mhaoirsiú,

(b) foireann chléireachais, foireann theicniúil agus foireann bhainistíochta le haghaidh scéimeanna agus tionscadail atá dtagraítear i mír (a) den alt seo a cheapadh agus luach saothair a íoc leo agus cúnamh agus comhairle a thabhairt maidir le ceapadh na bhfoirne sin,

(c) an t-airgead go léir nó cuid den airgead is gá le haghaidh aon scéime nó tionscadail dá dtagraítear i mír (c) den alt seo a sholáthar,

(d) comhaontú leis na daoine a bhunóidh nó a chuirfidh ar aghaidh aon scéim nó tionscadal dá dtagraítear i mír (a) den alt seo iomlán aon chaillteanas nó cuid de chaillteanais faoina rachaidh siad maidir leis an scéim nó an tionscadal sin a íoc agus a ghlanadh,

(e) comhlachtaí corpraithe a bhunú nó páirt a ghlacadh ina mbunú chun scéimeanna nó tionscadail dá dtagraítear i mír (a) den alt seo a bhunú, a chur ar aghaidh, a bhainistí nó a mhaoirsiú nó chun bheith ag gabháil dóibh nó a bheith páirteach iontu agus caipiteal, nó an chuid sin is oiriúnach léi de chaipiteal, aon chomhlachtaí corpraithe den sórt sin a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt,

(f) faoi réir fhorálacha Achtanna na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, caipiteal, nó an chuid sin is oiriúnach léi de chaipiteal, aon chomhlachta chorpraithe a bheidh ag bunú, ag cur ar aghaidh, ag bainistí nó ag maoirsiú scéimeanna nó tionscadal dá dtagraítear i mír (a) den alt seo nó ag gabháil do scéimeanna nó tionscadail nó páirteach i scéimeanna nó tionscadail den sórt sin a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt,

(g) cabhrú, in aon slí is cuí léi, le comhlachtaí corpraithe dá dtagraítear i mír (e) den alt seo a fhoirmiú, a chur ar aghaidh, a bhunú, a athchóiriú nó a atheagrú nó sin a urasú in aon slí is cuí léi.

(2) San alt seo agus in alt 9 den Acht seo folaíonn ‘talmhaíocht’—

(a) ainmhithe d'aon saghas (lena n-áirítear éin agus míngeacha) a phórú, a thógáil nó a choimeád,

(b) oiliúint éisc,

(c) déiríocht,

(d) ainmhithe a chur ar féarach,

(e) foraoiseacht,

(f) aon táirge feirme a phróisiú, a mhonarú, a ullmhú nó a chríochnú le díol, agus

(g) aon táirge feirme a mhargú.”.

Airgead a airleacfaidh nó a íocfaidh an Chorparáid a mhuirearú ar thalamh.

1939, Uimh. 26 .

9. —(1) I gcás ina mbeartóidh an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan d'aon duine acu seo a leanas nó a ráthú go n-íocfaidh duine den sórt sin airgead, is é sin—

(a) úinéir cláraithe talún, nó

(b) duine a bheidh ag áitiú talún a bheidh cláraithe i gclár de ruílsigh (seachas úinéir cláraithe na talún) chun aon chríche nó críocha acu seo a leanas, is é sin:

(i) foirgnimh a dhéanamh, a athrú, a fheabhsú nó a dheisiú ar an talamh,

(ii) feabhsuithe a dhéanamh ar an talamh is feabhsuithe buana ar dócha dóibh táirgiúlacht na talún a mhéadú nó an méadú sin a urasú nó cabhrú leis,

