An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM LAETHANTA SAOIRE (FOSTAITHE), 1961) Ar Aghaidh (CUID II Laethanta Saoire Poiblí.)

33 1961

AN tACHT UM LAETHANTA SAOIRE (FOSTAITHE), 1961

CUID I

Réamhráiteach.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

Mínithe i gcoitinne.

1936, Uimh. 2 .

1938, Uimh. 4 .

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht um Choinníollacha Fostaíochta, 1936 ;

ciallaíonn “Acht 1938” Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta), 1938 ;

ciallaíonn “lá”, maidir le duine a dtosaíonn a sheal oibre lá amháin agus a chríochnaíonn an lá ina dhiaidh sin, tréimhse ceithre huaire is fiche a chloig dar tosach an tráth a thosaíonn an seal oibre;

ciallaíonn “fostú” fostú, faoi chonradh seirbhíse (cibé acu is conradh sainráite nó conradh intuigthe nó conradh i scríbhinn an conradh) nó conradh printíseachta, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;

tá le “obair thionscail” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1936;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála;

ciallaíonn “mí” aon tréimhse tríocha lá comhleanúnacha;

ciallaíonn “lá neamhoibre”, maidir le hoibrí, lá nach n-oibríonn an t-oibrí de ghnáth faoina chonradh seirbhíse;

folaíonn “cion faoi aon alt den Acht seo” cion faoi aon fho-alt d'alt den Acht seo;

tá le “siopa” an bhrí chéanna a bhí leis an bhfocal sin in Acht 1938, sular achtaíodh Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta) (Leasú), 1942 ;

tá le “comhalta den fhoireann”, maidir le siopa, an bhrí chéanna atá leis an abairt sin in Acht 1938, arna leasú le hAlt 2 d'Acht na Siopaí (Coinníollacha Fostaíochta) (Leasú), 1942 , agus tá le “obair siopa” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1938;

ciallaíonn “gearr-lá”, maidir le hoibrí, lá ar gnách leis an oibrí faoina chonradh seirbhíse níos lú ná lá iomlán a oibriú;

ciallaíonn “seachtain” aon tréimhse seacht lá comhleanúnacha;

ciallaíonn “lá oibre”, maidir le hoibrí, lá—

(a) is lá seachtaine, agus

(b) nach—

(i) lá saoire poiblí,

(ii) lá ar cuid de aon tréimhse ceithre huaire is fiche a chloig comhleanúnacha scíthe a cheanglaítear faoi aon achtachán eile a cheadú don oibrí,

(iii) lá neamh-oibre, ná

(iv) gearr-lá.

(2) Chun críocha an Achta seo measfar duine a bheidh i seirbhís údaráis áitiúil a bheith fostaithe ag an údarás áitiúil.

Oibrithe.

1950, Uimh. 21 .

1936, Uimh. 2 .

1956, Uimh. 45 .

3. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “oibrí” aon duine ceithre bliana déag d'aois nó os a chionn atá fostaithe, seachas duine—

(a) is duine dá dtugtar amach earraí nó ábhair chun iad a chomhdhéanamh, a ghlanadh, a ní, a athrú, a ornáidiú nó a dheisiú nó a oiriúnú lena ndíol ina theach féin nó in áitreabh eile nach bhfuil faoi urláimh nó faoi bhainistí an duine a thug amach na hábhair nó na hearraí,

(b) is oibrí talmhaíochta lena mbaineann an tAcht um Oibrithe Talmhaíochta (Laethanta Saoire), 1950 ,

(c) is máistir nó comhalta d'fhoireann aon bháid farraige móire (nach báirse ná bád dríbe), cibé acu ar úinéireacht phoiblí nó ar úinéireacht phríobháideach di, a úsáidtear chun lasta nó paisnéirí a iompar,

