An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II. Custaim agus mál.) Ar Aghaidh (CUID IV. Dleachtanna stampa.)

15 1962

AN tACHT AIRGEADAIS, 1962

CUID III.

Liúntais Tosaigh, Díolúine ó Cháin, Íocaíochtaí le Comhchuideachtaí, Ús ar Cháin nár Íocadh:cáin ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide.

Leasú ar Chuid V den Acht Airgeadais, 1956 , agus ar Chuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 .

1956, Uimh. 22 .

1960, Uimh. 19 .

1956, Uimh. 47 .

11. —(1) Maidir le caiteachas caipitiúil faoina rachfar laistigh de tréimhse dar tosach an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965, beidh éifeacht ag Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , ionann agus dá gcuirfí “dhá chúigiú” in ionad “an cúigiú” i bhfo-alt (1) d'alt 23 den Acht sin.

(2) Maidir le caiteachas caipitiúil faoina rachfar i rith na tréimhse dar tosach an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1965 (seachas caiteachas caipitiúil lena mbaineann alt 41 den Acht Airgeadais, 1960 ), beidh éifeacht ag Cuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , ionann agus dá gcuirfí “an cúigiú cuid” in ionad “an deichiú cuid” i bhfo-alt (1) d'alt 16 den Acht sin.

Díolúine ó cháin i leith ús ar urrúis áirithe.

1918, c. 40.

12. —(1) Ní bheidh cáin ioncaim, forcháin ná cáin bhrabús corparáide inmhuirir i leith an úis ar urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais lena n-úsáid chun cáin ioncaim, forcháin nó cáin bhrabús corparáide a íoc, agus ní áireofar an t-ús sin nuair a bheifear ag ríomh ioncaim chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

(2) Ní bheidh éifeacht ag alt 159 den Income Tax Act, 1918, maidir le cáin don bhliain 1963-64 nó d'aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.

Iocaíochtaí ó chuideachtaí le comh-chuideachtaí i leith caillteanas.

1946, Uimh. 15 .

1956, Uimh. 22 .

1956, Uimh. 47 .

1957, Uimh. 20 .

1959, Uimh. 18 .

1918, c. 40.

1960, Uimh. 19 .

13. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “tréimhse cuntasaíochta”, maidir le cuideachta, tréimhse a bhfuil cuntais na cuideachta déanta amach ina haghaidh;

ciallaíonn “seach-chuideachta” cuideachta a corpraíodh tráth nach luaithe ná an 14ú lá de Nollaig, 1961, agus nach déanaí ná an 31ú lá de Mhárta, 1965, agus is cuideachta—

(a) (i) a bhfuil teachtadh tairbhiúil ar chuid dá gnáthscairchaipiteal ag gach ceann de dhá chuideachta nó níos mó, agus

(ii) a bhfuil teachtadh tairbhiúil ar nócha a cúig faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ag cuideachtaí, agus

(b) nach dteachtann aon stoc, scair ná urrús a d'eisigh cuideachta a theachtann go tairbhiúil cuid den ghnáth-scairchaipiteal sin;

ciallaíonn “liúntais chaipitiúla” liúntais, seachas liúntais a bhíonn le tabhairt, agus brabúis nó gnóchan á ríomh, faoi Riail 6 de na Rialacha a bhaineann de Cásanna I agus II de Sceideal D, alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1956 , Cuid IV den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 , Cuid V den Acht Airgeadais, 1957 , nó Cuid V nó alt 74 den Acht Airgeadais, 1959 ; ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát agus a sheolann trádáil;

ciallaíonn “íocaíocht easnaimh” íocaíocht le seach-chuideachta ó cheann dá príomh-chuideachtaí faoi chomhaontú a fhorálann go n-iompróidh an phríomh-chuideachta caillteanais nó caillteanas áirithe, nó go mbeidh sí páirteach i gcaillteanais nó i gcaillteanas áirithe, a bhainfidh don tseach-chuideachta i dtrádáil a sheolann sí agus nach íocaíocht a bheadh, ar leith ón alt seo, le cur i gcuntas, agus brabúis nó gnóchan nó caillteanais ceachtar cuideachta á ríomh, nó le háireamh mar ioncam de chuid na seach-chuideachta;

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, maidir le cuideachta, caipiteal eisithe uile (is cuma cad é an t-ainm atá air) na cuideachta, seachas caipiteal a bhfuil ceart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta shocraithe nó ráta a athróidh de réir an ráta cánach ioncaim, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scair de bhrabúis na cuideachta;

ciallaíonn “príomh-chuideachta”, maidir le seach-chuideachta, cuideachta a theachtann go tairbhiúil cuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta sin;

ciallaíonn “trádáil” trádáil a sheoltar go hiomlán nó go páirteach sa Stát.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, más rud é, maidir le seach-chuideachta—