(iii) costais agus caiteachais na hiasachta, an airleacain nó na ráthaíochta a íoc agus urrús a thabhairt go n-aisíocfar an iasacht nó an t-aisíocfar an iasacht nó an t-airleacan nó aon airgead a bheidh íoctha de bhun na ráthaíochta, de réir mar a bheidh,

féadfaidh an Chorparáid, sula dtabharfaidh sí an t-airgead ar iasacht nó ar airleacan nó sula ráthóidh sí íoc an airgid, de réir mar a bheidh, ordú (dá ngairtear ordú muirir san alt seo) a dhéanamh faoi réir aon orduithe ginearálta a thabharfaidh an tAire ó am go ham, ag muirearú an airgid a thabharfaidh an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan nó a dhlífidh an Chorparáid a íoc ar scór na ráthaíochta a thabharfaidh an Chorparáid, de réir mar a bheidh, agus an úis is iníoctha de bhun téarmaí agus coinníollacha na hiasachta, an airleacain nó na ráthaíochta ar an talamh agus oibreoidh an t-ordú muirir chun an t-airgead a mhuirearú de réir mar a dhéanfaidh agus nuair a dhéanfaidh an Chorparáid é a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan nó a íoc agus an t-ús ar an talamh i bhfabhar na Corparáide.

(2) I gcás aon mhuirear a bhunófar faoin alt seo chun airleacain san am le teacht (i dteannta nó d'éagmais airleacan láithreacha) a ráthú beidh sé sainráite san ordú muirir trína mbunófar é é a bheith ag muirearú airleacan, nach mó ná an méid a shonrófar san ordú, ar an talamh lena mbainfidh an t-ordú.

(3) I gcás ina mbeifear tar éis ordú muirir a dhéanamh faoin alt seo maidir le talamh, déanfar an t-ordú muirir agus an deimhniú talún (más ann dó) a eisíodh faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus a bhainfidh leis an talamh a tharchur chun an údaráis chlárúcháin agus déanfaidh an t-údarás clárúcháin an muirear a bhunófar leis an ordú muirir a chlárú i gclár de ruílsigh mar ualach a bhaineann leis an talamh sin.

(4) Measfar gur morgáiste arna dhéanamh trí ghníomhas de réir bhrí na Conveyancing Acts, 1881 to 1911, muirear a bhunófar faoin alt seo agus is í an Chorparáid an morgáistí chun críocha na nAchtanna sin agus, dá réir sin, beidh aici na cumhachtaí go léir a thugann na hAchtanna sin do mhorgáistithe faoi mhorgáistí arna ndéanamh trí ghníomhas agus, nuair a dhéanfar muirear a bhunófar faoin alt seo a chlárú i gclár de ruílsigh, measfar gur muirear cláraithe é de réir bhrí na nAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942, agus measfar, chun críocha fho-alt 39, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, d'Acht 1947, aisíoc méid an mhuirir agus íoc an úis a bheith muirearaithe i bhfabhar na Corparáide ar an talamh lena mbainfidh an muirir ag úinéir cláraithe na talún sin.

(5) (a) An t-airgead go léir is iníoctha ar scór muirear a bunaíodh faoin alt seo i leith airgead a thug an Chorporáid ar iasacht nó ar airleacan d'úinéir cláraithe talún nó a d'íoc an Chorparáid ar scór ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh úinéir cláraithe na talún airgead, féadfar é a aisghabháil ón duine arb é úinéir cláraithe na talún é a bheidh faoi réir an mhuirir an tráth a thionscnófar imeachtaí chun an t-airgead is iníoctha ar scór an mhuirir a aisghabháil mar dhliteanas pearsanta de chuid an duine sin.

(b) Ní shaorfaidh aon ní san fho-alt seo aon duine eile ó dhliteanas maidir le haon airgead den sórt sin agus, amhail idir úinéirí cláraithe comhleanúnacha na talún a bheidh faoin muirear, beidh an t-airgead go léir a bheidh íoctha nó aisghafa ó úinéir cláraithe ar scór muirear a bunaíodh faoin alt seo agus ar dhligh duine ab úinéir cláraithe tráth é a íoc inaisghafa ag an úinéir cláraithe a d'íoc é, nó ónar aisghabhadh é, mar fhiach a bheidh dlite dó den úinéir cláraithe a rinne mainneachtain.

