An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III An Chúirt Chuarda) Ar Aghaidh (CUID V Forálacha Ilghnéitheacha)

39 1961

ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

CUID IV

An Chúirt Dúiche

Forálacha Ginearálta

Líon breithiúna na Cúirte Dúiche.

28. —Ceathrar is tríocha ar a mhéid, maraon le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna a bheidh sa Chúirt Dúiche.

Cáilíochtaí bhreithiúna na Cúirte Dúiche agus léiriú alt 2 d'Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

29. —(1) (a) Gach duine de na daoine is bhreithiúna den Chúirt Dúiche do láthair díreach roimh an dáta feidhme, beidh sé cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche agus, má bhíonn agus fad a bheidh duine nó níos mó de na daoine sin ann atá toilteanach oifig a ghlacadh agus gan a bheith ceaptha, ní bheidh duine ar bith eile cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(b) Ní bhaineann mír (a) den fho-alt seo ach amháin le cáilíocht na gcéad-bhreithiúna den Chúirt Dúiche lena gceapadh.

(c) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) den alt seo faoi réir na míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Duine atá de thuras na huaire ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach agus seasamh deich mbliana ar a laghad aige amhlaidh beidh sé cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(3) Beidh abhcóide nó aturnae a bhí ag feidhm-chleachtadh a ghairme ar feadh deich mbliana ar a laghad cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche má tá sé de thuras na huaire i seilbh oifige a raibh (tráth a cheaptha chuici) ceangal reachta ina leith go mbeadh gach duine a cheapfaí chuici nó go mbeadh sé tar éis a bheith—

(a) ina aturnae cleachtach, nó

(b) ina abhcóide cleachtach nó ina aturnae cleachtach.

(4) Nuair a dhéanfar duine (a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair de bhua barántais a rinneadh faoi alt 2 d'Acht 1949) a cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche, measfar chun críocha Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, é a bheith á choimeád i seilbh oifige faoi Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme amhlaidh é, go ceann bliana dar tosach an dáta a shlánaigh sé—

(a) más é an chéad bharántas ina leith é, cúig bliana is seasca, nó

(b) más é an dara barántas ina leith é, sé bliana is seasca, nó

(c) más é an tríú barántas ina leith é, seacht mbliana is seasca, nó

(d) más é an ceathrú barántas ina leith é, ocht mbliana is seasca, nó

(e) más é an cúigiú barántas ina leith é, naoi mbliana is seasca.

Aois scortha bhreithimh den Chúirt Dúiche.

30. —(1) Cúig bliana is seasca an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Dúiche.

(2) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, is seachtó bliain an aois scortha do bhreitheamh den Chúirt Dúiche a bhí, díreach roimh an 29ú lá d'Iúil, 1946, ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche do láthair agus mar bhreitheamh den sórt sin a buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

(3) Déanfar na tagairtí atá in alt 2 d'Acht 1949, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, d'alt 15 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946 a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt (1) den alt seo.

Pinsin bhreithiúna na Cúirte Dúiche.

31. —(1) Bainfidh na forálacha atá leagtha amach i gCuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le pinsin bhreithiúna na Cúirte Dúiche.

(2) I gcás breitheamh den Chúirt Dúiche a chur as oifig toisc é a bheith ar míthreoir, measfar chun críche pinsin é a bheith tar éis scaradh lena oifig de dheasca buan-easláinte.

Ceantair agus dúichí Cúirte Dúiche agus sannadh breithiúna do na dúichí.

32. —(1) Is iad na ceantair a bunaíodh faoi alt 21 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1953 a bheidh ina gceantair chúirte dúiche chun críocha na Cúirte Dúiche.

(2) Is iad na dúichí a bunaíodh faoi alt 22 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1953 agus Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a bheidh ina ndúichí cúirte dúiche chun críocha na Cúirte Dúiche.

(3) Beidh éifeacht ag na forálacha (a bhaineann le breithiúna den Chúirt Dúiche a shannadh do dhúichí) atá leagtha amach sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

Dlínse na Cúirte Dúiche.

1890, c. 59.

1935, Uimh. 2 .

33. —(1) Dílseofar don Chúirt Dúiche agus aistreofar chuici—

(a) an dlínse uile a bhí, de bhua ailt 77 agus 78 d'Acht 1924, dílsithe don Chúirt Dúiche do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(b) an dlínse uile a bhí, de bhua aon achtacháin a chuirtear chun feidhme le halt 48 den Acht seo, dílsithe don Chúirt Dúiche do láthair nó inoibrithe aici, díreach roimh an dáta feidhme.

(2) (a) San fho-alt seo

ciallaíonn “Acht 1890” an Public Health Acts Amendment Act, 1890, mar a cuireadh chun feidhme é ar Éirinn le fo-alt (9) d'alt 12 den Acht sin agus mar a leasaíodh é le halt 14 d'Acht 1935;

ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht um Hallaí Rinnce Poiblí, 1935.