(a) go mbeidh easnamh uirthi i dtrádáil áirithe in aghaidh tréimhse cuntasaíochta, agus

(b) go bhfaighidh sí, maidir leis an trádáil sin, íocaíocht easnaimh in aghaidh na tréimhse sin, is íocaíocht easnaimh a mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir léi,

ansin, le linn ríomh a bheith á dhéanamh, chun críocha cánach ioncaim, ar bhrabúis, ar ghnóchan nó ar chaillteanas na cuideachta agus na príomh-chuideachta óna bhfuarthas an íocaíocht, déileálfar leis an íocaíocht mar fháltas trádála de chuid na seach-chuideachta a bhí infhaighte ag an gcuideachta sin an lá deiridh den tréimhse, agus lamhálfar í mar asbhaint don phríomhchuideachta ionann agus dá mba chaiteachas trádála faoina ndeachthas an lá sin í.

(3) Aon íocaíocht easnaimh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta is íocaíocht easnaimh a bhfuil feidhm maidir léi ag fo-alt (2) den alt seo a bheidh inti más rud é (agus ar an gcuntar sin amháin)—

(a) gach tráth i rith na tréimhse—

(i) gur sheach-chuideachta an chuideachta ab íocaí, agus

(ii) gur phríomh-chuideachta maidir leis an gcuideachta ab íocaí an chuideachta ab íocóir, agus

(b) go ndéanfar an íocaíocht tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na tréimhse.

(4) Má fhaigheann seach-chuideachta íocaíocht easnaimh nó íocaíochtaí easnaimh ó phríomh-chuideachta amháin nó níos mó in aghaidh tréimhse cuntasaíochta agus go mbeidh barrachas ag an íocaíocht nó iomlán na n-íocaíochtaí ar an easnamh ina trádáil iomchuí don tréimhse sin, déanfar neamhshuim den bharrachas chun críocha an ailt seo; agus, i gcás ina mbeidh íocaíochtaí ó níos mó ná príomh-chuideachta amháin i gceist, déileálfar leis na híocaíochtaí mar íocaíochtaí arna laghdú i cibé slí ar a gcomhaontófar idir na cuideachtaí uile lena mbainfidh nó, cheal comhaontú, de réir mar a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

(5) I gcás ina ndéanfar íocaíocht easnaimh le seach-chuideachta in aghaidh níos mó ná aon tréimhse cuntasaíochta amháin de chuid na cuideachta sin nó ina ndéanfar í ag príomh-chuideachta a sheolann níos mó ná trádáil amháin, cinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim an chuid chionroinnte den íocaíocht a bheidh le cur in aghaidh aon tréimhse nó trádála chun críocha an ailt seo.

(6) Chun críocha an ailt seo—

(a) beidh easnamh ar chuideachta i dtrádáil in aghaidh tréimhse cuntasaíochta más rud é (agus ar an gcuntar sin amháin) go mbeidh comhshuim—

(i) aon chaillteanais a bhain don trádáil sa tréimhse (arna ríomh ar an modh céanna a ríomhtar brabúis nó gnóchan faoi na forálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D),

(ii) aon suimeanna is inchurtha i leith tréimhse na liúntas caipitiúla a bheidh le tabhairt agus muirearú á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan na trádála in aghaidh aon bhliain mheasúnachta a bhfuil a hiomlán nó cuid de laistigh den tréimhse, agus

(iii) aon íocaíochtaí lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta (seachas íocaíochtaí lena mbaineann an Riail sin 21 de bhua alt 50 den Acht Airgeadais, 1959 ), is íocaíochtaí a rinneadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála agus nach inasbhainte le linn brabúis nó gnóchan nó caillteanais na trádála a bheith á ríomh,

níos mó ná comhshuim—

(I) aon bhrabús nó gnóchain ón trádáil sa tréimhse (arna ríomh de réir na bhforálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D), agus

(II) aon suimeanna is inchurtha i leith tréimhse cothromaíochta na muirear faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959 , a bheidh le déanamh agus muirearú á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan na trádála in aghaidh aon bhliain mheasúnachta a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh den tréimhse, agus

(b) má bhíonn barrachas den sórt sin ann, glacfar gur cóimhéid an t-easnamh agus an barrachas.

Chun críocha an fho-ailt seo, glacfar gurb é an méid de liúntas nó de mhuirear is inchurtha i leith tréimhse an méid de a bheidh le háireamh agus ríomh á dhéanamh chun críocha cánach brabús corparáide ar bhrabúis na cuideachta in aghaidh na tréimhse sin.

