35 1961


Uimhir 35 de 1961.


ACHT CHURRACH CHILL DARA, 1961.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE CURRACH CHILL DARA AGUS LENA BHAINISTÍ AGUS A ÚSÁID AGUS CHUN NA CRÍCHE SIN D'AISGHAIRM AN CURRAGH OF KILDARE ACT, 1868, AGUS CUID DEN CURRAGH OF KILDARE ACT, 1870. [11 Lúnasa, 1961.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Mínithe.

1868, c. 60.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1868” an Curragh of Kildare Act, 1868;

ciallaíonn “na Tailte Gorma” an chuid den Churrach a bhí á úsáid, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, le haghaidh cleachtas mhuscaeid do chomhaltaí Óglaigh na hÉireann agus le haghaidh críocha míleata eile agus a shonraítear ar an léarscáil thaiscthe le dath gorm;

ciallaíonn “an Campa” na codanna den Churrach a bhí, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, á n-áitiú ag Óglaigh na hÉireann nó ar theorainn fhoslongfort nó bhunaíocht Óglaigh na hÉireann agus a shonraítear ar an léarscáil thaiscthe le dath donn;

ciallaíonn “an Currach” an réimse talún i gcontae Chill Dara ar a dtugtar Currach Chill Dara agus a shonraítear ar an léarscáil thaiscthe leis an líne dhubh-uaine atá ina thimpeall;

ciallaíonn “an léarscáil thaiscthe” an léarscáil a thaisc an tAire in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, Baile Átha Cliath, an 7ú lá d'Iúil, 1961, atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Aire, atá sínithe ag an Aire agus a bhfuil ar a barr na focail agus na figiúirí “Deposited for the purposes of any Act of the Oireachtas passed in the year 1961, to make further provision in relation to the Curragh of Kildare and its management and use and for that purpose to repeal the Curragh of Kildare Act, 1868, and part of the Curragh of Kildare Act, 1870”;

ciallaíonn “na Tailte Uaine” an chuid den Churrach nach bhfuil an Campa ná na Tailte Gorma ar áireamh air agus a shonraítear ar an léarscáil thaiscthe le dath uaine;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tailte.

An Currach a dhílsiú don Aire.

1870, c. 74.

2. —Déantar leis seo an Currach a dhílsiú don Aire, sa mhéid nach bhfuil sé dílsithe ann cheana féin, faoi réir na léasanna, na dtionóntachtaí, na gceadanna agus na gceadúnas maidir le haon chuid den Churrach a bheidh ar marthain díreach roimh dháta an Achta seo a rith agus faoi réir na gceartanna slí, na gcomhcheartanna féaraigh agus na gceartanna eile a bhaineann leis an gCurrach agus a shonraítear sa Curragh of Kildare Act, 1870, agus a bheidh ar marthain díreach roimh dháta an Achta seo a rith.

Usáid an Champa ag an Aire.

3. —(1) Beidh úsáid an Champa go heisiatach ag an Aire le haghaidh foslongfort agus bunaíocht d'Óglaigh na hÉireann agus le haghaidh críocha a ghabhann leo sin agus le haghaidh aon chríocha eile dá mbeidh sé ag teastáil ón Aire ó am go ham: ar choinníoll nach ndéanfar an bóthar poiblí tríd an gCampa a thaispeáintear ar an léarscáil a ghabhann leis seo agus atá marcáilte uirthi leis na litreacha X agus Y a dhúnadh, ná nach gcuirfear bacainní air, ach amháin faoi réim agus de réir fho-alt (2) den alt seo nó le haghaidh críocha a bhainfidh lena dheisiú agus a chothabháil.

(2) Féadfaidh oifigeach ceannais d'Óglaigh na hÉireann a bheidh ar stáisiún sa Champa, más cuí leis sin, i gcás ina dtarlóidh iarbhír, nó gur baolach go dtarlóidh, círéib nó briseadh síochána, an bóthar dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a dhúnadh ar an bpobal go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé is gá sna cúinsí nó úsáid an bhóthair a shrianadh nó a rialú i cibé slí, a mhéid agus go ceann cibé tréimhse a mheasfaidh sé is gá sna cúinsí a bheidh ann.

