4 1962


Uimhir 4 de 1962.


AN tACHT STROIGHNE (LEASÚ), 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN CUID III DEN ACHT STROIGHNE (LEASÚ), 1938 , A AISGHAIRM. [27 Márta, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS :—

Cuid III den Acht Stroighne (Leasú), 1938 , a aisghairm.

1938, Uimh. 11 .

1. —Aisghairtear leis seo Cuid III den Acht Stroighne (Leasú), 1938 .

Gearrtheideal, comhlua agus tosach feidhme.

2. —(1) Féadfar an tAcht Stroighne (Leasú), 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Stroighne, 1933 go 1962, a ghairm de na hAchtanna Stroighne, 1933 agus 1938, agus den Acht seo le chéile.

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála le hordú.