20 1962


Uimhir 20 de 1962.


AN tACHT UM SHRIANADH ALLMHAIRÍ, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ ALLMHAIRÍ A SHRIANADH. [1 Lúnasa,1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1. —San Acht seo ní fholaíonn “allmhairiú” allmhairiú chun críocha idirthurais agus onnmhairiú dá éis sin agus chun na gcríocha sin amháin.

Srian le hallmhairí.

2. —(1) D'ainneoin aon ní in aon Acht eile, féadfaidh an Rialtas, le hordú, toirmeasc a chur, ach amháin faoi réim agus de réir ceadúnais arna eisiúint ag Aire Stáit a shonrófar le hallmhairiú—

(a) aon earraí a monaraíodh nó a táirgeadh i dtír nó i gcríocha a shonrófar nó a coinsíníodh ó thír nó ó chríocha a shonrófar, nó

(b) earraí de thuairisc a shonrófar a monaraíodh nó a táirgeadh i dtír nó i gcríocha a shonrófar nó a coinsíníodh ó thír nó ó chríocha a shonrófar.

(2) In aon ordú faoin alt seo a bhainfidh le hearraí a monaraíodh nó a táirgeadh i dtír nó i gcríocha a shonrófar, féadfar, más cuí leis an Rialtas é,—

(a) forálacha a chur a gcinnfear dá réir chun críocha an orduithe cé acu a rinneadh nó nach ndearnadh earraí áirithe a mhonarú nó a tháirgeadh sa tír nó sna críocha sin, nó

(b) a údarú don Aire Stáit a shonrófar san ordú na forálacha sin a ordú le rialacháin.

(3) Féadfaidh an Rialtas le hordú aon ordú a rinneadh faoin alt seo (lena n-áirítear an fo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú.

(4) Gach ordú a dhéanfar faoin alt seo nó gach rialachán a dhéanfar faoi aon ordú den sórt sin leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú nó an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe nó an rialacháin, beidh an t-ordú nó an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú nó faoin rialachán.

Ceadúnais.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, dá rogha féin, ceadúnais a eisiúint chun earraí a allmhairiú a mbeidh ordú faoi alt 2 den Acht seo i bhfeidhm maidir leo.

(2) I gcás ina n-eiseoidh an tAire ceadúnas faoin alt seo féadfaidh sé aon choinníollacha is cuí leis a chur ag gabháil leis.

(3) Féadfaidh an tAire aon cheadúnas a eisíodh faoin alt seo a chúlghairm.

(4) Aon duine a dhéanfaidh, d'fhonn ceadúnas faoin alt seo a fháil dó féin nó d'aon duine eile, aon ráiteas nó uiríoll is feasach dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.

(5) Féadfaidh an tAire ionchúiseamh a dhéanamh i leith ciona faoin alt seo.

(6) San alt seo ciallaíonn “an tAire” an tAire Stáit a shonrófar san ordú iomchuí faoi alt 2 den Acht seo.

Caiteachas.

4. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh aon Aire Stáit ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

Gearrtheideal.

5. —Féadfar an tAcht um Shrianadh Allmhairí, 1962 , a ghairm den Acht seo.