Usáid na dTailte Gorma ag an Aire.

1954, Uimh. 18 .

4. —Féadfaidh an tAire na Tailte Gorma a úsáid chun na gcríocha agus sa tslí a shonraítear in alt 34 den Acht Cosanta, 1954 , faoi réir na teorann nach ndéanfaidh sé, ná nach n-údaróidh ná nach gcuirfidh sé faoi deara, buan-fhoirgnimh a thógáil ar an gcéanna.

Usáid na dTailte Uaine ag an Aire.

1954, Uimh. 18 .

5. —(1) Féadfaidh an tAire na Tailte Uaine, seachas aon chuid díobh is ábhar d'aon deontas, forléasadh, ceadúnas nó cead, le haghaidh cleachtais mhíleata, chun cleachtas, druileáil agus caitheamh aimsire a sholáthar do chomhaltaí d'Óglaigh na hÉireann, agus (i gcásanna éigeandála) chun dul ar foslongfort go sealadach orthu agus chun aon chríocha míleata eile den tsamhail sin agus chun aerárthaí míleata tuirlingt agus éirí.

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 34 den Acht Cosanta, 1954 , maidir leis na Tailte Uaine.

An léarscáil thaiscthe.

6. —(1) A luaithe is féidir tar éis dáta an Achta seo a rith cuirfidh an tAire faoi deara cóip den léarscáil thaiscthe a thaisceadh i bPríomh-Oifig na hArd-Chúirte agus in Oifig na Cúirte Cuarda do chontae Chill Dara.

(2) Coimeádfar an léarscáil thaiscthe in Oifig na Suirbhéireachta Ordanáis, Baile Átha Cliath, agus na cóipeanna di a thaiscfear faoi fho-alt (1) den alt seo sna hoifigí dá dtagraítear san fho-alt sin coimeádfar iad sna hoifigí sin.

(3) Beidh an léarscáil thaiscthe nó cóipeanna di agus na cóipeanna a thaiscfear faoi fho-alt (1) den alt seo ar fáil lena n-iniúchadh in aisce sna hoifigí ina mbeidh siad taiscthe ag aon duine tráth ar bith a bheidh na hoifigí sin faoi seach ar oscailt le haghaidh gnó phoiblí.

(4) Ullmhóidh Stiúrthóir na Suirbhéireachta Ordanáis agus soláthróidh sé do dhuine ar bith a iarrfaidh í cóip den léarscáil thaiscthe nó d'aon chuid áirithe di agus bainfidh sé amach ar an gcóip cibé suim a chinnfidh an Stiúrthóir.

(5) Féadfar fianaise prima facie ar an léarscáil thaiscthe nó ar aon chuid shonraithe di a thabhairt in aon chúirt nó in aon imeachtaí dlíthiúla trí chóip di a thabhairt ar aird a airbheartóidh é a bheith deimhnithe gur cóip í ag oifigeach do Stiúrthóir na Suirbhéireachta Ordanáis a bhí údaraithe chuige sin ag Stiúrthóir na Suirbhéireachta Ordanáis, agus ní gá síniú an oifigigh a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é ná go raibh sé údaraithe amhlaidh.

Séaracha, draeineacha, cáblaí agus píopaí a leagan síos.

7. —Féadfaidh an tAire ó am go ham—

(a) cibé séaracha agus draeineacha a leagan síos, nó a údarú nó a chur faoi deara cibé séaracha agus draeineacha a leagan síos, faoin talamh nó ar nó thar an talamh ar an gCurrach agus cibé oibreacha fo-ghabhálacha a sholáthar, nó a údarú nó a chur faoi deara cibé oibreacha fo-ghabhálacha a sholáthar, faoin talamh nó ar nó thar an talamh ar an gCurrach a mheasfaidh sé is gá le haghaidh séarachta agus siltin an Churraigh agus na bhfoirgneamh air,