(b) Beidh éifeacht ag alt 51 (a bhaineann le ceadúnais cheoil agus rince) d'Acht 1890 ionann is dá gcuirfí tagairtí don Chúirt Dúiche in ionad na dtagairtí atá ann do ghiúistisí ceadúnúcháin.

(c) Is é an breitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire sannta don dúiche ina bhfuil an teach, an seomra, an gairdín nó an áit eile a mbeidh an ceadúnas faoi alt 51 d'Acht 1890 á iarraidh ina leith a oibreoidh an dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche leis an bhfo-alt seo.

(d) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (3) d'alt 2 agus ag alt 9 d'Acht 1935 ionann is dá mbeadh ar na tagairtí atá iontu do cheadúnas rince phoiblí tagairtí do cheadúnas faoi mhír 2 d'alt 51 d'Acht 1890.

(3) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche chun caingean mar gheall ar choinneáil éagórach a éisteacht agus a chinneadh (lena n-áirítear dlínse chun ordú a dhéanamh go dtabharfar ar ais na hearraí a éilítear) mura mó ná £50 luach na n-earraí a éilítear.

(4) (a) Beidh dlínse ag an gCúirt Dúiche chun aon chaingean a éisteacht agus a chinneadh a thionscnófar tar éis tosach feidhme an Achta seo agus is caingean a bheidh bunaithe ar chomhaontú díola chreidmheasa (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960) mura mó ná céad punt méid an éilimh.

(b) Ní bhainfidh mír (a) d'alt 53 d'Acht 1936 le caingean—

(i) a mbeidh an cosantóir nó duine de na cosantóirí inti ina ghnáthchónaí, nó aon ghairm, gnó nó slí bheatha ar siúl aige, sa Stát, agus

(ii) a mbaineann mír (a) den fho-alt seo léi.

Dlínse a oibriú de bhun rialacha cúirte (an Chúirt Dúiche).

34. —Déanfar an dlínse a dhílsítear don Chúirt Dúiche nó is inoibrithe aici de bhua an Achta seo a oibriú chomh fhada is a bhaineann le pléadáil, cleachtas agus nós imeachta i gcoitinne, lena n-áirítear dliteanas i leith costas, ar an modh a fhoráiltear le rialacha cúirte arna ndéanamh faoi alt 91 d'Acht 1924, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

Forálacha maidir le hUachtarán na Cúirte Dúiche agus le Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

Cáilíocht le haghaidh ceapachán mar Uachtarán na Cúirte Dúiche agus sannadh.

35. —(1) (a) Beidh breitheamh den Chúirt Dúiche cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Dúiche ar choinníoll, áfach, go mbeidh duine is breitheamh den Chúirt Dúiche do láthair díreach roimh an dáta feidhme cáilithe lena cheapadh mar chéad Uachtarán na Cúirte Dúiche.

(b) Duine a bheidh cáilithe lena cheapadh ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche beidh sé cáilithe lena cheapadh mar Uachtarán na Cúirte Dúiche ach amháin mar chéad Uachtarán na Cúirte sin.

(2) Déanfaidh an Rialtas Uachtarán na Cúirte Dúiche a bhuansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

(3) Mura féidir le hUachtarán na Cúirte Dúiche gníomhú ar feadh tréimhse ar bith, ansin, ar feadh na tréimhse sin, beidh cumhachtaí an Uachtaráin faoin Acht seo ag an mbreitheamh is sinsearaí de na breithiúna a buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath agus oibreoidh seisean na cumhachtaí sin.

Cumhachtaí ginearálta Uachtarán na Cúirte Dúiche.

36. —(1) Chun a áirithiú go ndéanfar gnó na Cúirte Dúiche go tráthúil éifeachtúil i ndúichí éagsúla na cúirte sin, beidh ag Uachtarán na Cúirte Dúiche, agus oibreoidh sé, na cumhachtaí a thugtar dó le fo-ailt (2), (3) agus (4) den alt seo.

(2) (a) Má fheictear d'Uachtarán na Cúirte Dúiche go bhfuil iompar breithimh den Chúirt Dúiche docharach do chomhlíonadh tráthúil éifeachtúil ghnó na Cúirte sin, imscrúdóidh sé an scéal agus féadfaidh sé toradh an imscrúdaithe a thuairisciú don Aire.

(b) I gcúrsa imscrúdaithe faoin bhfo-alt seo, rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis an mbreitheamh a bheidh i gceist.

(3) (a) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche cruinnithe de bhreithiúna na Cúirte Dúiche a chomóradh chun cúrsaí a phlé a bhaineann le comhlíonadh ghnó na Cúirte sin, ar a n-áirítear, go sonrach, cúrsaí ar nós neamhionannais mhíchuí a sheachaint in oibriú dlínse na Cúirte sin ag na breithiúna agus an leibhéal ginearálta fíneálacha agus pionós eile.

(b) Ní chomórfar na cruinnithe sin níos minice ná dhá uair sa bhliain.

