|
|||||
|
| An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH, 1961) | Ar Aghaidh (CUID II Imeachtaí Coiriúla mar gheall ar Leabhal) |
AN tACHT UM CHLÚMHILLEADH, 1961
| [EN] | ||
| [EN] |
CUID I Réamhraiteach agus Ginearálta | |
| [EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht um Chlúmhilleadh, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
| [EN] |
Léiriú i gcoitinne. |
2. —San Acht seo— |
| [EN] | tá le “údarás áitiúil” an bhrí chéanna atá leis san Acht Rialtais Áitiúil, 1941 ; | |
| [EN] | ciallaíonn “páipéar nuachta”, ach amháin in alt 27, aon pháipéar ina mbíonn nuacht phoiblí nó tuairimí ar nuacht phoiblí, nó ar fógraí a bhíonn ann ar fad nó go formhór, agus a chlóbhuailtear lena dhíol agus a fhoilsítear sa Stát nó i dTuaisceart Éireann go tréimhsiúil nó i gcodanna nó in uimhreacha i gceann tréimhsí nach faide ná sé lá is tríocha; | |
| [EN] | ciallaíonn “dílseánach” dilseánach aonair páipéir nuachta ar bith agus ina theannta sin, i gcás dílseánacht roinnte, na daoine atá, mar chomhpháirtithe nó eile, ag ionadú d'aon scair nó leas, nó freagrach in aon scair nó leas, sa pháipéar nuachta amhail idir iad féin agus na daoine atá sa tslí chéanna ag ionadú do na scaireanna nó na leasanna eile ann nó freagrach sna scaireanna nó sna leasanna eile ann, agus ní chiallaíonn sé aon duine eile. | |
| [EN] |
Tosach feidhme agus imeachtaí lena mbainfidh. |
3. —(1) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1962. |
| [EN] | (2) Beidh feidhm ag Cuid III den Acht seo chun críocha aon imeachtaí a thosófar tar éis tosach feidhme an Achta seo, cibé uair a tharla an chúis chaingne, ach ní bhainfidh sé le haon imeachtaí a tosaíodh roimh thosach feidhme an Acht seo. | |
| [EN] |
Aisghairm. |
4. —Aisghairtear leis seo na hachtacháin a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo. |