(b) cibé píopaí uisce agus cibé cáblaí agus píopaí leictreachais, teilegrafa, teileafóin agus cibé cáblaí agus píopaí eile a leagan síos, nó a údarú nó a chur faoi deara cibé píopaí agus cáblaí den sórt sin a leagan síos, faoin talamh nó ar nó thar an talamh ar an gCurrach agus cibé oibreacha fo-ghabhálacha a sholáthar, nó a chur faoi deara cibé oibreacha fo-ghabhálacha a sholáthar, faoin talamh nó ar nó thar an talamh ar an gCurrach a mheasfaidh sé is gá, agus

(c) aon séaracha, draeineacha, cáblaí, píopaí agus oibreacha fo-ghabhálacha a leagadh síos nó a soláthraíodh faoin alt seo nó a bhí ar an gCurrach díreach roimh dháta an Achta seo a rith a chothabháil agus a dheisiú nó a údarú nó a chur faoi deara an céanna a chothabháil agus a dheisiú.

Gaineamh, gairbhéal agus ábhair eile a thógáil as an gCurrach.

8. —Féadfaidh an tAire, d'fhonn aon bhóthar a dhéanamh, a chothabháil nó a dheisiú ar an gCurrach nó ina aice nó chun críche aon chumhacht, dualgas nó feidhm de chuid an Aire maidir leis an gCurrach, substaint nó substaintí ar bith acu seo a leanas, eadhon, gaineamh, gairbhéal, clocha, cré agus móin, a bhaint, a thógáil agus a thabhairt chun siúil, nó féadfaidh sé a údarú (ar cibé téarmaí agus faoi réir cibé coinníollacha is oiriúnach leis an Aire a fhorchur) an céanna a bhaint, a thógáil agus a thabhairt chun siúil, as an gCurrach.

Bóithre áirithe a eisiamh ón Acht.

9. —Níl feidhm ag an Acht seo (seachas ailt 2, 3 agus 7 de) maidir leis na bóithre ar an gCurrach atá de thuras na huaire á gcothabháil agus á ndeisiú ag comhairle chontae, nó ar chostas chomhairle chontae, Chill Dara, is é sin, na bóithre faoi dhath dearg, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ar an léarscáil thaiscthe.

Caoirigh ar féarach ar an gCurrach.

1870, c. 74.

10. —(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, féadfaidh na daoine a mbeidh teideal acu ó am go ham chun na gcomhcheartanna féaraigh a bhaineann leis an gCurrach agus a sonraíodh san Curragh of Kildare Act, 1870, na Tailte Gorma agus na Tailte Uaine a chur faoi stoc agus a inníor i gcoiteannas le caoirigh.

(2) Níl aon chomhcheart féaraigh ar marthain, ná níl feidhm ag aon chomhcheart féaraigh, maidir leis an gCampa ná leis na codanna sin de na Tailte Uaine is ábhar do léas, comhaontú tionóntachta nó ceadúnas áitíochta díreach roimh dháta an Achta seo a rith.

Cuid den Churrach a iamh.

11. —(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, féadfaidh an tAire, nó féadfaidh an tAire a údarú nó a chur faoi deara, aon chuid nó codanna den Churrach a bhuan-iamh, agus, más dóigh leis an Aire gur gá é chun críche an iata sin, féadfaidh an tAire, nó féadfaidh an tAire a údarú nó a chur faoi deara, an chuid nó na codanna a iamhfar a fháladh.

(2) I gcás ina ndéanfar aon chuid den Churrach a iamh faoi fho-alt (1) den alt seo, ansin, na comhcheartanna féaraigh maidir le caoirigh a bhaineann leis an gCurrach, scoirfidh siad, nuair a dhéanfar an t-iamh sin, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an gcuid sin den Churrach.

