An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID II Eolas Oifigiúil) Ar Aghaidh (CUID IV Imeachtaí dlíthiúla agus forálacha forlíontacha)

1 1963

AN tACHT UM RÚIN OIFIGIÚLA, 1963

CUID III

Eolas a pháirtiú chun dochair do shlánd áil nó caomhnú an Stáit

Gníomhartha a bheadh dochrach do shlándáil nó caomhnú an Stáit.

9. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith, ar dhóigh ar bith ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit, aon ní acu seo a leanas—

(a) ní bhfaighidh sé, ní thaifeadfaidh sé, ní pháirteoidh sé le haon duine eile ná ní fhoilseoidh sé, ná

(b) ní bheidh ina sheilbh ná faoina urláimh aige aon doiciméad ina mbeidh, ná taifead ar bith eile ar a mbeidh,

eolas mar gheall ar—

(i) uimhir, tuairisc, armáil, trealamh, cóiriú, gluaiseacht nó staid aon choda de na Fórsaí Cosanta nó aon cheann de na hárthaí nó de na haerárthaí a bhaineann leis an Stát,

(ii) aon oibríochtaí nó oibríochtaí beartaithe ag aon chuid de na Fórsaí Cosanta nó ag an nGarda Síochána nó ag aon cheann de na hárthaí nó de na haerárthaí a bhaineann leis an Stát,

(iii) aon bhearta chun aon áit a chosaint nó a dhaingniú thar ceann an Stáit,

(iv) lón cogaidh, nó

(v) ní ar bith eile a mbeadh, nó a bhféadfadh sé go mbeadh, eolas ina thaobh dochrach do shlándáil nó caomhnú an Stáit.

(2) I gcás duine a chúiseamh i sárú ar an alt seo, is cosaint mhaith é a chruthú go raibh an gníomh ar ina leith a chúisítear é údaraithe ag Aire nó ag duine éigin a bhí údaraithe chuige sin ag Aire, nó gur i gcúrsa agus de réir a dhualgas mar shealbhóir oifige poiblí a rinneadh é.

Páirtiúchán le gníomhairí coigríche nó le comhaltaí d'eagraíochtaí neamhdhleathacha.

1939, Uimh. 13 .

10. —(1) I gcás duine a chúiseamh i sárú ar alt 9, más rud é go ndearna sé páirtiúchán nó gur fhéach sé le páirtiúchán a dhéanamh (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) le gníomhaire coigríche nó le comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach, is fianaise é sin go ndearnadh an gníomh a gcúisíteal é ina leith ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit.

(2) Mura gcruthaí sé a mhalairt, measfar páirtiúchán a bheith déanta ag duine le gníomhaire coigríche nó le comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach más rud é (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) gur thug sé cuairt ar sheoladh gníomhaire choigríche nó comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach nó go ndearna sé cuideachtanas nó comhluadar leis an ngníomhaire sin nó leis an gcomhalta sin, nó más rud é (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) go bhfuarthas ina sheilbh, nó gur thug sé d'aon duine eile nó go bhfuair sé ó aon duine eile, ainm nó seoladh, nó aon eolas eile i dtaobh, gníomhaire choigríche nó comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach.

(3) Aon seoladh (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) a bhfuil amhras réasúnach ann gur seoladh é a úsáidtear chun páirtiúcháin a ghlacadh a bheidh ceaptha do ghníomhaire coigríche nó do chomhalta d'eagraíocht neamhdhleathach, nó aon seoladh ag a bhfuil cónaí ar dhuine den sórt sin, nó a thaithíonn sé chun páirtiúcháin a thabhairt nó a ghlacadh, nó a bhfuil gnó ar siúl aige ann, measfar gurb é seoladh gníomhaire choigríche nó comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach é agus gur páirtiúcháin le gníomhaire coigríche nó le comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach páirtiúcháin a sheoltar chuig an seoladh sin.

(4) San alt seo—

folaíonn “gníomhaire coigríche” aon duine atá nó a bhí, nó a bhfuil amhras réasúnach ann go bhfuil nó go raibh sé, ar fostú ag cumhacht choigríche go díreach nó go neamhdhíreach chun gníomh a dhéanamh (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit, nó a rinne nó a bhfuil amhras réasúnach ann go ndearna sé (cibé acu laistigh nó lasmuigh den Stát é) aon ghníomh den sórt sin nó iarracht ar é a dhéanamh ;

ciallaíonn “comhalta d'eagraíocht neamhdhleathach” aon duine atá nó a bhí, nó a bhfuil amhras réasúnach ann go bhfuil nó go raibh sé, ina chomhalta de chógléasadh neamhdhleathach de réir bhrí agus chun críocha an Achta um Chiontaí in Aghaidh an Stáit, 1939 .

Ciontóirí a thearmannú agus gan cionta a chur in iúl.

11. —(1) Ní dhéanfaidh duine ar bith go feasach aon duine a thearmannú arb eol dó, nó a bhfuil cúis réasúnach aige lena cheapadh, go bhfuil sárú ar alt 7 déanta nó ar tí a dhéanta aige.

(2) Aon duine a dtiocfaidh sé i bhfios dó go bhfuiltear tar éis, nó ar tí, alt 9 a shárú, tabharfaidh sé láithreach do chomhalta den Gharda Síochána nó de na Fórsaí Cosanta aon eolas ina thaobh atá ar a chumas a thabhairt.

Imeachtaí in camera.

12. —Más rud é, i gcúrsa imeachtaí, lena n-áirítear imeachtaí ar achomharc, i leith ciona faoi alt 9 nó i leith ciona faoi Chuid II a rinneadh ar dhóigh ba dhochar do shlándáil nó caomhnú an Stáit, go ndéanfaidh an t-ionchúisitheoir iarratas, ar an bhforas gur dhochar é do shlándáil nó caomhnú an Stáit aon fhianaise nó ráiteas a bheadh le tabhairt nó le déanamh i rith aon choda den éisteacht a fhoilsiú, á iarraidh gur in camera a dhéanfaí an chuid sin den éisteacht, déanfaidh an chúirt ordú chuige sin, ach fógrófar go poiblí an fíorasc agus an phianbhreith (má ghearrtar sin).