(7) I gcás ina mbeidh, faoi na forálacha roimhe seo den alt seo, íocaíocht easnaimh, nó cuid d'íocaíocht easnaimh, a rinne príomhchuideachta le háireamh mar chaiteachas trádála i dtréimhse chuntasaíochta—

(a) a bhfuil a hiomlán nó cuid di laistigh de bhonn-tréimhsí na cuideachta do níos mó ná bliain mheasúnachta amháin, nó

(b) nach bhfuil a hiomlán ná cuid di laistigh de bhonntréimhse na cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta,

ansin, déanfar cibé coigeartuithe is gá, más gá,

(i) i gcás a thagann faoi mhír (a) den fho-alt seo, ar an measúnacht d'aon bhliain, seachas an chéad bhliain, a luaitear sa mhír sin, nó

(ii) i gcás a thagann faoi mhír (b) den fho-alt seo, ar an measúnacht don chéad bhliain díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó, i gcás inar buanscoireadh den trádáil roimh thosach na bliana sin, don bhliain a chríochnóidh an tréimhse chuntasaíochta sin,

chun a áirithiú, a mhéid is féidir é, go ndéanfar iomlán na suimeanna, arbh iad, ar neamhaird leis an alt seo, na measúnachtaí deiridh ar an gcuideachta iad, a laghdú de mhéid nach mó ná nach lú ná méid na híocaíochta easnaimh.

Chun críocha an fho-ailt seo is í bonn-tréimhse chuideachta do bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar na brabúis nó an gnóchan ina haghaidh a bheidh cáin ioncaim in aghaidh na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist.

(8) Déanfar cibé measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá a dhéanamh in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo; agus má dhéanann íocaíocht easnaimh caillteanas a mbeidh aisíocaíocht cánach faighte ag cuideachta ina leith faoi alt 34 de Income Tax Act, 1918, nó alt 4 den Acht Airgeadais, 1960 , a laghdú nó a mhúchadh, déanfar an méid sin den aisíocaíocht nach ndéanfaí, dá n-áireofaí an íocaíocht easnaimh a ghnóthú, mura mbeidh sé slánaithe i slí eile, ón gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás VI de Sceideal D; agus measfar chun críche na measúnachta sin gurb éard í an íocaíocht easnaimh, nó cuid iomchuí di, ioncam is inmhuirir faoin gCás sin VI in aghaidh na bliana measúnachta dá ndearnadh an aisíocaíocht.

(9) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo maidir le caillteanas a bhain do sheach-chuideachta i gcaitheamh tréimhse cuntasaíochta a thosaigh níos mó ná cúig bliana tar éis an dáta a chéad-thosaigh an chuideachta ag trádáil; agus i gcás, tar éis trádáil a bheith tosaithe nó tionscanta ag seach-chuideachta, go dtiocfaidh go mbeidh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh ag cuideachta eile, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gurb é lá céanna a chéad-thosaigh an chuideachta chéadluaite ag trádáil a chéadthosaigh an chuideachta eile ag trádáil.

(10) I gcás ina ndéileálfar, faoi fhorálacha an ailt seo, le suim mar fháltas trádála nó mar chaiteachas trádála de chuid tréimhse cuntasaíochta chun críocha cánach ioncaim, déileálfar leis sa tslí chéanna chun críocha cánach brabús corparáide.

Us ar cháin ioncaim, ar fhorcháin agus ar cháin bhrabús corparáide nár íocadh.

1958, Uimh. 25 .

14. —(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh ag gabháil le haon cháin a mhuirearófar le haon mheasúnacht i leith cánach ioncaim, forchánach nó cánach brabús corparáide ús de réir leath faoin gcéad in aghaidh gach mí nó cuid de mhí ón dáta a thiocfaidh an cháin chun bheith dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar í.

(2) Ní thosóidh ús ag fás faoin alt seo ó aon dáta roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1963.

(3) I gcás ina n-íocfar aon cháin tráth nach déanaí ná trí mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith dlite agus iníoctha, maithfear an t-ús uirthi faoin alt seo.

(4) Ní bheidh ús iníoctha faoin alt seo ar an gcáin a mhuirearófar le haon mheasúnacht mura rud é nach lú ná punt méid iomlán an úis.

(5) An t-ús a bheidh iníoctha faoin alt seo—

(a) beidh sé iníoctha gan aon asbhaint cánach ioncaim agus ní lámhálfar mar asbhaint é agus aon ioncam, brabúis nó caillteanais á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, agus

(b) measfar gur fiach é atá dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim,

agus, faoi réir fo-alt (6) den alt seo, beidh ag forálacha gach achtacháin a bhaineann le gnóthú aon chánach arna muirearú le measúnacht feidhm maidir le haon mhéid úis is iníoctha ar an gcáin sin a ghnóthú ionann agus dá mba chuid den cháin sin an méid sin úis.