(6) (a) An t-airgead go léir is iníoctha ar scór muirear a bunaíodh faoin alt seo i leith aon airgead a thug an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan do dhuine agus é ag áitiú talún (seachas úinéir cláraithe na talún) nó a d'íoc an Chorparáid ar scór ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh duine a bhí ag áitiú talún (seachas úinéir cláraithe na talún) airgead, féadfar é a aisghabháil ón duine a bheidh ag áitiú (mar úinéir cláraithe nó ar shlí eile) na talún a bheidh faoin muirear an tráth a thionscnófar imeachtaí chun an t-airgead is iníoctha ar scór an mhuirir a aisghabháil mar dhliteanas pearsanta de chuid an duine sin,

(b) Ní shaorfaidh aon ní san fho-alt seo aon duine eile ó dhliteanas maidir le haon airgead den sórt sin agus, amhail idir dhaoine go comhleanúnach ag áitiú (mar úinéirí cláraithe nó ar shlí eile) na talún a bheidh faoin muirear, an t-airgead go léir a bheidh íoctha nó aisghafa ó dhuine agus é ag áitiú na talún ar scór muirear a bunaíodh faoin alt seo agus a raibh duine a bhí ag áitiú na talún roimhe sin faoi dhliteanas ina leith, beidh sé inaisghafa ag an duine a d'íoc é, nó ónar aisghabhadh é, mar fhiach a bheidh dlite dó den duine a rinne an mhainneachtain.

(7) (a) I gcás ina mbunófar muirear faoin alt seo maidir le hairgead a thabharfaidh an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan d'aon duine nó maidir le ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh aon duine áirithe airgead, beidh an iasacht, an t-airleacan nó an ráthaíocht faoi réir cibé coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha ag foráil go n-íocfar ús, an modh ar a ndéanfar airgead a thug an Chorparáid ar iasacht nó ar airleacan nó aon airgead a d'íoc an Chorparáid ar scór ráthaíocht a thug an Chorparáid go n-íocfadh an duine airgead a aisíoc agus go n-íocfaí an t-ús, ina thráthchodanna nó ar shlí eile, agus an tráth chun aon airgead den sórt sin a aisíoc agus an t-ús a íoc) a chinnfidh an Chorparáid le toiliú an duine sin nuair a aontóidh an Chorparáid an iasacht nó an t-airleacan nó an ráthaíocht, de réir mar a bheidh, a thabhairt, agus féadfaidh an Chorparáid na coinníollacha a athrú nó a leasú ina dhiaidh sin ar aon slí ar bith le toiliú an duine a dhlífidh an t-airgead a aisíoc, agus measfar gurb éard iad na coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha arna n-athrú nó arna leasú ina dhiaidh sin) cúnaint, agus oibreoidh siad mar chúnaint, a rinneadh idir an Chorparáid agus an duine a dhlífidh an t-airgead a aisíoc.

(b) Féadfaidh an Chorparáid, le toiliú an duine a dhlífidh an t-airgead lena mbainfidh ordú muirir a aisíoc, an t-ordú muirir a athrú nó a leasú,

(c) I gcás ina ndéanfar ordú muirir a athrú nó a leasú faoin bhfo-alt seo, déanfaidh an Chorparáid deimhniú faoina séala ina mbeidh sonraí i dtaobh an athraithe nó an leasaithe a tharchur chuig an údarás cláraitheachta.

(d) Ar dheimhniú a airbheartóidh a bheith faoi shéala na Corparáide agus sonraí a bheith ann i dtaobh an athraithe nó an leasaithe a bheidh déanta faoin bhfo-alt seo ar ordú muirir a tharchur chuig an údarás cláraitheachta, déanfaidh an t-údarás cláraitheachta an t-athrú nó an leasú a chlárú nó a nótáil ar shlí eile sa chlár de ruílsigh ina mbeidh an muirear a bunaíodh leis an ordú muirir cláraithe.