(3) (a) I gcás ina mbeartófar aon chuid den Churrach a bhuan-iamh faoin alt seo, cuirfidh an tAire faoi deara, sula ndéanfar an t-iamh, trí aon chomhcheart nó comhcheartanna áirithe féaraigh maidir le caoirigh a bhaineann leis an gCurrach a mhúchadh, a athrú nó a mhodhnú, an laghdú sin a dhéanamh ar líon na gcaorach a bhféadfar na comhcheartanna sin a fheidhmiú maidir leo is leor, i dtuairim an Aire, chun a áirithiú go mbeidh féarach a ndóthain ar fáil ar an gCurrach, tar éis an t-iamh a bheith déanta, don líon a bheidh fágtha.

(b) Ní dhéanfar comhcheart féaraigh a mhúchadh, a athrú ná a mhodhnú faoin bhfo-alt seo gan toiliú an duine ar leis an ceart.

Fógra go n-iamhfar cuid den Churrach.

12. —I gcás ina mbeartófar cuid den Churrach a bhuan-iamh faoin Acht seo, déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná lá agus fiche roimh an dáta a thiocfaidh an t-iamh i ngníomh, fógra a fhoilsiú, nó a chur faoi deara fógra a fhoilsiú, i nuachtán amháin ar a laghad a léitear i gcontae Chill Dara ag insint go bhfuil sé beartaithe cuid den Churrach a iamh, ag sonrú na coda a iamhfar agus an dáta a thiocfaidh an t-iamh i ngníomh.

Caoirigh a dhúnadh amach go sealadach ó chodanna den Churrach.

1954, Uimh. 25 .

13. —Aon uair a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, de bhun alt 11 den Acht Maoine Stáit, 1954 , aon chuid den Churrach a bheith á úsáid go sealadach ag an bpobal i gcoitinne nó ag aon aicme nó roinn áirithe den phobal nó ag comhaltaí aon ghrúpa, chumainn, nó eagraíochta eile chun críocha carnabhail, taispeántais, iomaíochta, ráis nó dálais eile, féadfaidh sé, nó féadfaidh sé a chur faoi deara nó a údarú, caoirigh a dhúnadh amach, i cibé slí, lena n-áirítear fálta sealadacha a thógáil, is iomchuí leis an Aire, as an gcuid sin den Churrach ar feadh tréimhse na húsáide sin.

Conarthaí leanúnacha a choimeád i bhfeidhm.

14. —(a) Gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a bhaineann leis an gCurrach nó le haon chuid de nó le haon fhoirgnimh nó déanmhais ar an gCurrach, agus

(b) gach léas, tionóntacht, ceadúnas nó cead de chineál ar bith a bhaineann leis an gCurrach nó le haon chuid de nó le haon fhoirgnimh nó déanmhais ar an gCurrach,

agus nach mbeidh forghníomhaithe nó comhallta go hiomlán díreach roimh dháta an Achta seo a rith agus ar páirtí ann an tAire, an tAire Airgeadais, an Saoiste (de réir bhrí Acht 1868) nó an Leas-Saoiste (de réir bhrí Acht 1868) nó ar páirtí ann aon duine eile de bhua Acht 1868 leanfaidh sé d'fheidhm a bheith aige, d'ainneoin Acht 1868 a aisghairm, ar dháta an Achta seo a rith agus dá éis sin, ach aon chonradh, comhaontú, léas, tionóntacht, ceadúnas nó cead den sórt sin nach páirtí ann an tAire forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirfí ainm an Aire ann in ionad ainm an Aire Airgeadais, an tSaoiste, an Leas-Saoiste nó an duine eile sin, cibé acu é, agus beidh an conradh, an comhaontú, an léas, an tionóntacht, an ceadúnas nó an cead inchurtha i bhfeidhm ag an Aire nó i gcoinne an Aire dá réir sin.

Leanúint d'imeachtaí dlí a bheidh ar feitheamh.

