Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL.)

22 1962


Uimhir 22 de 1962.


AN tACHT ARM-PHINSEAN, 1962.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA ARM-PHINSEAN, 1923 GO 1961. [4 Lúnasa, 1962.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—

Léiriú.

1927, Uimh. 12 .

1932, Uimh. 24 .

1937, Uimh. 15 .

1941, Uimh. 2 .

1943, Uimh. 14 .

1946, Uimh. 3 .

1953, Uimh. 23 .

1957, Uimh. 19 .

1959, Uimh. 15 .

1960, Uimh. 2 .

1960, Uimh. 39 .

1. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Arm-Phinsean, 1927 ;

ciallaíonn “Acht 1932” an tAcht Arm-Phinsean, 1932 ;

ciallaíonn “Acht 1937” an tAcht Arm-Phinsean, 1937 ;

ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Arm-Phinsean, 1941 ;

ciallaíonn “Acht 1943” an tAcht Arm-Phinsean, 1943 ;

ciallaíonn “Acht 1946” an tAcht Arm-Phinsean, 1946 ;

ciallaíonn “Acht 1953” an tAcht Arm-Phinsean, 1953 ;

ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Arm-Phinsean, 1957 ;

ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Arm-Phinsean, 1959 ;

ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht Arm-Phinsean, 1960 ;

cialaíonn “Acht Uimh. 2 de 1960 ” an tAcht Arm-Phinsean (Uimh. 2), 1960 ;

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1961, ach ní fholaíonn sé an tAcht seo.

(2) Forléireofar an tAcht seo agus na hAchtanna mar aon ní amháin.

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

Teorainneacha ama áirithe a leathnú.

2. —(1) Déanfar gach ceann de na tagairtí atá i bhfo-alt (3) d'alt 39 d'Acht 1953 agus in alt 10 d'Acht 1959 do dháta Acht 1953 a rith a fhorléiriú mar thagairt do dháta an Achta seo a rith.

(2) Déanfar an tagairt atá i bhfo-alt (5) d'alt 29 d'Acht 1960 do dháta an Achta sin a rith a fhorléiriú mar thagairt do dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 7 (1) d'Acht 1941.

3. —(1) Bainfidh fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1941 le hiarratas ar phinsean faoi alt 29 d'Acht 1937, i gcás inar dhuine é an t-iarratasóir a d'iarr agus ar diúltaíodh pinsean a thabhairt dó faoi alt 10 d'Acht 1932 roimh Acht 1937 a rith, amhail is dá mba thagairt do shé mhí is tríocha tar éis Acht 1941 a rith an tagairt do dhá mhí dhéag tar éis an rite sin.

(2) Dá réir sin, aon iarratas den sórt sin a rinneadh tar éis dhá mhí dhéag ó dháta Acht 1941 a rith agus tráth nár dhéanaí ná sé mhí is tríocha tar éis an rite sin, athbhreithreofar é a luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith.

Leasú ar alt 41 (3) (b) d'Acht 1953.

4. —Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 41 d'Acht 1953 trí “nó aisce” a chur isteach i ndiaidh “pinsean seirbhíse, créachta nó míchumais”.

Leathnú ar Chuid II d'Acht 1953.

5. —(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 4 d'Acht 1953, arna leasú le fo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1959, a leasú mar a leanas:

(i) cuirfear “d'aon duine” in ionad “don aon duine amháin sin”, “d'aon deirfiúr” in ionad “don aon deirfiúr amháin sin”, “d'aon deartháir buaneaslán” in ionad “don aon deartháir buan-easlán amháin sin”, “d'aon mhac buan-easlán” in ionad “don mhac buan-easlán amháin sin”, agus “d'aon iníon bhuan-easlán” in ionad “don iníon bhuan-easlán amháin sin”,

(ii) scriosfar “a ordós an tAire” agus “a ordóidh an tAire” mar a bhfuil na focail sin.

(2) Déanfar na tagairtí atá i bhfo-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1953 do dháta an Achta sin a rith a fhorléiriú mar thagairtí do dháta an Achta seo a rith.

Leasú ar alt 12 d'Acht 1941.