(8) Nuair a bheidh an t-airgead go léir is iníoctha ar scór muirear a bunaíodh faoin alt seo aisíoctha leis an gCorparáid agus go n-iarrfaidh úinéir cláraithe nó an duine a bheidh ag áitiú na talún lena mbainfidh an muirear ar an gCorparáid an muirear a scaoileadh, déanfaidh an Chorparáid, air sin, deimhniú faoina séala ag insint gur aisíocadh leis an gCorparáid an t-airgead go léir ab iníoctha ar scór an mhuirir a tharchur chuig an údarás cláraitheachta agus, ar dheimhniú a airbheartóidh a bheith faoi shéala na Corparáide agus ag insint gur aisíocadh leis an gCorparáid an t-airgead go léir ab iníoctha ar scór an mhuirir a bheith tarchurtha chuig an údarás cláraitheachta, déanfar taifead an mhuirir sa chlár de ruílsigh ina mbeidh sé taifeadta a chealú.

(9) Leasaítear leis seo alt 35 den Acht Talún, 1939, trí “nó muirear a bunaíodh faoi alt 9 den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1961 , a chur isteach i bhfo-alt (1) i ndiaidh “na hAchtanna Cairde Talmhaíochta, 1927 go 1929,”.

(10) (a) Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon ionstraim trína ndéanfar muirear faoin alt seo a bhunú nó a scaoileadh nó ordú muirir nó coinníoll faoina ndéanfaidh an Chorparáid airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan nó ráthaíocht a thabhairt a athrú nó a leasú faoin alt seo nó toiliú úinéara chláraithe nó an duine a bheidh ag áitiú na talún lena mbainfidh an muirir a thabhairt leis an mbunú, an t-athrú nó an leasú sin.

(b) Ní mhuirearóidh ná ní fhorchuirfidh an t-údarás cláraitheachta aon táille ná íocaíocht eile as muirear a bhunófar faoin alt seo a chlárú sa chlár de ruílsigh nó as taifead an mhuirir sa chlár a chealú nó as athrú nó leasú ar ordú muirir faoi fho-alt (7) den alt seo a chlárú nó a nótáil ar shlí eile i gclár de ruílsigh.

(11) Ní dhéanfar ordú muirir faoin alt seo maidir le hiasacht, airleacan nó ráthaíocht a bheartóidh an Chorparáid a thabhairt do dhuine ar bith nó maidir le híocaíochtaí ó dhuine ar bith, gan toiliú an duine sin.

(12) (a) San alt seo—

ciallaíonn clár de ruílsigh clár de ruílsigh a choimeádtar faoi na hAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942;

ciallaíonn “úinéir cláraithe”, maidir le talamh, duine atá cláraithe i gclár de ruílsigh mar lán-úinéir na talún;

ciallaíonn “údarás cláraitheachta” údarás cláraitheachta faoi réim agus chun críocha na nAchtanna um Chlárú Teidil, 1891 agus 1942.

(b) Na tagairtí atá san alt seo do dhuine ag áitiú talún, forléireofar iad, in aon chás inar duine a bhfuil an talamh ligthe chuige ar feadh aon téarma, mar thagairtí don duine a lig an talamh amhlaidh.

Leasú alt 12 d'Acht 1947.

10. —Leasaítear leis seo alt 12 d'Acht 1947 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2), is é sin:

“(2)  (a) Ní lú ná triúr ná ní mó ná mórsheisear an líon stiúrthóirí (agus an cathaoirleach a áireamh) agus is é an tAire a ainmneoidh a dtromlach (is é sin an tromlach is lú in aon chás áirithe) má shealbhaíonn sé méid nach lú ná leath chaipiteal eisithe na Corparáide de réir ainmluacha, ach, d'ainneoin fhorálacha na míre seo, ní gá d'aon duine is stiúrthóir ar an gCorparáid éirí as oifig mar stiúrthóir, chun na bhforálacha sin a chomhlíonadh, roimh an am a shonraítear le haghaidh éirí as in airteagail chomhlachais na Corparáide.

(b) Is í cáilíocht chun duine a bheith ina stiúrthóir scair amháin ar a laghad a bheith aige sa Chorparáid.

Leasú ar alt 13 d'Acht 1947.