15. —Aon chaingean, agra nó imeacht a bheidh ar feitheamh díreach roimh dháta an Achta seo a rith in aon chúirt nó binse—

(a) maidir leis an gCurrach nó le haon chuid de nó le haon fhoirgneamh nó déanmhas air, nó

(b) maidir le ceart slí nó le comhcheart féaraigh nó le haon cheart eile a bhaineann leis an gCurrach nó le haon chuid de, nó

(c) maidir le haon léas, tionóntacht, ceadúnas, cead, conradh nó comhaontú d'aon sórt a bhaineann leis an gCurrach nó le haon chuid de, nó maidir le haon fhoirgneamh nó déanmhas air,

agus ar páirtí ann an tAire, an tAire Airgeadais, an Saoiste (de réir bhrí Acht 1868) nó an Leas-Saoiste (de réir bhrí Acht 1868), ní thitfidh an chaingean, an t-agra nó an imeacht sin ar lár ná ní thiocfaidh deireadh leis ná ní dhéanfar dochar dó mar gheall ar Acht 1868 a aisghairm agus i ngach caingean, agra nó imeacht mar a dúradh nach páirtí ann an tAire, tiocfaidh an tAire chun bheith agus beidh sé, ar dháta an Achta seo a rith, ina pháirtí in áit an Aire Airgeadais, an tSaoiste nó an Leas-Saoiste, cibé acu é, agus leanfar den chaingean, den agra nó den imeacht sin, cibé acu é, idir an tAire agus na páirtithe eile ann dá réir sin.

Fodhlíthe maidir leis an gCurrach.

1954, Uimh. 25 .

16. —(1) Féadfaidh an tAire cibé fodhlíthe is oiriúnach leis a dhéanamh maidir leis an gCurrach agus lena úsáid agus a bhainisti.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh socrú maidir leis an gCurrach i dtaobh gach ní nó aon ní acu seo a leanas a bheith i bhfodhlíthe faoin bhfo-alt sin:

(a) cosc a chur le foghail ag ainmhithe,

(b) cosc a chur le gaineamh, gairbhéal, clocha, cré, móin nó aon substaint eile a bhaint, a thógáil nó a thabhairt chun siúil gan údarás,

(c) cosc a chur le feithiclí gluaiseacht ar aon áit seachas ar bhóithre poiblí,

(d) damáiste d'aon fhógra, cuaille, ráille, slabhra, fál nó feisteas nó do mhaoin d'aon sórt, nó cur isteach ar an gcéanna, a chosc,

(e) caoirigh a mharcáil agus cosc a chur le caoirigh a bheith ar féarach nach mbeidh marcáilte sa tslí agus leis na marcanna a bheidh forordaithe leis na fodhlíthe agus de réir na bhfodhlíthe sin ar gach slí eile,

(f) cosc a chur le cúngrú nó le núis nó le gníomhartha nó le neamhghníomhartha ar dóigh dó nó dóibh a bheith ina chúis nó ina gcúis damáiste nó díobhála do mhaoin nó do dhaoine.

(3) Duine ar bith a sháróidh fodhlí faoin alt seo a ndeirtear gur fodhlí pionóis é beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil nach mó ná fiche punt in aghaidh gach lae nó coda de lá a leanfar den chion agus nach mó ná céad punt san iomlán.

(4) Na fodhlíthe a rinneadh an 4ú lá de Nollaig, 1868, faoi Acht 1868, leanfaidh siad i bhfeidhm, d'ainneoin an tAcht sin a aisghairm, go dtí an dáta a thiocfaidh fodhlíthe i ngníomh maidir leis an gCurrach a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo nó le toiliú an Aire Airgeadais, faoin Acht Maoine Stáit, 1954 , agus féadfaidh an tAire na fodhlíthe a rinneadh faoi Acht 1868 a chur i bhfeidhm agus féadfar na pionóis a fhoráiltear fúthu sin a ghnóthú trí imeachtaí achomaire sa Chúirt Dúiche.

(5) Déanfar gach fodhlí faoin alt seo a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an fodhlí a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an fhodhlí, beidh an fodhlí ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh faoin bhfodhlí.

Aisghairm.

1870, c. 74.

17. —Aisghairtear leis seo Acht 1868 agus ailt 4, 5 agus 6 den Curragh of Kildare Act, 1870.

Caiteachas an Aire.

18. —Déanfar caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

19. —Féadfar Acht Churrach Chill Dara, 1961 , a ghairm den Acht seo.