34 1961


Uimhir 34 de 1961.


ACHT NA nÚDARÁS ÁITIÚIL (SCOLÁIREACHTAÍ OIDEACHAIS) (LEASÚ), 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hÚDARÁIS ÁITIÚLA DO THABHAIRT SCOLÁIREACHTAÍ AGUS CABHRACH EILE DO MHIC LÉINN I SCOILEANNA FORMHEASTA AGUS IN OLLSCOILEANNA AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA nÚDARÁS ÁITIÚIL (SCOLÁIREACHTA OIDEACHAIS), 1944 , AGUS ALT 10 DEN IRISH UNIVERSITIES ACT, 1908. [11 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1908, c. 38.

1944, Uimh. 19 .

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1908” an Irish Universities Act, 1908;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Oideachais;

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nUdarás Áitiúil (Scoláireachta Oideachais), 1944 .

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

2. —(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 4 den Phríomh-Acht, aon scéim faoin bPríomh-Acht a cheadófar faoi alt 2 den Phríomh-Acht tar éis tosach feidhme an Achta seo—

(a) beidh foráil inti, maidir leis an méid a dhéanfaidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae d'ul mhaigh an scéim a dháileadh, gach bliain airgeadais áitiúil, le híoc i leith scoláireachtaí faoin scéim, go ndáilfidh an bardas nó an chomhairle, de réir mar a bheidh, ar neamhaird le cibé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann tuistí nó caomhnóirí na ndaoine dá ndámhfar na scoláireachtaí na forálacha a ordaíodh faoi mhír (c) den alt sin 4 faoi réir an choinníll go ndéanfar, má bhíonn ceathrú cuid na méide réamhráite dáilte do dhaoine nach gcomhlíonann a dtuistí nó a gcaomhnóirí na forálacha a ordaíodh faoin mír sin (c), iarmhéid na méide réamhráite a dháileadh do dhaoine a gcomhlíonann a dtuistí nó a gcaomhnóirí na forálacha a ordaíodh faoin mír sin (c), agus

(b) foircoimeádfaidh sí don bhardas contae-bhuirge nó don chomhairle contae a d'ullmhaigh an scéim cumhacht an t-iomlán nó cuid d'aon scoláireacht a dhámhadh, i gcás inar iomchuí sin de réir na n-imthoscaí, le ceadú an Aire do dhuine nach gcomhlíonann a thuistí nó a chaomhnóirí forálacha mhír (b) den alt sin 4.

(2) Déantar leis seo alt 4 den Phríomh-Acht a leasú, maidir le scéimeanna faoin bPríomh-Acht a cheadófar faoi alt 2 den Phríomh-Acht tar éis tosach feidhme an Achta seo, trí mhíreanna (d) agus (e) a scriosadh.

Leasú ar alt 10 den Irish Universities Act, 1908.

3. —D'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (2) d'alt 10 den Irish Universities Act, 1908—

(a) déanfar an méid a dháilfidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae aon bhliain airgeadais áitiúil a thosóidh tar éis tosach feidhme an Achta seo le híoc ag soláthar cabhrach do mhic léinn a dháileadh de réir an oird fiúntais a thaispeáinfidh na freagraí sna tástála ábaltachta dá dtagraítear san fho-alt sin agus ar neamhaird le díth cabhrach a bheith ar na mic léinn (má bhíonn): ar choinníoll go ndéanfar, má bhíonn ceathrú cuid na méide réamhráite dáilte do mhic léinn nach bhfuil díth cabhrach orthu, iarmhéid na méide réamhráite a dháileadh do mhic léinn a bhfuil díth cabhrach orthu, agus

(b) ní bheidh an méid a dháilfidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae aon bhliain airgeadais áitiúil a thosóidh tar éis tosach feidhme an Achta seo le híoc ag soláthar cabhrach do mhic léinn faoin bhfo-alt sin níos mó ná leath na méide a dháilfidh an bardas nó an chomhairle sin, de réir mar a bheidh, an bhliain sin le híoc i leith scoláireachtaí faoi scéim nó scéimeanna a ceadaíodh faoi alt 2 den Phríomh-Acht an bhliain sin, agus

(c) aon chinneadh a dhéanfaidh bardas contae-bhuirge nó comhairle contae aon bhliain airgeadais áitiúil a thosóidh tar éis tosach feidhme an Achta seo i dtaobh díth cabhrach a bheith nó gan a bheith ar mhac léinn faoin bhfo-alt sin déanfar é i cibé slí agus faoi threoir cibé nithe (lena n-áirítear ioncam agus luach aon mhaoine de chuid tuistí nó caomhnóirí an mhic léinn) a chinnfidh an bardas nó an chomhairle, de réir mar a bheidh, le ceadú an Aire: ar choinníoll go gcinnfidh an chomhairle nó an bardas, de réir mar a bheidh, nach bhfuil díth cabhrach ar mhac léinn faoin alt sin má bhíonn—

(i) ioncam agus méid ann is mó ná an méid sin, nó

(ii) maoin is fiú luach is mó ná an luach sin,

a shocróidh an bardas nó an chomhairle, de réir mar a bheidh, ó am go ham faoin mír seo chun críocha an fho-ailt sin le ceadú an Aire ag a thuistí nó a chaomhnóirí.