11. —Leasaítear leis seo alt 13 d'Acht 1947, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1), is é sin:

“(1) (a) Faoi réir fhorálacha alt 3 den Acht Cairde Thalmhaíochta, 1961 , féadfaidh an tAire cibé suimeanna a theastóidh ón gCorparáid ó am go ham chun cuspóirí na Corparáide a chomhlíonadh a thabhairt ar airleacan don Chorparáid agus féadfaidh an Chorparáid na suimeanna sin a fháil ar iasacht ón Aire.

(b) Tabharfar airleacain faoin bhfo-alt seo ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus nithe eile a chinnfidh an tAire.

(c) Déanfar aon airgead a íocfaidh an Chorparáid leis an Aire i leith aisíoc airleacan faoin bhfo-alt seo nó i leith úis ar na hairleacain sin a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire.”.

Leasú ar alt 2 d'Acht 1947.

12. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 21 d'Acht 1947—

(a) trí “is feirmeoir” a scríosadh as an míniú atá i mír (a) ar “an morgáisteoir”,

(b) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “iarrthach aitheanta”, is é sin:

“ciallaíonn ‘iarrthach aitheanta’ aon duine dar féidir airgead a thabhairt ar iasacht nó ar airleacan nó ar féidir le hiasachtóir aitheanta saoráidí creidmheasa eile a thabhairt dó nó a thabharfaidh, nó a aontóidh go dtabharfaidh sé, urrús d'iasachtóir aitheanta go n-íocfaidh sé féin nó aon duine eile airgead;”,

agus

(c) an mhír seo a leanas a chur isteach sa mhíniú ar “stoc” i ndiaidh mhír (c)—

“(cc) míngeacha agus iasc de gach cineál agus an síolrach agus an toradh ó na míngeacha agus ó na héisc sin agus crainn (ag fás as an talamh dóibh nó bainte den talamh),”.

Leasú ar ailt 39, 42 agus 48 d'Acht 1947.

13. —(1) Leasaítear leis seo ailt 39, 42 agus 48 d'Acht 1947 trí “míle punt” a chur in ionad “ceithre chéad punt” gach áit ina bhfuil sé sna hailt sin.

(2) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar le fo-alt (1) den alt seo maidir le muirir ar thalamh a tugadh roimh dháta an Achta seo a rith.

Athruithe ar mheamram comhlachais agus airteagail chomhlachais na Corparáide.

14. —Is dleathach don Chorparáid na hathruithe uile is gá nó is ceart chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo agus na nAchtanna arna leasú leis an Acht, agus is gá nó is ceart mar fhorlíonadh ar aon athrú, nó de dhroim aon athrú, den sórt sin, a dhéanamh ar a meabhrán comhlachais agus a hairteagail chomhlachais.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (2) d'alt 10 den Phríomh-Acht le hathruithe a dhéanfar ar mheabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na Corparáide faoin alt seo nó de bhun an ailt seo agus ina ionad sin achtaítear leis seo gur i cibé foirm ar comhréir leis na hAchtanna agus leis an Acht seo a cheadóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta a bheidh na hathruithe sin uile.

(3) Beidh feidhm agus éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 18 d'Acht 1947 maidir le hathruithe ar mheabhrán comhlachais na Corparáide a údaraítear leis an alt seo sa tslí chéanna ina bhfuil feidhm agus éifeacht aige maidir le hathruithe ar an meabhrán sin a údaraítear le Cuid II d'Acht 1947.

Airleacain as an bPríomh-Chiste.

15. —(1) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo.

(2) Chun socrú a dhéanamh le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, féadfaidh an tAire aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis ar bith a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus fós faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó aon ní eile is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(3) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear príomhshuime agus úis aon urrúis a eiseofar faoin alt seo agus muirear na gcostas faoina rachfar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.

Aisghairm.

16. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

17. —(1) Féadfar an tAcht Cairde Thalmhaíochta, 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Forléireofar le chéile na hAchtanna agus an tAcht seo mar aon Acht amháin.

(3) Féadfar na hAchtanna Cairde Thalmhaíochta, 1927 go 1961, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le chéile.