An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV Díobhalacha Marfacha) Ar Aghaidh (CUID VI Leasú ar an Acht um Aer-Loingseoireacht Agus Aer-Iompar, 1936)

41 1961

AN tACHT UM DHLITEANAS SIBHIALTA, 1961

CUID V

Leasuithe ar na hAchtanna um chúiteamh do lucht oibre, 1934 go 1955

Mínithe (Cuid V). 1934, Uimh. 9 . 1953, Uimh. 25 .

52. —Sa Chuid seo—

ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht um Chúiteamh do Lucht Oibre (Leasú), 1953 ;

tá le “fostóir” agus “oibrí” an bhrí chéanna atá leo sna hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955.

Leasuithe ar alt 60 d'Acht 1934.

53. —(1) San alt seo ciallaíonn “alt 60” alt 60 d'Acht 1934.

(2) Déantar leis seo alt 60 a leasú tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh fho-alt (3)—

“(3A) Más rud é—

(a) laistigh den aimsir a cheaptar leis an Acht seo chun imeachtaí a thionscnamh faoin Acht seo, go dtionscnófar caingean chun damáistí a ghnóthú gan spleáchas leis an Acht seo i leith díobhála nó galair nó báis as a dtiocfaidh éileamh ar chúiteamh faoin Acht seo, agus

(b) go gcinnfear sa chaingean—

(i) go mbeidh damáistí inghnóthaithe gan spleáchas leis an Acht seo faoi réir laghdú mar a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34 den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961 , agus

(ii) go mbeadh an fostóir faoi dhliteanas cúiteamh a íoc faoin Acht seo,

féadfaidh an gearánaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte ina mbeidh an chaingean á triail nó, más cinneadh (ar achomharc ó cheachtar páirtí) ag binse achomhairc a bheidh ann, chun an bhinse achomhairc sin á iarraidh go ndéanfaí an cúiteamh sin a mheasúnú agus a dhámhadh, agus má dhéanann an gearánaí amhlaidh beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(I) rachaidh an chúirt nó an binse achomhairc sin (de réir mar a bheidh) i mbun an cúiteamh sin a mheasúnú, ach féadfaidh an chúirt nó an binse sin an t-iomlán nó aon chuid de na costais a tháinig, de réir bhreithiúnas na cúirte nó an bhinse sin, as an gcaingean a bheith tionscanta ag an ngearánaí in ionad imeachtaí faoin Acht seo a bhaint den chúiteamh sin,

(II) ní ghnóthófar aon damáistí sa chaingean.”

(3) I bhfo-alt (4) d'alt 60, cuirfear “faoi fho-alt (3) nó faoi fho-alt (3A) den alt seo” in ionad “fén bhfo-alt san roimhe seo”.

(4) I bhfo-alt (5) d'alt 60, cuirfear “nó faoi fho-alt (3A)” isteach i ndiaidh “fé fho-alt (3)”.

(5) Leasaítear leis seo alt 60 tríd an bhfo-alt nua seo a leanas a chur isteach ann i ndiaidh fho-alt (5)—

“(5A) Beidh feidhm ag fo-alt (3A) den alt seo maille leis na hoiriúnuithe is gá in aon chás ina mbeidh cúiteamh inghnóthaithe faoi scéim arna deimhniú nó arna déanamh faoin Acht seo, má chuireann an scéim an t-alt seo chun feidhme nó má bhíonn aon fhoráil inti a bheidh cosúil leis an alt seo.”

(6) I bhfo-alt (6) d'alt 60 (is é sin, an fo-alt a cuireadh leis an alt sin le halt 6 d'Acht 1953) forléireofar an tagairt do dhamáistí mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhamáistí faoi réir laghdaithe a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34.

(7) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar leis na fo-ailt roimhe seo den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc ba chúis leis an éileamh roimh dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 61 d'Acht 1934.

54. —(1) I gcás ina mbeidh oibrí nó a ionadaí pearsanta nó a chleithiúnaí nó duine eile tar éis cúiteamh a ghnóthú faoi na hAchtanna um Chúiteamh do Lucht Oibre, 1934 go 1955, nó faoi aon scéim arna deimhniú faoi Acht 1934 i leith díobhála a rinneadh in imthosca a thabharfadh ceart chun damáistí laghdaithe a ghnóthú i leith an chéanna de bhua fho-alt (1) d'alt 34 ó dhuine éigin seachas an fostóir (dá ngairtear an tríú páirtí san fho-alt seo), ní bheidh sa cheart a thugtar le halt 61 d'Acht 1934, don duine lenar íocadh an cúiteamh nó d'aon duine ar iarradh air slánaíocht a íoc faoi alt 19 d'Acht 1934, chun slánaíocht a fháil ón tríú páirtí ach ceart chun slánaíocht a fháil i leith na coda sin amháin den suim a d'íoc an duine sin nó is iníoctha aige amhlaidh a mbeidh idir í agus iomlán na suime a íocadh nó is iníoctha amhlaidh an coibhneas céanna a bheidh idir na damáistí laghdaithe sin agus iomlán na ndamáistí ab inghnóthaithe dá mba nach raibh an t-oibrí faillíoch.

(2) I bhfomhír (ii) de mhír (aa) d'alt 61 d'Acht 1934 (is é sin, an mhír a cuireadh leis an alt sin le halt 7 d'Acht 1953), forléireofar an tagairt do dhamáistí mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhamáistí faoi réir laghdaithe a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 34.

(3) Ní bheidh feidhm ag na leasuithe a dhéantar leis na fo-ailt roimhe seo den alt seo in aon chás inar tharla an tionóisc roimh dháta an Achta seo a rith.