Deontaís d'údaráis áitiúla.

4. —(1) Íocfar as airgead a sholáthróidh an tOireachtas le bardas contae-bhuirge nó le comhairle contae a íocfaidh scoláireacht nó scoláireachtaí faoi scéim nó scéimeanna faoi alt 2 den Phríomh-Acht nó a íocfaidh scoláireachtaí den sórt sin agus a sholáthraíonn cabhair do mhic léinn faoi alt 10 d'Acht 1908—

(a) in aghaidh na céad bhliana airgeadais áitiúla a thosóidh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo deontas de mhéid is comhionann—

(i) le leath an chostais iomláin a chosnóidh na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí agus an chabhair, de réir mar a bheidh, ar an mbardas nó ar an gcomhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin, nó

(ii) an méid a bheadh de bharr ráta pingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh. an bhliain sin,

cibé acu is lú,

(b) in aghaidh an dara bliain airgeadais áitiúil a thosóidh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo deontas de mhéid is comhionann—

(i) le leath an chostais iomláin a chosnóidh na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí agus an chabhair, de réir mar a bheidh, ar an mbardas nó ar an gcomhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin, nó

(ii) leis an méid a bheadh de bharr ráta dhá phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin,

cibé acu is lú,

(c) in aghaidh an tríú bliain airgeadais áitiúil a thosóidh tar éis dáta tosach feidhme an Achta seo deontas de mhéid is comhionann—

(i) i gcás nach mó an costas iomlán a ehosnóidh sé na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí agus an chabhair, de réir mar a bheidh, ar an mbardas nó ar an gcomhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin ná an méid a bheadh de bharr ráta ceithre phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh an bhliain sin, le leath an chostais sin, agus

(ii) in aon chás eile—

(I) le leath na méide sin den chostas réamhráite nach mó ná an méid a bheadh de bharr ráta ceithre phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin agus trí chúigiú na méide sin (más aon mhéid é) den chostas réamhráite is mó ná an méid a bheadh de bharr ráta ceithre phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiú cháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin, nó

(II) leis an méid a bheadh de bharr ráta trí phingin go leith sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin,

cibé acu is lú, agus

(d) in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla i ndiaidh na mblianta réamhráite a dhéanfaidh an bardas nó an chomhairle, de réir mar a bheidh, scoláireachtaí faoi scéim nó scéimeanna faoin alt sin 2 a íoc nó scoláireachtaí den sórt sin a íoc agus cabhair a sholáthar do mhic léinn faoin alt sin 10 deontas is comhionann—

(i) i gcás nach mó an costas iomlán a chosnóidh na híocaíochtaí nó na híocaíochtaí agus an chabhair, de réir mar a bheidh, ar an mbardas nó ar an gcomhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin ná an méid a bheadh de bharr ráta ceithre phingin arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin, le leath an chostais sin, agus

(ii) in aon chás eile—

(I) le leath na méide sin den chostas réamhráite nach mó ná an méid a bheadh de bharr ráta ceithre phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin agus trí chúigiú na méide sin (más aon mhéid é) den chostas réamhráite is mó ná an méid a bheadh de bharr ráta ceithre phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin, nó

(II) leis an méid a bheadh de bharr ráta cúig phingin sa phunt arna thoibhiú i limistéar feidhmiúcháin an bhardais nó na comhairle, de réir mar a bheidh, an bhliain sin,

cibé acu is lú.

(2) Déanfar aon deontas a thabharfar do bhardas contaebhuirge nó do chomhairle contae faoin alt seo in aghaidh aon bhliana airgeadais áitiúla áirithe a úsáid ag an mbardas nó ag an gcomhairle, de réir mar a bheidh, ag glanadh an chostais a bhainfidh le híoc scoláireachtaí faoi scéim nó scéimeanna faoi alt 2 den Phríomh-Acht an bhliain sin nó a bhainfidh le híoc scoláireachtaí den sórt sin agus cabhair a sholáthar do mhic léinn faoi alt 10 d'Acht 1908, de réir mar a bheidh.

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

5. —(1) Féadfar Acht na nUdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais) (Leasú), 1961 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achtanna na nUdarás Áitiúil (Scoláireachtaí Oideachais), 1944 agus 1961, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a dhéanfar, le hordú nó orduithe a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo, a shocrú chuige sin i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh chun críocha éagsúla agus chun forálacha éagsúla.