6. —I gcás—

(a) inar dhiúltaigh an tAire faoi fho-alt (1) d'alt 12 d'Acht 1941, roimh dháta an Achta seo a rith, d'iarratas,

(b) ina n-iarrfaidh an t-iarratasóir ar an Aire, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an rite sin a dhearbhú gurb é an ceart é a iarratas a athbhreithniú, agus

(c) gur deimhin leis an Aire tar éis an iarraidh sin agus imthoscaí an cháis a bhreithniú gurb é an ceart é an t-iarratas a athbhreithniú agus go gcuirfidh sé sin in iúl don iarratasóir,

ní bheidh feidhm ag mír (c) den fho-alt sin (1) maidir leis an iarratasóir.

Pinsean pósta a dheonú i gcásanna áirithe.

7. —(1) Baineann an t-alt seo le:

(a) pinsean faoi alt 26 d'Acht 1937,

(b) pinsean faoi alt 28 den Acht sin,

(c) pinsean faoi alt 29 den Acht sin,

(d) pinsean faoi alt 6 d'Acht 1941,

(e) pinsean faoi alt 6 d'Acht 1943 is iníoctha le duine ar dhuine é, ar dháta a urscaoilte as na fórsaí, i gcás oifigigh, ba fhear pósta de réir bhrí Rialacháin na bhFórsaí Cosanta a rialaigh pá oifigeach ar an dáta sin agus, i gcás saighdiúra, a bhí ag fáil liúntais phósta mar shaighdiúir pósta,

(f) pinsean faoi alt 12 d'Acht 1946 is iníoctha amhlaidh,

(g) pinsean faoi alt 5 d'Acht Uimh. 2 de 1960 is iníoctha amhlaidh,

(h) pinsean faoi alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 is iníoctha amhlaidh.

(2) Má bhí duine lena mbaineann pinsean faoin alt seo pósta roimh an dáta cinnteach mar a mhínítear sin leis an gcéad fho-alt ina dhiaidh seo agus is fear pósta chun críocha an ailt seo ar dháta an Achta seo a rith beidh sé i dteideal, an fad a leanfaidh sé tar éis an rite sin de bheith ina fhear pósta chun na gcríocha sin, pinsean pósta a íoc leis agus a fháil de réir an ráta iomchuí a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(3) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo den alt seo is é an dáta cinnteach—

(a) i gcás duine atá ag fáil pinsin faoi alt 26 d'Acht 1937 nó faoi alt 6 d'Acht 1941—

(i) má thug sé seirbhís mhíleata roimh an sos, an 5ú lá de Lúnasa, 1953,

(ii) murar thug sé seirbhís den sórt sin, an dáta iomchuí dá bhforáiltear sna hAchtanna a bheadh infheidhme dá mbeadh pinsean créachta nó míchumais iníoctha leis;

(b) i gcás duine atá ag fáil pinsin faoi alt 28 d'Acht 1937—

(i) má thug sé seirbhís mhíleata roimh an sos, an 5ú lá de Lúnasa, 1953,

(ii) murar thug sé seirbhís den sórt sin, dáta a urscaoilte as na fórsaí;

(c) i gcás duine atá ag fáil pinsin faoi alt 29 d'Acht 1937—

(i) má thug sé seirbhís mhíleata roimh an sos, an 5ú lá de Lúnasa, 1953,

(ii) murar thug sé seirbhís den sórt sin, an dáta a luaitear i bhfo-alt (4) d'alt 10 d'Acht 1932 a bhain leis;

(d) i gcás duine atá ag fáil pinsin faoi alt 6 d'Acht 1943, alt 12 d'Acht 1946 nó alt 5 nó alt 7 d'Acht Uimh. 2 de 1960 , dáta a urscaoilte as na fórsaí.

(4) (a) Is fear pósta chun críocha an ailt seo duine ó dháta a phósta go dtí go dtárlóidh cibé teagmhas acu seo a leanas is túisce a tharlóidh agus (ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo) ní hea níos faide ná sin, is é sin le rá, a bhás féin, bás a bhanchéile, neamhniú dleathach an phósta, nó scaoileadh dleathach an phósta.

(b) Aon duine d'fhónaigh sna fórsaí is féar pósta é chun críocha an ailt seo an fad a mhairfidh sé tar éis bás a bhanchéile nó neamhniú dleathach nó scaoileadh dleathach a phósta agus a bheidh leanbh leis ar marthain is mac faoi ocht mbliana déag d'aois nó iníon faoi bhliain is fiche d'aois i gcás duine arbh oifigeach é díreach roimh é a urscaoileadh as na fórsaí nó, i gcás duine arbh shaighdiúir é díreach roimhe a urscaoileadh as na fórsaí, is mac faoi shé bliana déag d'aois nó iníon faoi ocht mbliana déag d'aois.

