Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. Ospidéil Rannpháirteacha.)

21 1961


Uimhir 21 de 1961.


AN tACHT UM CHÓNAIDHMEADH AGUS CÓNASCADH OSPIDÉAL, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ CHUMASÚ D'OSPIDÉAL ADELAIDE, OSPIDÉAL NA MÍ NÓ OTHARLANN CHONTAE BHAILE ÁTHA CLIATH, OSPIDÉAL MERCER, OSPIDÉAL NÁISIÚNTA NA LEANAÍ, OSPIDÉAL RÍOGA CHATHAIR BHAILE ÁTHA CLIATH, OSPIDÉAL SIR PATRICK DUN, OSPIDÉAL DR. STEEVENS NÓ AON DÁ OSPIDÉAL NÓ NÍOS MÓ ACU SIN CÓNAIDHMEADH AGUS, LEIS AN AIMSIR, CÓNASCADH, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [18 Iúil, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1729” an Reacht Réamh-Aontachta Éireannach a ritheadh sa bhliain 1729 agus dar teideal “Act for furnishing and regulating the Hospital founded by Richard Stephens, Esquire, Doctor of Physic” (3 Geo. II, c. 23);

ciallaíonn “Acht 1750” an Reacht Réamh-Aontachta Éireannach a ritheadh sa bhliain 1750 agus dar teideal “An Act for regulating the Hospital founded by Mary Mercer, Spinster” (23 Geo. II, c. 18);

ciallaíonn “Acht 1800” an Reacht Réamh-Aontachta Éireannach a ritheadh sa bhliain 1800 agus dar teideal “An Act for repealing an Act passed in the twenty-fifth Year of his present Majesty, entitled An Act for establishing a complete School of Physic in this Kingdom; and also for repealing an Act passed in the thirty-first Year of his present Majesty, entitled an Act to explain and amend an Act for establishing a complete School of Physic in this Kingdom and also for extending and enlarging the Powers of the President and Fellows of the King and Queen's College of Physicians, and establishing a complete School of Physic in this Kingdom” (40 Geo. III, c. 84);

ciallaíonn “Bord Bainistí Ospidéal Adelaide” an Bord dá bhfuil bainistí Ospidéal Adelaide dílsithe faoin gCairt dar dáta an 15ú lá d'Fheabhra, 1921, agus trína ndearnadh an tOspidéal sin a chomhdhéanamh;

ciallaíonn “Bord Gobharnóirí Ospidéal Náisiúnta na Leanaí” an Bord a bunaíodh le hAirteagail Chomhlachais Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus dá bhfuil bainistí ghnó an Ospidéil sin dílsithe;

ciallaíonn “Bord Stiúrthóirí Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath” an Bord a bunaíodh le Dintiúr Comhpháirtíochta 1875 agus dá bhfuil bainistí, cúram agus maoirseacht ghinearálta Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath dílsithe;

tá le “an Chomhairle” an bhrí a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 5;

ciallaíonn “Dintiúr Comhpháirtíochta 1875” an Dintiúr a rinneadh an 12ú lá d'Eanáir, 1875, idir Henry Gray Croly, John Hawtrey Benson, Loftie Stoney, William Ireland Wheeler, Arthur Edward J. Barket, John Magee Finny, agus Henry Fitzgibbon den chéad pháirt, Alfred Hancock Middleton den dara páirt, agus Joseph Boyce, Joseph W. Casson, Jonathan Hogg, Edward Hudson Kinahan, Francis Low, Joseph Manning, Archibald McComas, Thomas Pim, sóisear, John Robinson, John J. Robertson, Robert Stanley, Alfred Clayton Thistleton, John E. Vernon, agus William Watson den tríú páirt, agus Edward Hudson Kinahan, Jonathan Hogg agus Thomas Pim, sóisear, a dúradh, den cheathrú páirt;

ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfar ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi alt 2;

folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;

ciallaíonn “an comhlacht rialaithe”—

(a) maidir le hOspidéal Adelaide—Bord bainistí Ospidéal Adelaide,

(b) maidir le hOspidéal na Mí—comhchoiste an Ospidéil sin,

(c) maidir le hOspidéal Mercer—comhaltaí an chomhlachta chorpraithe a bunaíodh le hAcht 1750,

(d) maidir le hOspidéal Náisiúnta na Leanaí—Bord Gobharnóirí Ospidéal Náisiúnta na Leanaí,

(e) maidir le hOspidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath— Bord Stiúrthóirí Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath,

(f) maidir le hOspidéal Sir Patrick Dun—Gobharnóirí Ospidéal Sir Patrick Dun,

(g) maidir le hOspidéal Dr. Steevens—comhaltaí an chomhlachta chorpraithe a bunaíodh le hAcht 1729;

ciallaíonn “Gobharnóirí Ospidéal Sir Patrick Dun” an bord dá bhfuil rialú Ospidéal Sir Patrick Dun dílsithe le halt 4 d'Acht 1800;

tá le “bord ospidéil” an bhrí a shonraítear in alt 6;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Sláinte;

ciallaíonn “Ospidéal na Mí” Ospidéal na Mí nó Otharlann Chontae Bhaile Atha Cliath;

ciallaíonn “ospidéil rannpháirteacha” na hospidéil a shonraítear sa Chéad Sceideal;

ciallaíonn rud a bheith forordaithe é a bheith forordaithe ag an gComhairle le rialacháin;

ciallaíonn “an lá aistrithe” an lá a cheapfar ina lá aistrithe chun críocha an Achta seo le hordú ón Aire faoi fho-alt (1) d'alt 3;

folaíonn “foireann liachta fiosraithe”, maidir le hospidéal nó ospidéil, gach lia, máinlia agus gach cleachtóir liachta fiosraithe eile (seachas oifigigh tí, oifigigh taisme agus cláraitheoirí) a fhreastalaíonn an t-ospidéal nó na hospidéil, cibé acu sna haireagail é nó i ranna saineolaithe nó othar eachtrach.

(2) Gach tagairt atá san Acht seo do chomhlíonadh feidhmeanna folaíonn sí, i gcás cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.

(3) Déanfar tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, ach amháin sa mhéid go n-éilíonn an comhthéasc a mhalairt, a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

An lá bunaithe.

2. —Féadfaidh an tAire le hordú lá a cheapadh chun bheith in a lá bunaithe chun críocha an Achta seo.

An lá aistrithe.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, ar iarratas ón gComhairle, lá a cheapadh, le hordú, chun bheith ina lá aistrithe chun críocha an Achta seo.

(2) (a) Ní dhéanfar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo ach amháin le toiliú dhá thrian de cibé acu de na boird ospidéal seo a leanas a bheidh ann nuair a bheidh an t-iarratas á dhéanamh, is é sin le rá:

(i) bord ospidéil Ospidéal Adelaide,

(ii) bord ospidéil Ospidéal na Mí,

(iii) bord ospidéil Ospidéal Mercer,

(iv) bord ospidéil Ospidéal Náisiúnta na Leanaí,

(v) bord ospidéil Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath,

(vi) bord ospidéil Ospidéal Sir Patrick Dun,

(vii) bord ospidéil Ospidéal Dr. Steevens.

(b) I gcás ina ndéanfar ríomh dhá thrian de bhun mhír (a) den fho-alt seo agus gur slán-uimhir agus iarmhéid codánach an toradh, measfar gurb í an slán-uimhir díreach os a chionn sin toradh an ríofa.

(c) I gcás ina ndéanfar dhá bhord ospidéil nó níos mó a chónascadh faoi alt 16 den Acht seo, beidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo amhail is dá scriosfaí na fomhíreanna sa mhír sin a thagraíonn do na boird sin agus go gcuirfí, in ionad na céad fhomhíre acu sin, fomhír ag tagairt don bhord ina mbeidh na boird sin cónasctha.

(3) I gcás nach mbeidh bord ospidéil tar éis toiliú le hiarratas arna dhéanamh faoi fho-alt (1) den alt seo—

(a) cuirfidh an tAire in iúl don bhord go ndearnadh an t-iarratas agus ní dhéanfaidh sé ordú faoi fho-alt (1) den alt seo roimh dheireadh míosa tar éis sin a chur in iúl don bhord amhlaidh,

(b) Féadfaidh an bord, laistigh den mhí sin, a bheartú go scoirfidh ospidéal an bhoird de bheith ina chomhalta d'Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Atha Cliath,

(c) má bheartaíonn an bord mar a dúradh, cuirfidh an tAire in éifeacht le hordú scor an ospidéil de bheith ina chomhalta d'Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Atha Cliath agus ní dhéanfaidh sé, go dtí tar éis tosach feidhme an ordaithe sin, ordú faoi fho-alt (1) den alt seo,

(d) maidir le hordú faoin mír sin roimhe seo—

(i) féadfaidh na forálacha sin go léir a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun an scor a chur in éifeacht, lena n-áirítear forálacha ag modhnú aon cheann d'fhorálacha an Achta seo,

(ii) féadfaidh foráil a bheith ann le haghaidh scor aon leasuithe arna ndéanamh leis an Acht seo nó faoi in aon Acht nó ionstraim a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an ospidéal,

(iii) féadfaidh foráil a bheith ann le haghaidh aon mhodhnuithe in aon Acht nó ionstraim den sórt sin a bheidh an Bord tar éis a mholadh don Aire.

(4) Más de ghné creidimh áirithe ospidéal boird ospidéil a dhíscaoilfear an lá aistrithe, déanfaidh an Chomhairle, roimh an lá aistrithe, comhaontú de shórt leis an mbord a chaomhnóidh na cearta a thugtar i gcás an ospidéil le fo-alt (3) d'alt 14 den Acht seo, agus beidh an comhaontú ina cheangal ar an gComhairle tar éis an lá aistrithe.

Ospidéil Shaorálacha Chonaidhmthe Bhaile Atha Cliath.

4. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, ospidéal-ghrúpa a bhunú an lá bunaithe ar a dtabharfar Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Atha Cliath agus is iad na hospidéil rannpháirteacha a bheidh ina gcomhaltaí de.

(2) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar ar iarratas ón gComhairle, ainm an ospidéil-ghrúpa sin a athrú.

Príomh-Chomhairle Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Atha Cliath.

5. —(1) Déanfar, de bhua an ailt seo, comhlacht a bhunú an lá bunaithe ar a dtabharfar Príomh-Chomhairle Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Atha Cliath (dá ngairtear An Chomhairle san Acht seo) agus ar a mbeidh de chúram na feidhmeanna a chomhlíonadh a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo.

(2) Beidh an Chomhairle ina comhlacht corpraithe le comharbas suthain agus beidh cumhacht aici agra a dhéanamh agus chun bheith inagartha faoina hainm chorpraithe, agus beidh cumhacht aici talamh a ghlacadh chuici, a theachtadh agus a dhiúscairt.

(3) Féadfaidh an Chomhairle ospidéil a thógáil, a threalamhú, a chothabháil agus a riaradh.

(4) Soláthróidh agus sealbhóidh an Chomhairle séala oifigiúil.

(5) Fíordheimhneofar séala na Comhairle le síniú chathaoirleach nó leas-chathaoirleach na Comhairle agus le síniú oifigigh don Chomhairle a mbeidh údarás cuí aige ón gComhairle gníomhú chuige sin.

(6) Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala na Comhairle, agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Chomhairle agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir an ailt seo) na Comhairle agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan a thuilleadh cruthúnais mura suítear a mhalairt.

(7) Féadfaidh an tAire, le hordú a dhéanfar ar iarratas ón gComhairle, ainm chorpraithe na Comhairle a athrú.

Boird ospidéal.

6. —(1) An lá bunaithe, bunófar de bhua an ailt seo do gach ospidéal rannpháirteach bord (dá ngairtear bord ospidéil san Acht seo) arb iad a chomhaltaí na daoine arbh iad comhlacht rialaithe an ospidéil iad díreach roimh an lá bunaithe.

(2) Faoi réir an Achta seo agus aon ordaithe faoi—

(a) seasfaidh bord ospidéil chun gach críche in ionad chomhlacht rialaithe a ospidéil agus measfar an comhlacht sin a bheith cumasctha leis an mbord,

(b) beidh cruinnithe ag an mbord ospidéil agus gníomhóidh sé agus comhlíonfaidh sé dá réir sin feidhmeanna amhail is dá mba é an comhlacht sin é agus, chuige sin, beidh sé, amhail is dá mba é an comhlacht sin é, faoi réir na bhforálacha a bhain, díreach roimh an lá bunaithe, leis an gcomhlacht sin maidir le cruinnithe, gníomhú agus feidhmeanna a chomhlíonadh.

Comhaltas na Comhairle.

7. —(1) (a) Faoi réir na chéad mhíre eile, daichead an líon comhaltaí a bheidh ar an gComhairle.

(b) Aon uair—

(i) a dhéanfaidh an Chomhairle agus ollscoil, coláiste nó foras eile comhaontú le haghaidh oideachas cliniciúil do mhic léinn leighis, agus

(ii) a fhorálfaidh an comhaontú go gceapfaidh an ollscoil, an coláiste nó an foras eile dhá chomhalta den Chomhairle,

beidh dhá chomhalta breise ar an gComhairle agus is í an ollscoil, nó is é an coláiste nó an foras eile a cheapfaidh iad.

(2) Roimh an lá bunaithe—

(a) déanfaidh gach ceann de chomhlachtaí rialaithe na n-ospidéal rannpháirteacha cúigear duine (ar comhaltaí d'fhoireann liachta fiosraithe an ospidéil lena mbainfaidh beirt, ach ní níos mó ná beirt, acu) a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle,

(b) ceapfaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath cúigear duine ina gcomhaltaí den Chomhairle.

(3) Roimh an lú lá de Nollaig gach bliain is bliain cheapacháin le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheapfaidh boird ospidéal, ceapfaidh gach bord ospidéil cúigear duine (ar comhaltaí d'fhoireann liachta fiosraithe an ospidéil lena mbainfadh nó d'fhoireann liachta fiosraithe na n-ospidéal rannpháirteacha go léir beirt, ach ní níos mó ná beirt, acu) ina gcomhaltaí den Chomhairle.

(4) Gach bliain is bliain cheapacháin le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheapfaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath, déanfaidh an t-údarás sin, ag a gcéad chruinniú tar éis ceapachán cúigbhlianach a gcomhaltaí an bhliain sin, cúigear duine a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle.

(5) I gcás ina ndéanfar comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(a) déanfaidh an ollscoil, an coláiste nó an foras eile beirt duine a cheapadh láithreach ina gcomhaltaí den Chomhairle,

(b) roimh an lú lá de Nollaig gach bliain is bliain cheapacháin le haghaidh comhaltaí na Comhairle a cheapfar de dhroim comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an ollscoil, an coláiste nó an foras eile beirt duine a cheapadh ina gcomhaltaí den Chomhairle.

(6) Tosóidh téarma oifige chomhalta den Chomhairle—

(a) i gcás comhalta a cheapfar roimh an lá bunaithe—an lá sin,

(b) i gcás comhalta a cheapfaidh bord ospidéil—an lú lá de Nollaig an bhliain a cheapfar é nó, más comhalta é a líonann corrfholúntas, an lá a cheapfar é,

(c) i gcás comhalta a cheapfaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath an lá bunaithe nó dá éis—an lá tar éis an lae a cheapfar é,

(d) i gcás comhalta a cheapfar de dhroim comhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(i) más de bhun mhír (b) d'fho-alt (5) den alt seo a cheapfar é—an lú lá de Nollaig an bhliain a cheapfar é, agus

(ii) mura mar sin a cheapfar é—an lá a cheapfar é.

(7) Murab éag, éirí as nó scor de bheith ina chomhalta faoi fho-alt (8) den alt seo dó, críochnóidh téarma oifige chomhalta den Chomhairle—

(a) i gcás comhalta a cheapfar, i rith bliana is bliain cheapacháin le haghaidh comhaltaí a cheapann boird ospidéal agus roimh an lú lá de Nollaig an bhliain sin, ag bord ospidéal chun corrfholúntas a líonadh—an 30ú lá de Samhain an bhliain sin,

(b) i gcás comhalta a cheapfaidh comhlacht rialaithe ospidéil rannpháirtigh nó comhalta, seachas comhalta dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo, a cheapfaidh bord ospidéil—an 30ú lá de Samhain an chéad bhliain cheapacháin eile le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheapfar ag boird ospidéal i ndiaidh tosach a théarma oifige,

(c) i gcás comhalta a cheapfaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath—lá an chéad chruinnithe eile den Údarás sin tar éis ceapachán chúigbhlianach chomhaltaí an Údaráis sin a thionólfar tar éis tosach a théarma oifige,

(d) i gcás comhalta a cheapfar de dhroim chomhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—

(i) i gcás an ceapachán a dhéanamh bliain is bliain cheapacháin le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheaptar de dhroim chomhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo agus roimh an lú lá de Nollaig an bhliain sin agus gur ceapachán é de bhun mhír (a) d'fho-alt (5) den alt seo nó ceapachán chun corrfholúntas a líonadh—an 30ú lá de Shamhain an bhliain sin, agus

(ii) i gcás nach mar sin a dhéantar an ceapachán —an 30ú lá de Shamhain an chéad bhliain cheapacháin eile le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheaptar de dhroim chomhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo tar éis tosach a théarma oifige.

(8) Aon chomhalta den Chomhairle a bheidh as láthair ó chruinnithe den Chomhairle ar feadh tréimhse leanúnaí sé mhí agus nach dtabharfaidh míniú sásúil don Chomhairle i dtaobh na hasláithreachta sin ar an gComhairle dá iarraidh sin air, scoirfidh sé de bheidh ina chomhalta den Chomhairle ar dháta a chinnfidh an Chomhairle.

(9) Féadfaidh comhalta den Chomhairle, tráth ar bith, éirí as a oifig trí litir chun na Comhairle agus beidh éifeacht ag gach éirí as den sórt sin amhail ó tosach an chéad chruinnithe den Chomhairle a thionólfar tar éis an litir a fháil, mura dtarraingeofar siar roimhe sin é.

(10) I gcás ina dtarlóidh corrfholúntas i gcomhaltas na Chomhairle, líonfar é—

(a) i gcás inar comhlacht rialaithe ospidéil rannpháirtigh a cheap an comhalta arbh é faoi deara an folúntas—trí cheapachán ag bord ospidéil an ospidéil sin,

(b) i gcás inar bord ospidéil a cheap an comhalta sin—trí cheapachán ag an mbord sin,

(c) i gcás inar ollscoil, coláiste nó foras eile a cheap an comhalta sin de dhroim chomhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo—ag an ollscoil, an coláiste nó an foras eile sin,

(d) i gcás inarb é Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath a cheap an comhalta sin—trí cheapachán ag an Údarás sin.

(11) Chun críocha na ailt seo—

(a) is iad na blianta ceapacháin le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheapfaidh boird ospidéal an tríú bliain tar éis na bliana ar lá di an lá bunaithe agus gach tríú bliain dá éis sin (nach bliain ar lá di an lá aistrithe ná aon bhliain dá éis sin), agus

(b) is iad na blianta ceapacháin le haghaidh comhaltaí den Chomhairle a cheapfaidh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath na blianta tar éis an lae bhunaithe a dhéanfar ceapacháin chúigbhlianacha chomhaltaí an Údaráis sin, agus

(c) is iad na blianta ceapacháin do chomhaltaí den Chomhairle a cheapfar de dhroim chomhaontú faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo an tríú bliain tar éis na bliana ar lá di an lá bunaithe agus gach tríú bliain chomhleanúnach ina dhiaidh sin.

(12) Féadfaidh an tAire, aon tráth roimh an lá aistrithe, ar iarratas ón gComhairle agus le toiliú bord na n-ospidéal rannpháirteacha uile, comhdhéanamh na Comhairle a athrú le hordú agus féadfaidh aon ordú den sórt sin na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo a mhodhnú.

Comhaltas bord ospidéal.

1951, Uimh. 5 .

1960, Uimh. 9 .

8. —(1) Gach duine a thiocfaidh an lá bunaithe chun bheith ina chomhalta de bhord ospidéil (seachas bord Ospidéal na Mí) leanfaidh sé de bheith ina chomhalta den bhord sin go dtí go n-éagfaidh sé nó go dtí go n-éireoidh sé as nó go dtí go scoirfidh sé faoi fho-alt (2) nó fo-alt (3) den alt seo de bheith ina chomhalta den bhord sin.

(2) Aon chomhalta de bhord ospidéil a bheidh as láthair ó chruinnithe den bhord ar feadh tréimhse leanúnaí sé mhí agus nach dtabharfaidh míniú sásúil don bhord i dtaobh na hasláithreachta sin ar an mbord dá iarraidh sin air, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den bhord ar dháta a chinnfidh an bord.

(3) Aon chomhalta de bhord ospidéil

(a) a tháinig chun bheith ina chomhalta den bhord de bhun é a bheith, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta, a ceapadh ar mholadh údaráis áitiúil, de chomhlacht rialaithe an ospidéil, nó

(b) a comhthoghadh mar chomhalta den bhord ar mholadh Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath,

scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den bhord lá an chéad chruinnithe eile d'Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath tar éis ceapachán cúigbhlianach a dhéanfar ar chomhaltaí an Údaráis sin a thionólfar tar éis tosach a théarma oifige,

(4) Má tharlaíonn folúntas i gcomhaltas bord ospidéil (seachas bord Ospidéal na Mí), líonfaidh an bord an folúntas trí chomhthoghadh.

(5) Más é is cúis le folúntas i gcomhaltas bord ospidéil a bheidh le líonadh faoi fho-alt (4) den alt seo—

(a) duine do scor faoi fho-alt (3) den alt seo de bheith ina chomhalta den bhord, nó

(b) duine d'éag nó d'éirí as nó do scor de bheith ina chomhalta faoi fho-alt (2) den alt seo agus is duine a mbeadh scortha aige faoi fho-alt (3) den alt seo de bheith ina chomhalta den bhord dá mba nár éag sé, nár éirigh sé as nó nár scoir sé amhlaidh de bheith ina chomhalta don bhord,

tabharfaidh an bord ospidéil aird, nuair a bheidh an folúntas á líonadh aige, ar aon mholadh ó Údarás Sláinte Bhaile Atha Cliath i dtaobh an duine a bheidh le comhthoghadh.

(6) Déanfaidh forálacha alt 4, 4A, 5, 6, 7, 8, 10 agus 11 d'Acht Ospidéal na Midhe, 1951 , arna leasú le fo-alt (12) d'alt 24 den Acht um Údaráis Sláinte, 1960 , rialú ar chomhaltas bhord Ospidéal na Mí díreach is dá mba é an bord comhchoiste Ospidéal na Mí, agus, chun na críche sin, measfar go mbeidh comhalta den bhord a scoirfidh faoi fho-alt (2) den alt seo de bheith ina chomhalta den bhord tar éis éirí as.

(7) (a) Féadfaidh an tAire, más cuí leis é ach faoi réir na chéad mhíre eile, comhdhéanamh bord ospidéil (seachas bord Ospidéal na Mí) a mhodhnú le hordú.

(b) Ní dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo ach amháin ar iarratas agus de réir iarratais ón mbord ospidéil lena mbainfidh.

Cruinnithe na Comhairle.

9. —(1) Beidh a céad chruinniú ag an gComhairle an lá bunaithe cibé am agus cibé áit a cheapfaidh an tAire.

(2) Gach bliain a thosóidh tar éis an lae bhunaithe, beidh cruinniú (dá ngairtear cruinniú bliantúil san Acht seo) ag an gComhairle cibé lá a cheapfaidh an Chomhairle.

(3) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, beidh cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe ag an gComhairle is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

Cathaoirleach agus leas-chathaoirleach na Comhairle.

10. —(1) Déanfaidh an Chomhairle—

(a) ag a céad chruinniú, agus

(b) ag a céad chruinniú tar éis an 1ú lá de Nollaig—

(i) an tríú bliain tar éis na bliana ar lá di an lá bunaithe, agus

(ii) gach tríú bliain chomhleanúnach dá éis sin,

duine dá comhaltaí a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach ar an gComhairle agus duine eile dá comhaltaí a thoghadh chun bheith ina leas-chathaoirleach ar an gComhairle.

(2) Gach duine a thoghfar chun bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach ar an gComhairle beidh sé, murab éag nó éirí as nó teacht faoi dhícháilíocht dó roimhe sin, i seilbh oifige mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach go dtí go gceapfar a chomharba.

(3) Má tharlaíonn oifig an chathaoirligh nó an leaschathaoirligh a bheith folamh mar gheall ar an gcathaoirleach nó an leascathaoirleach d'éag, d'éirí as nó do theacht faoi dhícháilíocht, déanfaidh an Chomhairle, ag an gcéad chruinniú eile tar éis an folúntas tarlú, duine dá comhaltaí a thoghadh chun bheith ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach.

(4) Féadfaidh cathaoirleach nó leas-cathaoirleach na Comhairle tráth ar bith éirí as a oifig mar chathaoirleach nó leas-chathaoirleach trí litir chun na Comhairle, agus beidh éifeacht ag gach éirí as den sórt sin i dtosach an chéad chruinnithe eile den Chomhairle a thionólfar tar éis an litir a fháil mura dtarraingeofar siar roimhe sin é.

(5) Má scoireann cathaoirleach nó leas-chathaoirleach na Comhairle, le linn a théarma oifige mar chathaoirleach nó leaschathaoirleach, de bheith ina chomhalta den Chomhairle, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé láithreach de bheith, ina chathaoirleach nó ina leas-chathaoirleach.

(6) Má tharlaíonn nuair a bheidh cathaoirleach na Comhairle á thoghadh go mbeidh comhionannas vótaí ann do bheirt daoine nó níos mó, toghfar duine acu sin trí crannchur.

Nós imeachta ag cruinnithe na Comhairle.

11. —(1) Is é is córam do chruinniú na Comhairle an tríú cuid de uimhir chomhaltaí na Comhairle nó, i gcás nach inroinnte ar thrí gan iarmhéid an uimhir sin, an tríú cuid den chéad uimhir eile os a chionn sin is inroinnte amhlaidh.

(2) Ag cruinniú den Chomhairle—

(a) is é cathaoirleach na Comhairle, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(b) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair nó oifig an chathaoirligh folamh, is é leas-chathaoirleach na Comhairle, má bhíonn agus an fad a bheidh sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar an gcruinniú;

(c) má bhíonn agus an fad a bheidh cathaoirleach na Comhairle as láthair nó oifig an cathaoirligh folamh agus go mbeidh an leas-chathaoirleach as láthair nó oifig an leas-chathaoirligh folamh, roghnóidh na comhaltaí den Chomhairle a bheidh i láthair duine dá líon chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.

(3) Déanfar gach ceist ag cruinniú den Chomhairle a chinneadh le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair agus a vótálfaidh ar an gceist agus, i gcás comhionannas vótaí, beidh an dara vóta nó vóta cinniúna ag cathaoirleach an chruinnithe ach amháin nuair is toghadh cathaoirleach na Comhairle a bheidh i gceist.

(4) Féadfaidh an Chomhairle gníomhú d'ainneoin folúntas nó folúntais i measc a comhaltaí.

(5) Más rud é—

(a) go n-airbheartóidh aon chomhlacht duine a cheapadh ina chomhalta den Chomhairle, agus

(b) go ngníomhóidh an duine sin mar chomhalta den Chomhairle, agus

(c) go raibh aon neamhfhoirmiúlacht ag baint le ceapadh airbheartaithe an duine sin,

ansin, chun críocha imeachtaí na Comhairle ach ní thairis sin ná ar shlí eile, beidh gníomhartha agus imeachtaí an duine sin chomh bailí éifeachtúil agus dá mba nach raibh aon neamhfhoirmiúlacht den sórt sin ann.

(6) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an Chomhairle nós imeachta agus gnó na Comhairle a rialú le buan-orduithe nó ar shlí eile.

Coistí na Comhairle.

12. —(1) Féadfaidh an Chomhairle ó am go ham cibé coistí agus cibé méid coistí a cheapadh is cuí léi chun críocha a bhaineann le feidhmiú aon fheidhm d'fheidhmeanna na Comhairle arb é tuairim na Comhairle gur le coiste nó trí choiste is fearr nó is caothúla a dhéanfaí é a rialú nó a bhainistí.

(2) Gach coiste a cheapfar faoin alt seo is iad a bheidh air cibé líon comhaltaí a ordóidh an Chomhairle agus féadfaidh sé a bheith comhdhéanta go hiomlán de chomhaltaí den Chomhairle nó go páirteach de chomhaltaí den sórt sin agus go páirteach de dhaoine eile.

(3) Má bhíonn coiste a cheapfar faoin alt seo comhdhéanta go páirteach de chomhaltaí den Chomhairle agus go páirtaech de dhaoine eile, ní rachaidh líon na ndaoine sin thar an gceathrú cuid de chomhaltas iomlán an choiste sin.

(4) Is mar a chinnfidh an Chomhairle a bheidh córam agus nós imeachta aon choiste a cheapfar faoin alt seo.

(5) Féadfaidh an Chomhairle aon cheann dá feidhmeanna a tharmligean chun coiste a cheapfar faoin alt seo.

(6) Beidh gníomhartha gach coiste a cheapfar faoin alt seo faoi réir a ndaingnithe ag an gComhairle, ach amháin go bhféadfaidh an Chomhairle cumhacht a thabhairt d'aon choiste áirithe den sórt sin aon ghníomh a dhéanamh faoi réim an údaráis a bheidh tugtha don choiste ag an gComhairle agus ar gníomh é a fhéadfadh an Chomhairle féin a dhéanamh go dleathach.

Foireann na Comhairle.

13. —(1) Féadfaidh an Chomhairle cibé foireann a fhostú is gá chun a feidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Cinnfidh an Chomhairle, ó am go ham, líon, gráid, luach saothair, seilbh oifige agus coinníollacha seirbhíse chomhaltaí fhoireann na Comhairle.

Feidhmeanna a shannfar don Chomhairle.

14. —(1) Comhlíonfaidh an Chomhairle na feidhmeanna seo a leanas maidir leis na hospidéil rannpháirteacha (dá ngairtear san Acht seo feidhmeanna a shannfar don Chomhairle):

(a) i rith na tréimhse ceithre bliana dar tosach an lá bunaithe, meastacháin bhliantúla agus meastacháin fhorlíontacha an chaiteachais ag stiúradh ospidéal a scrúdú, agus leasuithe ar na meastacháin sin a mholadh,

(b) tar éis deireadh na tréimhse sin, meastacháin agus meastacháin fhorlíontacha an chaiteachais ag stiúradh ospidéal a cheadú agus aon leasuithe ar na meastacháin sin a cheadú,

(c) éilimh a chur faoi bhráid Choimisiún na nOspidéal le haghaidh íocaíocht ar scór easnamh,

(d) rialú a dhéanamh ar chaiteachas caipitiúil (is é sin le rá, caiteachas i leith gnóthas mór-dhéanmhas, caiteachas i leith trealamh le haghaidh sain-aonad a sholáthar agus a athnuachan agus an caiteachas neamhghnách nó an caiteachas neamhchoitianta eile go léir) agus ar iarratais ar airgead le haghaidh an chaiteachais sin,

(e) foirm na gcuntas a bheidh le coimeád ag ospidéil a chinneadh,

(f) foireann liachta fiosraithe a cheapadh (ar ceapachán chun Ospidéil Shaorálacha Chónaidhmthe Bhaile Atha Cliath agus ní chun ospidéil ar leithligh gach ceapachán den sórt sin),

(g) an fhoireann liachta fiosraithe a cheapfar amhlaidh a shannadh, faoi réir fho-alt (2) den alt seo, d'ospidéil ar leithligh,

(h) na hospidéil ina mbeidh aonaid chliniciúla áirithe a chinneadh,

(i) aonaid ollúnta a shannadh d'ospidéil áirithe,

(j) leapacha a chionroinnt ar an bhfoireann liachta fiosraithe,

(k) ghníomhaíochtaí maidir le hoideachas liachta a chomhoirdniú, idirbheartaíocht a dhéanamh leis an ollscoil, an coláiste nó an foras iomchuí eile (lena n-áirítear comhaontuithe oiriúnacha a dhéanamh leis na comhlachtaí sin d'fhonn leor-theagasc cliniciúil a áirithiú do mhic léinn leighis) i dtaobh an oideachais sin agus saoráidí a sholáthar le haghaidh teagaisc iarchéime,

(l) faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ghíomhaíochtaí maidir le hoideachas altranais a chomhoirdniú agus idirbheartaíocht a dhéanamh leis an mBord Altranais i dtaobh an oideachais sin,

(m) aon fheidhmeanna eile a shannfar don Chomhairle le rún a rithfidh boird na n-ospidéal uile.

(2) Ní dhéanfaidh an Chomhairle aon fhoireann liachta fiosraithe a shannadh d'ospidéal rannpháirteach d'aicme áirithe creidimh muran sannadh é a bheidh ag teacht leis an aicme sin, ach amháin le haontú an bhoird ospidéil lena mbainfidh.

(3) Nuair a bheidh a feidhmeanna á bhfeidhmiú aici i ndáil le gníomhachtaí na n-ospidéal rannpháirteacha a chomhoirdniú i gcúrsaí oideachais altranais agus idirbheartaíocht leis an mBord Altranais i dtaobh na nithe sin, ní dhéanfaidh an Chomhairle aon ní d'oibreodh—

(a) go mbeadh banaltra foghlama faoi réim aon socrú chun freastal ar léachtaí ar eitic agus síceolaíocht an altranais nach mbeadh ag teacht lena creideamh, nó

(b) ar mhodh a chuirfeadh isteach ar neamhspleáchas scoil altranais a bheidh ag gabháil le haon ospidéal rannpháirteach d'aicme creidimh áirithe.

(4) An lá aistrithe agus dá éis, comhlíofaidh an Chomhairle na feidhmeanna a bhí, díreach roimh an lá aistrithe, inchomhlionta ag boird ospidéal.

(5) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun deireadh a chur, ná chun baint in aon sli, le haon chearta a bhí ag duine a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, ina chomhalta d'fhoireann liachta fiosraithe ospidéil rannpháirtigh áirithe, ar cearta iad a bhí an tráth sin ag an duine sin mar chomhalta den sórt sin.

Feidhmeanna boird ospidéil.

15. —(1) Ní chomhlíonfaidh bord ospidéil aon cheann de na feidhmeanna a shanntar don Chomhairle.

(2) Tar éis bheith caite don tréimhse cheithre bliana dar tosach an lá bunaithe, ní rachaidh bord ospidéil faoi chaiteachas ach amháin laistigh de theorainneacha meastacháin nó meastacháin leasaithe a bheidh ceadaithe ag an gComhairle.

(3) Ní dhéanfaidh bord ospidéil airgead a chruinneoidh sé trí achainí phoiblí a úsáid chun críocha caipitiúla gan toiliú na Comhairle.

(4) Faoi réir na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, comhlíonfaidh bord ospidéil na feidhmeanna uile a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, inchomhlíonta ag bord rialaithe ospidéal an bhoird.

Boird ospidéal a chónascadh.

16. —(1) Féadfaidh an Chomhairle le hordú, le toiliú dhá bhord ospidéil nó níos mó (a thabharfar de réir cibé nós imeachta a fhorordófar) agus le toiliú an Aire, na boird a chónascadh in aon bhord amháin agus a bhfeidhmeanna a aistriú chun an bhoird sin.

(2) Féadfaidh na forálacha sin go léir a bheith in ordú faoin alt seo is dóigh leis an gComhairle is gá nó is fóirsteanach chun go mbeidh éifeacht ag an gcónascadh agus ag an aistriú, lena n-airítear forálacha ag modhnú aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, agus beidh oibleagáid ann go modhnóidh an t-ordú alt 7 den Acht seo ionas gur ionann líon na n-ionadaithe ar Chomhairle an bhoird chónasatha nua agus suim líon na n-ionadaithe ar na boird sin sula ndearnadh cónascadh ar an dá bhord nó níos mó ab ábhar don chónascadh.

Bord ospidéil a dhíscaoileadh.

17. —(1) Féadfaidh an Chomhairle le hordú, lé toiliú boird ospidéil (a thabharfar de réir cibé nós imeachta a fhorordófar) agus le toiliú an Aire, an bord a dhíscaoileadh agus a fheidhmeanna a aistriú chun na Comhairle.

(2) Féadfaidh na forálacha sin go léir a bheith in ordú faoin alt seo is dóigh leis an gComhairle is gá nó is fóirsteanach chun go mbeidh éifeacht ag an díscaoileadh agus ag an aistriú, lena n-áirítear forálacha ag modhnú aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, agus beidh oibleagáid ann go modhnóidh an t-ordú alt 7 den Acht seo ionas go mbeidh deireadh le hionadaíocht an bhoird dhíscaoilte ar an gComhairle.

Comhaontú i leith comhghnímh.

18. —Féadfaidh an Chomhairle agus an comhlacht a bheidh ag rialú ospidéil nach ospidéal rannpháirteach comhaontú a dhéanamh agus a chur i gcrích i leith comhghnímh maidir le haon nithe ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar idir an Chomhairle agus an comhlacht le toiliú an Aire.

Díscaoileadh an lá aistrithe.

1895. c. 10.

19. —(1) An lá bunaithe, beidh éifeacht de bhua an fho-ailt seo ag na forálacha seo a leanas:

(a) díscaoilfear Ospidéal Adelaide, Baile Átha Cliath, agus bord ospidéil Ospidéal Adelaide agus scoirfidh siad de bheith ann,

(b) díscaoilfear Gobharnóirí agus Ban-Ghobharnóirí Ospidéal na Mí nó Otharlann Chontae Bhaile Atha Cliath agus bord ospidéil Ospidéal na Mí agus scoirfidh siad de bheith ann,

(c) díscaoilfear an comhlacht corpraithe a bunaíodh le hAcht 1750 agus bord ospidéil Ospidéal Mercer agus scoirfidh siad de bheith ann,

(d) díscaoilfear Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus bord ospidéil Ospidéal Náisiúnta na Leanaí agus scoirfidh siad de bheith ann,

(e) díscaoilfear eagras Ospidéal Sir Patrick Dun agus bord ospidéil an chéanna agus scoirfidh siad de bheith ann,

(f) díscaoilfear eagras Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Átha Cliath agus bord ospidéil an chéanna agus scoirfidh siad de bheith ann,

(g) díscaoilfear an comhlacht corpraithe a bunaíodh le hAcht 1729 agus bord ospidéil Ospidéal Dr. Steevens agus scoirfidh siad de bheith ann.

(2) Beidh éifeacht ag na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir leis an díscaoileadh faoi fho-alt (1) den alt seo agus, chuige sin, sa Sceideal sin—

(a) forléireofar “ospidéal” mar thagairt d'aon ospidéal rannpháirteach,

(b) forléireofar “comhlacht iomchuí” mar thagairt d'aon bhord ospidéil agus freisin mar thagairt—

(i) i gcás Ospidéal Adelaide— d'Ospidéal Adelaide, Baile Atha Cliath,

(ii) i gcás Ospidéil na Mí—do Ghobharnóirí agus Ban-Ghobharnóirí Ospidéal na Mí nó Otharlann Chontae Bhaile Atha Cliath,

(iii) i gcás Ospidéal Mercer—do Ghobharnóirí Ospidéal Mercer,

(iv) i gcás Ospidéal Náisiúnta na Leanaí—d'Ospidéal Náisiúnta na Leanaí,

(v) i gcás Ospidéal Dr. Steevens—do Ghobharnóirí Ospidéal Dr. Steevens.

(3) Ní beidh feidhm ag alt 12 den Finance Act, 1895, maidir leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo do dhílsiú maoine don Chomhairle.

(4) In aon tíolacas, gníomhas, uacht nó ionstraim eile, arna dhéanamh roimh an lá aistrithe nó an lá aistrithe nó dá éis, forléireofar, an lá sin nó dá éis, aon tagairt d'ospidéal rannpháirteach mar thagairt don ospidéal sin arna chónascadh de bhun an Achta seo leis na hospidéil rannpháirteacha eile agus déanfar aon tagairt do bhord rialaithe nó do bhord ospidéil aon ospidéil rannpháirtigh a fhorléiriú, an lá sin agus dá éis, mar thagairt don Chomhairle.

Caiteachais na Comhairle roimh an lá aistrithe.

20. —(1) Íocfar caiteachais na Comhairle roimh an lá aistrithe, a mhéid nach n-íocfar iad as fáltais eile, trí ranníoca ó na hospidéil rannpháirteacha.

(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo—

(a) (i) maidir leis an mbliain ar lá di an lá bunaithe i gcás inarb é an lú lá d'Eanáir an bhliain sin an lá sin, agus

(ii) maidir le bliain i ndiaidh na bliana ar lá di an lá bunaithe agus roimh an mbliain ar lá di an lá aistrithe,

íocfaidh bord ospidéil leis an gComhairle an tsuim a mbeidh idir í agus caiteachais na Comhairle in aghaidh na bliana sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid leapacha ospidéil a bheidh ar fáil d'othair san ospidéal an lú lá d'Eanáir an bhliain sin agus an méid iomlán leapacha ospidéil a bheidh ar fáil d'othair sna hospidéil rannpháirteacha an lú lá sin d'Eanáir,

(b) maidir leis an tréimhse dar tosach an lá bunaithe, i gcás nach lú lá d'Eanáir an lá sin, agus dar críoch an 3lú lá de Nollaig an bhliain ar lá di an lá bunaithe— íocfaidh bord ospidéil leis an gComhairle an tsuim sin a mbeidh idir í agus caiteachais na Comhairle in aghaidh na tréimhse an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid leapacha ospidéil a bheidh ar fáil d'othair san ospidéal an lá bunaithe agus an méid iomlán leapacha ospidéil a bheidh ar fáil d'othair sna hospidéil rannpháirteacha an lá sin,

(c) maidir leis an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir an bhliain ar lá di an lá aistrithe, i gcás nach lú lá d'Eanáir an lá sin, agus dar críoch an lá aistrithe—íocfaidh bord ospidéil leis an gComhairle an tsuim sin a mbeidh idir í agus caiteachais na Comhairle in aghaidh an tréimhse an chomhréir chéanna a bheidh idir a méid leapacha ospidéil a bheidh ar fáil d'othair san ospidéal an lú lá sin d'Eanáir agus an méid iomlán leapacha ospidéil a bheidh ar fáil d'othair sna hospidéil rannpháirteacha an lú lá sin d'Eanáir.

Comhaltas na Comhairle tar éis an lá aistrithe.

21. —D'ainneoin an fhoráil eile den Acht seo—

(a) aon duine is comhalta den Chomhairle an lá aistrithe agus a cheap comhlacht rialaithe ospidéil rannpháirtigh nó bord ospidéil leanfaidh sé de bheith ina chomhalta den Chomhairle go dtí go n-éagfaidh sé nó go dtí go n-éireoidh sé as nó go dtí scoirfidh sé de bheith ina chomhalta faoi fho-alt (8) d'alt 7 den Acht seo,

(b) i gcás ina dtarlóidh corrfholúntas i gcomhaltas na Comhairle an lá aistrithe nó dá éis agus gur comhlacht rialaithe ospidéil rannpháirtigh nó bord ospidéil a cheap, nó gur trí chomhthoghadh faoin mír seo a ceapadh, an comhalta ar mar gheall ar é éag, éirí as nó scor de bheith ina chomhalta faoi fho-alt (8) d'alt 7 den Acht seo a tharla an folúntas—

(i) líonfar an folúntas trí chomhthoghadh ag na comhaltaí eile den Chomhairle,

(ii) má bhí an comhalta sin ina chomhalta d'fhoireann liachta fiosraithe ospidéil rannpháirtigh nó d'fhoireann liachta fiosraithe na n-ospidéal rannpháirteacha nó d'fhoireann liachta fiosraithe aon ospidéil faoi riaradh na Comhairle, beidh an duine a chomhthoghfar ina chomhalta freisin de cheann de na foirne liachta fiosraithe sin,

(iii) leanfaidh an duine a chomhthoghfar de bheith ina chomhalta den Comhairle go dtí go n-éagfaidh sé nó go dtí go n-éireoidh sé as nó go dtí go scoirfidh sé de bheith ina chomhalta faoi fho-alt (8) d'alt 7 den Acht seo.

Forálacha maidir le hAchtanna agus ionstraimí a shonraítear sa Tríú Sceideal.

22. —(1) Beidh éifeacht ag an Acht seo agus ag aon orduithe faoi d'ainneoin aon ní sna hAchtanna agus sna hionstraimí a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus forléireofar dá réir sin na hAchtanna agus na hionstraimí sin.

(2) Gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an tAire, le hordú ar iarratas ón gComhairle agus más cuí leis é, aon mhodhnuithe a dhéanamh ar aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna agus na n-ionstraimí a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo is dóigh leis an gComhairle is gá nó is fóirsteanach chun go mbeidh éifeacht ag an Acht seo nó ag aon orduithe faoi, ach ní dhéanfar ordú faoin bhfo-alt seo a athróidh feidhmeanna bord ospidéil ach amháin le toiliú an bhoird sin.

Athrú ar chomhdhéanamh bord rialaithe ospidéil rannpháirtigh.

23. —(1) Tráth ar bith roimh an lá bunaithe, féadfaidh an tAire le hordú, más cuí leis é ach faoi réir an chéad fho-ailt eile, comhdhéanamh bord rialaithe ospidéil rannpháirtigh (seachas bord rialaithe Ospidéal an Mí) a mhodhnú.

(2) Ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach amháin ar iarratas agus de réir iarratais an bhoird rialaithe lena mbainfidh.

Orduithe a leagan faoi bhráid Thithe Oireachtais.

24. —Gach ordú a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.

Comhaontú idir Coláiste na Tríonóide, Coláiste Ríoga na Leá agus Ospidéal Sir Patrick Dun a dhaingniú.

25. —Daingnítear leis seo an comhaontú a rinneadh an 15ú lá de Bhealtaine, 1961, agus a bhfuil cóip de leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus chuige sin dearbhaítear agus achtaítear leis seo mar a leanas:

(a) beidh éifeacht reachtúil ag an gcomhaontú sin agus beidh sé ina cheangal ar na páirtithe iomaí ann chomh hiomlán agus dá mbeadh sé achtaithe san Acht seo;

(b) beidh ag gach páirtí, agus measfar go raibh i gcónaí ag gach pairtí, sa chomhaontú sin, d'ainneoin aon teorainneacha le cumhacht an pháirtí sin chun an comhaontú sin a dhéanamh, cumhacht chun an comhaontú sin a dhéanamh;

(c) beidh sé de dhualgas ar gach páirtí sa chomhaontú sin, agus tugtar cumhacht dó leis seo, an comhaontú sin a chur i gcrích a mhéid a bheidh forálacha an chomhaontaithe sin le comhlíonadh ag an bpáirtí sin.

Dliteanas i leith fiacha Bhord Stiúrthóirí Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath agus réim dliteanais an Bhoird sin.

26. —(1) Ó dháta an Achta seo a rith agus dá éis, ní bhreithneofar aon chomhalta de Bhord Stiúrthóirí Ospidéal Ríoga Cathair Bhaile Atha Cliath, cibé acu is athchomhalta nó comhalta láithreach é, a bheith faoi dhliteanas go pearsanta i leith aon fhéich nó dliteanais eile faoina ndeachaigh an Bord sin nó faoina rachaidh an Bord sin nó faoina ndeachthas nó faoina rachfar thar a cheann agus le cead uaidh agus chun sochair Ospidéal Ríoga Chathair Bhaile Atha Cliath nó i leith an tOspidéal sin a sheoladh, a choimeád i gcaoi, a chothabháil nó a riaradh.

(2) Ní shroichfidh dliteanas an Bhoird sin i leith na bhfiacha nó na ndliteanais eile a luaitear san fho-alt roimhe seo ach amháin na cistí ginearálta agus na sócmhainní eile de chuid an Ospidéil sin a bheidh i lámha nó faoi urláimh an Bhoird sin nó aon iontaobhaí nó iontaobhaithe a bheith ceaptha ag an mBord.

Gearrtheideal.

27. —Féadfar an tAcht um Chónaidhmeadh agus Cónascadh Ospidéal, 1961 , a ghairm den Acht seo.