(d) is fostaí tí solais nó báid solais,

(e) eaglaiseach in Ord Beannaithe,

(f) is comhalta d'ord nó de shámhadh crábhaidh,

(g) is banchéile, fearchéile, athair, máthair, seanathair, seanmháthair, leasathair, leasmháthair, mac, iníon, ua ban-ua, leasmhac, leasiníon, deartháir, deirfiúr, deartháir leasghaolmhar nó deirfiúr leasghaolmhar a fhostóra agus atá á chothabháil ag a fhostóir agus ina chónaí in aontíos leis,

(h) is duine atá fostaithe ag an Stát nó faoin Stát agus nach—

(i) duine atá fostaithe amhlaidh i bpost neamhbhunaithe agus lena mbaineann Acht 1936 d bhua alt 6 den Acht sin,

(ii) duine atá fostaithe amhlaidh i bpost neamh bhunaithe mar ghiolla, doirseoir, teachtaire, faireoir oíche, bean glantacháin, glantóir, nó mar fhear oibre nó le dualgais íochtaracha eile, nó

(iii) duine atá fostaithe amhlaidh i bpost neamhbhunaithe mar cheardaí nó mar oibrí oilte eile,

(i) is duine atá fostaithe mar iascaire, nó

(j) is duine d'aon aicme áirithe de dhaoine fostaithe a ndearbhaítear le hordú a rinneadh faoin alt seo gur aicme eiscthe í chun críocha an ailt seo;

ciallaíonn “oibrí tís” duine—

(a) is oibrí,

(b) nach oibrí tionscail,

(c) nach comhalta d'fhoireann siopa, agus

(d) is duine—

(i) ag a bhfuil teideal faoina chonradh seirbhíse chun lóistín in aisce i dteach a fhostóra nó in áit eile, nó

(ii) a dhéanann obair de chineál pearsanta nó tís i dteach cónaithe nó thart faoi theach cónaithe a fhostóra:

ciallaíonn “oibrí neamh-thís” oibrí nach oibrí tís;

ciallaíonn “oibrí tionscail” oibrí, seachas eachtar-oibrí de réir bhrí Acht 1936, a dhéanann obair thionscail ar thuarastal nó pá nó chun aon cheird nó gairm a fhoghlaim;

I mír (h) den fho-alt seo tá le “post neamhbhunaithe” an bhrí chéanna atá leis in Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956 .

(2) Féadfaidh an tAire, aon uair agus a mhinice is oiriúnach leis, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus le cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, a dhearbhú le hordú gur aicme eiscthe chun críocha an ailt seo aon aicme áirithe (a shonrófar i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) daoine fostaithe, agus aon uair a dhéanfar aon ordú den sórt sin ansin an fad a bheidh an t-ordú sin i bhfeidhm is aicme eiscthe chun críocha an ailt seo an aicme daoine fostaithe lena mbainfidh an t-ordú sin.

(3) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Airí Stáit nó eagrais fostóirí agus le cibé eagrais oibrithe arb iomchuí leis dul i gcomhairle leo, rialacháin a dhéanamh á fhoráil—

(a) go measfar gurb oibrí nó oibrithe chun críocha an Achta seo aon duine nó aon aicme nó tuairisc (a shonrófar i cibé modh agus faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire) daoine;

(b) i gcás aon oibrí nó oibrithe, is oibrí nó oibrithe mar a mhínítear sin san alt seo, nó is oibrí nó oibrithe a meastar gurb oibrí é nó gurb oibrithe iad chun críocha an Achta seo de bhua rialachán faoin alt seo, go measfar, chun na gcríocha sin, gurb oibrí tís nó gurb oibrithe tís nó gurb oibrí neamh-thís nó gurb oibrithe neamh-thís (de réir mar a bheidh) mar a shonrófar sna rialacháin é nó iad.

Aon rialacháin a dhéanfaidh an tAire faoin bhfo-alt seo féadfaidh cibé forálacha fo-ghabhálacha agus iarmartacha nó cibé modhnuithe ar fhorálacha an Achta seo a bheith iontu is dóigh leis an Aire is gá chun lán-éifeacht a thabhairt do na rialacháin.