(6) Is imeachtaí a thionscnófar de bhua fo-alt (5) den alt seo—

(a) beidh deimhniú ó bhailitheoir á dheimhniú méid áirithe úis a bheith dlite ón duine, agus iníoctha ag an duine, arbh ina choinne a tionscnaíodh na himeachtaí ina fhianaise, go dtí go suífear a mhalairt, go bhfuil an tsuim sin dlite agus iníoctha, agus

(b) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a dúradh agus a airbheartóidh a bheith arna shíniú ag bailitheoir a thairiscint i bhfianaise gan chruthú agus measfar, go dtí go suífear a mhalairt, é a bheith arna shíniú ag bailitheoir.

San fho-alt seo ciallaíonn “bailitheoir”, i gcás inar cáin ioncaim an cháin a bheidh i gceist, an duine a bheidh údaraithe go cuí chun an cháin a bhailiú nó, i gcás inar forcháin nó cáin bhrabús corparáide an cháin a bheidh i gceist, an tArd-Chuntasóir Ioncaim.

(7) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo—

(i) i gcás ina ndéanfar faoiseamh ó cháin arna mhuirearú le haon mheasúnacht den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt do dhuine ar bith trí aon chuid den cháin sin a ghlanadh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt seo maidir leis an measúnacht, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt seo maidir leis, is gá chun a áirithiú gurb é méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más aon suim é, a bheidh íoctha nó iníoctha faoin alt seo maidir leis an measúnacht an méid iomlán a bheadh inti dá mba nár muirearaíodh riamh an cháin a glanadh, agus

(ii) i gcás ina ndéanfar faoiseamh ó cháin a íocadh in aghaidh aon bhliana measúnachta nó aon tréimhse cuntasaíochta a thabhairt d'aon duine trí aisíocaíocht, beidh teideal aige chun a cheangal go ndéileálfar chun críocha an fho-ailt seo leis an méid a aisíocfar, an fad a rachaidh sé, ionann agus dá mba ghlanadh é ar an gcáin a muirearaíodh air (cibé acu ina aonar é nó i dteannta daoine eile) le haon mheasúnacht in aghaidh na bliana céanna nó na tréimhse céanna, i slí, áfach, nach gcuirfear chun feidhme é maidir le haon mheasúnacht a rinneadh tar éis an faoiseamh a bheith tugtha agus ní chuirfear chun feidhme é maidir le níos mó ná measúnacht amháin ionas go ndéanfar an méid cánach a mhuirearófar leis na measúnacht a laghdú gan é a mhúchadh.

(b) D'ainneoin aon ní atá i mír (a) den fho-alt seo, ní dhéileálfar le haon fhaoiseamh, cibé acu trí ghlanadh nó trí aisíoc, mar fhaoiseamh—

(i) a dhéanann difear do cháin arna muirearú le measúnacht i leith cánach ioncaim mura faoiseamh ó cháin ioncaim é,

(ii) a dhéanann difear do cháin arna muirearú trí mheasúnacht i leith forchánach mura faoiseamh ó fhorcháin é, nó

(iii) a dhéanann difear do cháin arna muirearú trí mheasúnacht i leith cánach brabús corparáide mura faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide é.

(8) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Airgeadais, 1958

(a) trí “íoc na cánach maraon le hús nó dá éagmais a fhorchur de dhliteanas agus an cháin maraon le hús nó dá éagmais a ghnóthú” a chur in ionad na bhfocal atá i mír (a) d'fho-alt (2),

(b) trí “agus, i gcás ina raibh ús faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962 , ag gabháil leis an gcáin a muirearaíodh leis an measúnacht bhunaidh, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht sin, agus déanfar an oiread sin a aisíoc d'aon mhéideanna a íocadh cheana faoin alt sin maidir léi, is gá chun a áirithiú gurb é méid iomlán a bheidh sa tsuim uile, más aon suim é, a bheidh íoctha nó iníoctha faoin alt sin maidir leis an measúnacht an méid iomlán a bheadh ann dá mba nár muirearaíodh riamh an méid a scoirfidh de bheith inghnóthaithe” a chur isteach i ndeireadh fho-alt (3).

(9) Baineann an t-alt seo le measúnachtaí d'ainneoin gur roimh an Acht seo a rith nó in aghaidh blianta measúnachta nó tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh roimh an Acht seo a rith a rinneadh iad.