(c) Freastalóidh gach breitheamh gach cruinniú den sórt sin mura rud é nach mbeidh sin ar a chumas de dheasca breoiteachta nó ar aon chúis dosheachanta eile agus, mura mbeidh ar chumas breithimh cruinniú den sórt sin a fhreastal, cuirfidh sé an fáth atá leis in iúl don Uachtarán a luaithe is féidir.

(4) Féadfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche, aon uair is cuí leis é, moltaí a thabhairt don Aire maidir leis na nithe seo a leanas:

(a) an líon breithiúna den Chúirt Dúiche a bheidh le sannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath;

(b) na háiteanna chun an Chúirt Dúiche a bheith ar bun in aon cheantar cúirte dúiche nó lena aghaidh; agus

(c) na laethanta agus na huaire chun an Chúirt Dúiche a bheith ar bun in aon cheantar cúirte dúiche nó lena aghaidh ach amháin an ceantar arb é Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath é de thuras na huaire.

Deireadh leis na Ranna de na Breithiúna do Chathair Bhaile Átha Cliath.

37. —Ar an dáta feidhme agus ón dáta feidhme, beidh na trí Ranna de na breithiúna a buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, is iad sin, na Ranna a cumadh le halt 5 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946, arna ndíchur.

Ard-Bhreithiúna Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

38. —(1) Gach duine a ainmníodh faoi fho-alt (1) d'alt 6 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946 chun bheith ina Ard-Bhreitheamh do Roinn de Bhreithiúna Cathrach Bhaile Átha Cliath agus a cheapfar faoi fho-alt (1) d'alt 29 den Acht seo chun bheith ina bhreitheamh den Chúirt Dúiche sealbhóidh sé oifig Ard-Bhreithimh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath (agus déanfaidh an Rialtas an duine sin a bhuansannadh don Dúiche sin) agus sealbhóidh sé an oifig sin fad a bheidh sé i seilbh oifig bhreithimh den Chúirt Dúiche.

(2) Ar dhuine atá i seilbh oifig Ard-Bhreithimh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a scor de bheith i seilbh na hoifige sin, beidh an oifig sin, sa mhéid go raibh sí á sealbhú ag an duine sin, arna díchur.

Líon na mbreithiúna do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

39. —Ar an dáta feidhme, cinnfidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna den Chúirt Dúiche a bheidh le buansannadh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath agus féadfaidh sé ó am go ham, mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, an líon breithiúna a bheidh le sannadh amhlaidh don Dúiche sin a athrú.

Na háiteanna a ndéanfar gnó Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

40. —Ar an dáta feidhme, ceapfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, na háiteanna i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath chun gnó na Cúirte Dúiche sa Dúiche sin a dhéanamh agus féadfaidh sé ó am go ham, mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Uachtarán sin, na háiteanna a bheidh ceaptha amhlaidh a athrú.

An méid lá suite i ngach seachtain do bhreithiúna a shannfar do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

41. —Féadfaidh an tAire ó am go ham, mar is cuí leis, tar éis dó dul i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche, a chinneadh cad é an méid lá gach seachtain a bheidh na breithiúna den Chúirt Dúiche a shannfar do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath le suí de ghnáth sa Dúiche sin chun gnó na Cúirte Dúiche a dhéanamh.

Gnó na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

42. —(1) Déanfaidh Uachtarán na Cúirte Dúiche—

(a) socrú chun gnó na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a roinnt ar na breithiúna éagsúla den Chúirt Dúiche a shannfar don Dúiche sin, agus

(b) an cineál nó na cineálacha gnó a chinneadh a bheidh le déanamh i ngach ceann de na háiteanna éagsúla a cheapfaidh an tAire faoi alt 40 den Acht seo chun gnó na Cúirte Dúiche i nDúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath a dhéanamh agus na laethanta agus na huaire a chinneadh a bheidh an cineál nó na cineálacha sin gnó le déanamh sna háiteanna éagsúla a cheapfar amhlaidh.

(2) Sula ndéanfaidh sé socrú chun aon ghnó a roinnt faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, rachaidh an tUachtarán i gcomhairle le haon Ard-Bhreitheamh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath.

Srian le halt 26 d'Acht 1953.

43. —Sula bhfeidhmeoidh sé an chumhacht a thugtar dó le mír (f) d'fho-alt (1) d'alt 26 d'Acht 1953, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, rachaidh an tAire i gcomhairle le hUachtarán na Cúirte Dúiche.

Comhaltaí ex officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche.

44. —Is iad is comhaltaí ex officio de Choiste Rialacha na Cúirte Dúiche a bunaíodh le halt 71 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, Uachtarán na Cúirte Dúiche (a bheidh ina chathaoirleach ar an gCoiste) agus cibé duine a ainmneoidh an tAire chuige sin de chléirigh chúirte dúiche Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath, agus beidh seisean ina rúnaí don Choiste.