(4) Féadfaidh an tAire aon ordú a dhéanfar faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

“Bliain fostaíochta” agus “leathbhliain fostaíochta”.

4. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “bliain fostaíochta”, nuair a úsáidtear an abairt sin maidir le hoibrí, tréimhse trí chéad seasca is cúig lá (gan aon lá arb é an 29ú lá d'Fheabhra é a áireamh) dar tosach an lá deiridh a chuaigh an t-oibrí san fhostaíocht a n-úsáidtear an abairt sin maidir léi nó lá is lá cothrom an lae sin aon bhliain dá éis;

nuair a úsáidtear “chéad leath” maidir le bliain fostaíochta oibrí tís, ciallaíonn sé tréimhse céad ochtó is trí lá dar tosach an chéad lá den bhliain fostaíochta;

nuair a úsáidtear “dara leath” maidir le bliain fostaíochta oibrí tís, ciallaíonn sé an méid sin den bhliain fostaíochta nach cuid de chéad leath na bliana sin.

I gcás ina ndeachaigh oibrí i bhfostaíocht an 29ú lá d'Fheabhra, measfar, chun críocha léirithe an mhínithe ar “bliain fostaíochta”, gurb é an chéad lá ina dhiaidh sin a chuaigh sé san fhostaíocht sin.

(2) I gcás—

(a) ina ndéanfar úinéireacht aon ghnó, cibé acu a sheoltar nó nach seoltar an gnó sin le haghaidh brabúis nó sochair, a aistriú trí ghníomh na bpáirtithe nó trí oibriú an dlí i rith bliain fostaíochta aon oibrí a bhí díreach roimh an aistriú ar fostú ag an duine a bhí ag seoladh an ghnó, agus

(b) go leanfaidh an t-oibrí i ndiaidh an aistrithe de bheith ar fostú ag an duine (dá ngairtear an fostóir nua san fho-alt seo) chun ar aistríodh an úinéireacht, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) chun críocha an Achta seo (lena n-áirítear fo-alt (1) den alt seo ach gan alt 9 (a mhéid a bhaineann sé le cearta oibrithe neamh-thís maidir le laethanta saoire poiblí) den Acht seo a áireamh maidir le haon laethanta saoire roimh an aistriú), measfar an t-oibrí a bheith ar fostú ag an bhfostóir nua amhail ar thosach agus ó thosach na bliana fostaíochta;

(ii) má ceadaíodh saoire bhliantúil don oibrí roimh an aistriú nó, i gcás inarb oibrí tís an t-oibrí agus gur ceadaíodh saoire bhliantúil nó saoire leathbhliantúil dó i rith na bliana fostaíochta, measfar, chun críocha an Achta seo, gur cheadaigh an fostóir nua an tsaoire bhliantúil nó an tsaoire leathbhliantúil.

(3) San alt seo folaíonn “gnó” aon ghairm, oifig, bunachas nó ceird de chineál ar bith.

Míniú ar “lá saoire iomlán”.

5. —Measfar, chun críocha an Achta seo, duine do lamháil lá saoire iomlán lá áirithe d'oibrí a bheidh ar fostú aige, más rud é agus amháin más rud é, nach ligfidh sé don oibrí aon obair a dhéanamh dó an lá sin.

Caiteachas.

6. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Aisghairm agus leasú iarmartach.

1936, Uimh. 2 .

1938, Uimh. 4 .

1939, Uimh. 1 .

1936, Uimh. 2 .

7. —(1) Aisghairtear leis seo alt 7 d'Acht 1936.

(2) Aisghairtear leis seo alt 28, ailt 30 go 32 go huile, agus ailt 36 go 39 go huile d'Acht 1938.

(3) Aisghairtear leis seo an tAcht um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1939.

(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 49 d'Acht 1936 trí “de réir bhrí an Achta um Laethanta Saoire (Fostaithe), 1961 ,” a chur isteach i ndiaidh “lá saoire puiblí”.