(c) Aon duine dár deonaíodh pinsean míchumais faoi Acht 1927 seachas duine lena mbaineann an mhír sin roimhe seo is fear pósta é chun críocha an ailt seo an fad a mhairfidh sé tar éis bás a bhanchéile nó neamhniú dleathach nó scaoileadh dleathach a phósta agus a bheidh leanaí aige agus ar mac faoi ocht mbliana déag d'aois é nó iníon faoi bhliain is fiche d'aois, nó, i gcás aon duine den sórt sin ar de réir an ráta arb iomchuí do shaighdiúir a bhí a phinsean míchumais a dúradh iníoctha, ar mac faoi shé bliana déag d'aois é nó iníon faoi ocht mbliana déag d'aois.

(d) Aon duine seachas duine lena mbaineann mír (b) nó mír (c) den fho-alt seo is fear pósta é chun críocha an ailt seo an fad a mhairfidh sé tar éis bás a bhanchéile nó neamhniú dleathach nó scaoileadh dleathach a phósta agus a bheidh leanbh leis ar marthain a bheidh faoi ocht mbliana déag d'aois, más mac é, nó faoi bhliain is fiche d'aois agus gan phósadh más iníon í.

(5) I gcás—

(a) ina ndeonófar pinsean pósta faoin alt seo do dhuine a mbeidh pinsean lena mbaineann an t-alt seo iníoctha leis, agus

(b) go bhfaighidh an duine sin bás agus gur míchumas ar dá bharr a deonaíodh na pinsin sin is cúis bháis dó,

féadfaidh an tAire na liúntais agus na haiscí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dheonú do bhaintreach agus do leanaí an duine sin.

(6) I gcás—

(a) duine d'fháil bháis roimh an Acht seo a rith agus pinsean lena mbaineann an t-alt seo á fháil aige,

(b) gur míchumas ar dá bharr a bhí an pinsean sin iníoctha ba chúis lena bhás, agus

(c) dá mba rud é go mbeadh an tAcht seo rite roimh a bhás agus nach bhfuair sé bás, go mbeadh sé i dteideal pinsean pósta faoin alt seo,

féadfaidh an tAire na liúntais agus na haiscí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a dheonú do bhaintreach agus do leanaí an duine sin.

(7) Gach iarratas ar phinsean faoin alt seo is i cibé foirm a bheidh sé agus beidh cibé sonraí ann a cheanglóidh an tAire agus déanfar é—

(a) i gcás iarratas ar phinsean faoi fho-alt (2) nó faoi fo-alt (6) den alt seo, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an tAcht seo a rith, agus

(b) i gcás iarratas faoi fho-alt (5) den alt seo, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis an bháis.

Leasú ar an Tríú Sceideal a ghabhann le Acht 1957.

8. —Déantar leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1957 a leasú mar a leanas:

(a) i bhfomhír (1) de mhír (1) scriosfar “fo-mhíre (1) de mhír 1 den” agus cuirfear “an” ina ionad agus cuirfear “faoin Tríú Sceideal sin” in ionad “faoi fho-mhír (1) den mhír sin 1”,

(b) i bhfomhír (2) de mhír 1 scriosfar “fo-mhíre (2) de mhír 1 den” agus cuirfear “an” ina ionad agus cuirfear “faoin Tríú Sceideal sin” in ionad “faoi fho-mhír (2) den mhír sin 1”.

Tosach pinsin nó liúntais.

9. —Aon phinsean nó liúntas a dheonófar de bhua an Achta seo beidh sé, d'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, iníoctha amhail ó cibé dáta nach luaithe ná dáta an Achta seo a rith a chinnfidh an tAire.

Aisghairm.

10. —Aisghairtear leis seo fo-alt (2) d'alt 4 agus alt 5 d'Acht 1953.

Gearrtheideal agus comhlus.

11. —(1) Féadfar an tAcht Arm-Phinsean, 1962 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1962, a ghairm de na hAchtanna agus den Acht seo le céile.