|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, 1961) | Ar Aghaidh (CUID II. An Institiúid agus a Feidhmeanna do Leanúint de bheith ar Marthain.) |
AN tACHT TAIGHDE TIONSCAIL AGUS CAIGHDEÁN, 1961
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I. Réamhráiteach. | |
| [EN] |
Gearrtheideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Taighde Tionscail agus Caighdeán, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú. | |
| [EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht seo— |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Taighde agus Caighdeán Tionscail (Leasú), 1954 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “An Institiúid” an Institiúid Taighde Tionscail agus Caighdeán a bunaíodh le fo-ailt (1) agus (2) d'alt 4 d'Acht 1946 agus a choinnítear ar marthain leis an Acht seo; | |
| [EN] | folaíonn an focal “marc” comharthacht, branda, mírcheann, lipéad, ticéad, ainm, síniú, focal, litir, uimhir nó aon chónascadh díobh sin; | |
| [EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
| [EN] | ciallaíonn “clár”, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, clár a choimeádfaidh an Institiúid de bhun alt 28 den Acht seo; | |
| [EN] | folaíonn “sonraíocht” tuairisc ar aon earra, próis nó cleachtas faoi threoir aon cheann nó cinn acu seo a leanas, eadhon, nádúr, cáilíocht, neart, íonacht, comhshuíomh, cainníocht, toisí, meáchan, grád, buanadas, bunús, aois agus aon airí eile; | |
| [EN] | ciallaíonn “sonraíocht chaighdeánach” sonraíocht a bhfuil sé, nó a meastar go bhfuil sé, dearbhaithe faoi alt 20 den Acht seo gur sonraíocht chaighdeánach í; | |
| [EN] | ciallaíonn “marc caighdeánach” marc arna ordú, nó a mheastar a bheith arna ordú, le hordú faoi alt 24 den Acht seo chun a úsáidte i ndáil le hearra, próis nó cleachtas chun a thaispeáint go bhfuil sé de réir sonraíochta caighdeánaí áirithe. | |
| [EN] |
Aisghairm. |
3. —Aisghairtear leis seo na hAchtanna Taighde agus Caighdeán Tionscail, 1946 agus 1954. |
| [EN] |
Caitheachas. |
4. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |