31 1961


Uimhir 31 de 1961.


AN tACHT UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM CHUIDEACHTA FORBARTHA AERFORT NEAMHCHUSTAM NA SIONNA TEORANTA, 1959 . [9 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1959, Uimh. 36 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 ;

ciallaíonn “Achtanna na dTithe” Achtanna na dTithe (Forálacha Airgeadais agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932 go 1960;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta.

(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo mar aon ní amháin.

Alt 2 den Phríomh-Acht a leasú.

2. —Aisghairtear leis seo an méid sin d'alt 2 den Phríomh-Acht a fhorálann nach mó san iomlán ná milliún go leith punt a fhéadfaidh an tAire Airgeadais a shuibhscríobh faoin alt sin chun scaireanna a thógáil i gCuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (dá ngairtear an Chuideachta anseo feasta) agus, ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná trí mhilliún punt san iomlán na méideanna a shuibscríobhfar amhlaidh.

Alt 8 den Phríomh-Acht a leasú.

3. —Aisghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 8 den Phríomh-Acht, agus ina ionad sin, achtaítear leis seo nach mó ná milliún dhá chéad agus caoga míle punt comhiomlán na ndeontas a thabharfar don Chuideachta faoin alt sin.

Airleacain don Chuideachta as an bPríomh-Chiste.

4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, faoi réir fhorálacha an ailt seo, airleacain a thabhairt as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis faoi chomhair leath caiteachais na Cuideachta ag soláthar teaghaisí d'oibrithe a bheidh fostaithe ar an eastát tionscail ag an aerfort.

(2) Chun críocha an ailt seo déanfar méid caiteachais na Cuideachta ag soláthar teaghaisí oibrithe a ríomh tar éis méid aon deontais a gheobhaidh an Chuideachta faoi Achtanna na dTithe i leith teaghaisí den sórt sin a sholáthar a asbhaint.

(3) Ní bheidh comhiomlán na n-airleacan faoin alt seo níos mó ná ceithre chéad míle punt.

Airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste.

5. —Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 3 den Phríomh-Acht maidir le hairgead a sholáthar le haghaidh na suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoin alt deiridh roimhe seo den Acht seo amhail mar atá feidhm acu maidir le hairgead a sholáthar le haghaidh suimeanna a airleacfar as an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (1) den alt sin 3 den Phríomh-Acht.

Us a íoc ar airleacain.

6. —(1) Íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais ar gach suim a airleacfar chun na Cuideachta as an bPríomh-Chiste faoi alt 4 den Acht seo ús ó dháta an airleacain go dtí go mbeidh an tsuim aisíoctha de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham i leith na suime, agus íocfar an t-ús ina íocaíochtaí leathbhliantúla cibé laethanta gach bliain a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham.

(2) Má mhainníonn an Chuideachta aon ús is iníoctha aici faoin alt seo a íoc leis an Aire Airgeadais an tráth a bheidh ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais ús, de réir an ráta a cheapfaidh an tAire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh ón tráth a cheapfar mar a dúradh go dtí go mbeidh an t-ús a bheidh gan íoc íoctha.

(3) An t-ús go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo íocfar isteach sa Státchiste é nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste é i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Airleacain a aisíoc.

7. —(1) Chun soláthar a dhéanamh le haghaidh na Cuideachta d'aisíoc na n-airleacan a bheidh tugtha di as an bPríomh-Chiste faoi alt 4 den Acht seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais íocaíochtaí leathbhliantúla a thosóidh cibé dáta, agus a leanfaidh cibé uimhir blianta agus a mbeidh cibé méideanna iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, agus féadfar dátaí, uimhreacha blianta, méideanna agus tráthanna éagsúla a cheapadh i leith codanna éagsúla de na hairleacain.

(2) Déanfaidh an tAire Airgeadais na híocaíochtaí leathbhliantúla uile agus faoi seach a bheidh le híoc ag an gCuideachta leis an Aire sin faoin alt seo a chur chun críche mar chistí fiachmhúchta chun na codanna uile agus faoi seach de na hairleacain a aisíoc arb ina leith a íocfar na híocaíochtaí leathbhliantúla agus nuair a bheidh an uimhir iomlán íocaíochtaí leathbhliantúla a ceapadh faoin alt seo i leith aon chuid de na hairleacain (maraon le haon ús a bheidh tagtha chun bheith iníoctha faoin alt seo i leith aon cheann nó cinn de na híocaíochtaí leathbhliantúla) íoctha ag an gCuideachta leis an Aire sin measfar an chuid sin de na hairleacain a bheith aisíoctha go hiomlán ag an gCuideachta gan dochar do dhliteanas na Cuideachta maidir le haon ús a bheidh gan íoc i leith na coda sin de na hairleacain.

(3) Má mhainníonn an Chuideachta aon íocaíocht leathbhliantúil nó cuid d'íocaíocht leathbhliantúil is iníoctha aici leis an Aire Airgeadais faoin alt seo a íoc leis an Aire sin an tráth a bheidh ceaptha chuige sin faoin alt seo, íocfaidh an Chuideachta leis an Aire sin ar an íocaíocht leathbhliantúil nó ar an gcuid d'íocaíocht leathbhliantúil ús de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire sin ó am go ham ina leith sin ón tráth a bheidh ceaptha mar a dúradh go dtí go mbeidh an íocaíocht nó an chuid íoctha.

(4) Déanfar an t-airgead go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo mar aisíoc ar airleacain a íoc isteach sa Státchiste.

(5) Déanfar na suimeanna go léir a íocfaidh an Chuideachta leis an Aire Airgeadais faoin alt seo ar scór úis a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

Gearrtheideal agus comhlua.

8. —(1) Féadfar an tAcht um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna um Chuideachta Forbartha Aerfort Neamhchustam na Sionna Teoranta, 1959 agus 1961, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.